Bíonn vótóirí na hÉireann dian ar mhionpháirtithe (féach ‘Stair Léanmhar Comhrialtais’ thíos), ródhian, b’fhéidir.
Níl páirtí sa tír a chaith tréimhse i mbun rialtais nár chlis orthu gealluintí a thugadar sarar toghadh iad a chomhlíonadh. Ach ar chúiseanna éagsúla, is géire an pionós a ghearrtar ar mhionpháirtithe.
An chúis is soiléire: is fearr a bheith mór ná beag má chuireann páirtí olc ar an bpobal. Thug na vótóirí léasadh d’Fhianna Fáil i 2011, ach d’fhágadar scór suíochán acu sa Dáil nua.
Más páirtí beag a spreagann an fhearg, is mó an baol marfach. Tá an t-ádh ar an Lucht Oibre gur idir eatarthu atá siad, gan a bheith mór ná beag. Fiú mura dtagann maolú ar chantal na vótóirí san idirlinn, ba chóir go mbeadh ar a laghad idir cúigear agus deichniúr Teachtaí Dála fós ag an bpairtí tar eis an olltoghcháin.
Ní féidir leo smál gach áibhéil ó 2011 a ghlanadh, mar shampla, fógra bladhmannach Éamonn Gilmore: “It’s Labour’s way or Frankfurt’s way’.
Íocfaidh an páirtí praghas dosheachanta freisin mar gheall ar tháillí uisce a leathgheall siad nach gcuirfidís i bhfeidhm. Ní féidir an fhadhb a réiteach ná an chúis achrainn a leigheas idir seo agus an toghchán.
Ach níl aon cheal dóchais ar bhaill an phairtí atá tagtha le chéile i gCill Airne ar feadh na deireadh seachtaine. Ní féidir fás ná forbairt eacnamaíochta na tíre a shéanadh. Beidh deiseanna ag an bpáirtí a dtuairimí neamhspleácha a léiriú, maidir leis na beartais a theastaíonn, mar shampla, sa cháinaisneis. Agus beidh a fhios ag vótóirí Fhine Gael san olltoghchán go mbeidh aistriúcháin don Lucht Oibre riachtanach chun cabhrú lena bpáirtí féin.
Is léir an chontúirt, mar a d’admhaigh an t-aire stáit Aodhán Ó Ríordáin ar RTÉ Dé hAoine. Thagair sé do na roghanna crua a rinne an rialtas, agus a sheachain páirtithe an fhreasúra. Tá ciorruithe sa tseirbhís sláinte cáinte ag Sinn Féin, a dúirt sé, ach níl plean inchreidte airgeadais molta acu chun íoc as feabhsaithe.
“The whole point of politics is to put your country first, before your party,” a dúirt Aodhán Ó Ríordáin le Seán O’Rourke.
Faraor, níor shlánaigh íobairt pholaitiúil, ná féinmheas polaiteoirí, ná buíochas vótóirí, pairtí ar bith riamh.
STAIR LÉANMHAR COMHRIALTAIS
I bhfianaise ar tharla do pháirtithe beaga a chaith tréimhsí i mbun comhrialtais, níl ach dhá ábhar dóchais le fáil ag an Lucht Oibre ón stair – agus ní mór iad.
Chaill gach mionphairtí a bhí páirteach i gcomhrialtas suíocháin Dála san olltoghchán tar éis seal a chaitheamh i mbun rialtais, taobh amuigh d’eisceacht amháin.
Mar is léir ón gcuntas thíos, tháinig méadú tar éis tréimhsí comhrialtais ar bhallraíocht páirtí amháin, i 1992 agus arís i 2002.
Ach cuimhnigh (1) gur fhág an Páirtí Daonlathach comhrialtas le Fianna Fáil mar gheall ar easaontas i 1992, agus gur i dtreise a chuaigh meas an phobail ar an bpáirtí dá bharr (2) go raibh an geilleagar faoi bhláth i 2002.
Lucht Oibre i gcomhrialtas
1948-51 19 suíochán Dála i dtosach, 16 faoi dheireadh.
1954-57 19 suíochán i dtosach, 12 faoi dheireadh.
1973-77 19 suíochán i dtosach, 17 faoi dheireadh.
1982-87 16 suíocháni dtosach , 12 faoi dheireadh.
1992-97 33 suíochán, 17 faoi dheireadh.
2011- 37 suíochán Dála i dtosach.
Clann na Talún i gcomhrialtas
1948-51 seacht suíochán Dála i dtosach, sé cinn faoi dheireadh .
1954-57 cúig shuíochan, trí cinn faoi dheireadh.
An Páirtí Daonlathach i gcomhrialtas
1989-92 sé shuíochán Dála i dtosach, deich gcinn faoi dheireadh.
1997-2007 cheithre shuíochán i dtosach; in olltoghchán 2002 bhuaigh an páirtí ocht gcinn; in olltoghchán 2007 níor bhuaigh siad ach péire.
An Comhaontas Glas
2007-11 cúig shuíochán Dála i dtosach, i 2011 chaill an páirtí gach ceann.
Mise Áine
Tír roimh pháirtí? Hmmm….