‘Far west from Galway town’ – an bhearna idir Ráth Mhuirisín agus Casla ag méadú

Taispeánann cáipéis de chuid Comhairle Chontae na Gaillimhe go mbreathnaítear fós ar Chonamara mar áit atá ‘far west from Galway town’

‘Far west from Galway town’ – an bhearna idir Ráth Mhuirisín agus Casla ag méadú

Dhá phictiúr ar chlúdach na cáipéise. Tá an scéal uilig ansin. Ní dóigh go raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarradh an scéal a léiriú ar an gcaoi sin. Ach tá an fhírinne léirithe go soiléir sna pictiúir.

Clár Bóithre 2017 – Roads Programme 2017 an teideal atá ar an gcáipéis seo. Bíonn eagrán nua di ar fáil chuile bhliain. Seo é bíobla na mbóithre ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Ar thaobh na láimhe clé in íochtar tá pictiúir de bhóithre nua ag dul anonn agus anall, aneas agus aduaidh agus ciorcal mór nua de bhóthair istigh sa lár. An teideal atá air: ‘Rathmorrisey Junction’. Ar thaobh na láimhe deise tá cúpla leoraí agus iad ag cur cóta beag gainimh agus tarra ar bhóthar tuaithe. An teideal atá air seo: ‘Surface Dressing Casla’.

Ar eagla na míthuisceana, is é an Rathmorrisey Junction, nó Acomhal Ráth Mhuirisín, an áit a dtagann an mótarbhealach as Gaillimh i dtreo Bhéal Átha na Sluaighe agus an bóthar mór nua as Gort go Tuaim le chéile. Saothar suntasach pleanála agus innealtóireachta atá ann gar do Bhaile Átha an Rí. 

Osclaíodh an bóthar nua as Gort go Tuaim in oirthear na Gaillimhe go hoifigiúil an tseachtain seo caite, €550 milliún a caitheadh air. Caitheadh an oiread céanna ar an gcuid de mhótarbhealach an M4 as Béal Átha na Sluaighe go Gaillimh. Fágann sin go bhfuil os cionn billiún euro caite ar bhóithre móra nua den scoth in oirthear na Gaillimhe le beagán blianta. Bóithre iad seo a bhfuil an teideal ‘náisiúnta’ orthu. Go deimhin, rinneadh forbairt ar na mótarbhealaí i leaba na mbóithre náisiúnta a bhí sa taobh sin tíre cheana féin, agus beart maith a bhí ann ó thaobh sábháilteacht agus éascaíocht taistil an phobail.

Bóthar náisiúnta amháin atá in iarthar chontae na Gaillimhe agus sin é an N59 as Gaillimh siar go dtí an Clochán agus amach go dtí an Líonán. Bóthar náisiúnta den dara grád atá ann. Cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an N59 i ‘leabhar an dá phictiúr’?

€3 milliún atá tugtha síos dó i mbliana. 

Ar cheannach talún a bhaineann le plean an chuarbhóthair i Maigh Cuilinn atá an chuid is mó de sin le caitheamh, sin €2.4 milliún. Tá €150,000 eile le caitheamh ar chríochnú an phíosa nua bóthair atá réitithe ar imeall thoir Mhaigh Cuilinn. Seo linn anoir anois go dtí an chuid den N59 atá i gConamara. €800,000 a ceadaíodh idir Uachtar Ard agus an Clochán de réir na tuarascála i ‘leabhar an dá phictiúir’ in 2017 agus tá cuid mhór de sin le caitheamh ar cheannach talún ar thaobh an bhóthair idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard. An rud is aistí ar fad faoi sin ná nach bhfuil cinnteacht ar bith ann go dteastóidh an talamh sin ón gComhairle Contae go brách. 

Fuaireadar seilbh dhleathach air nuair a cheadaigh an Bord Pleanála bóthar as an nua, cuid mhaith, ar an stráice 15 ciliméadar atá i gceist ansin. Ach, tá an plean sin buailte ar an mullach mar nach bhfuil Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag aontú leis. Is deacair a rá an ndéanfar tada leis an stráice bóthair sin go deo seachas gaineamh agus tarra a chur ar an dromchla. Beidh an talamh ag an gComhairle Contae ar chuma ar bith! Sin é an t-airgead anois don N59 in iarthar na Gaillimhe i mbliana.

Mar sin a bhí an scéal le fada an lá. 

Bhíodh blianta ann nuair nach mbíodh ach idir 2% agus 5% d’airgead na mBóithre Náisiúnta do chontae na Gaillimhe á chaitheamh in iarthar an chontae. Tá sin le feiceáil go soiléir ag duine ar bith atá ag iarraidh a dhul siar ar ‘leabhar an dá phictiúr’.

Is iontach an buntáiste don phobal in oirthear an chontae iad na bóithre nua seo agus a chonách sin ar mhuintir an Eachréidh. Tá buntáiste iontu freisin do dhaoine as iarthar an chontae a bhíonn ag taisteal soir faoin tír. Ar ndóigh, tá an chaint ann anois go bhfuil an dá bhóthar mór taobh thoir ag tabhairt na tráchta uilig isteach sa mhullach ar spota beag amháin in oirthuaisceart chathair na Gaillimhe. Tá sin amhlaidh agus beidh sé amhlaidh nó go mbeidh cuarbhóthar ann.

Glactar leis go forleathan go mbeadh an cuarbhóthar tógtha anois timpeall na cathrach murach na hagóidí agus an próiseas dlí san Eoraip. Ach, b’fhéidir go ligtear i ndearmad gur chaith Comhairle Cathrach na Gaillimhe vóta ar pholasaí agus ar phlean an chuarbhóthair scaitheamh maith blianta ó shin agus nach raibh ach vóta amháin le spáráil ag na Comhairleoirí Cathrach a bhí ar a shon. Ní raibh an brú chomh mór ar an gcathair an uair sin agus bhí Conamara mar a deirtear san amhrán, The Connemara Rose, ‘far west from Galway town’.

Taispeánann ‘leabhar an dá phictiúr’ gur amhlaidh atá i gcónaí. Is é an chaoi a bhfuil an bhearna idir Ráth Mhuirisín agus Casla ag méadú i gcónaí.

Fág freagra ar '‘Far west from Galway town’ – an bhearna idir Ráth Mhuirisín agus Casla ag méadú'