Faoiseamh faoi dheireadh in Ard Eoin agus deireadh le Campa Twaddell

Is mór an faoiseamh do mhuintir Ard Eoin go bhfuil Campa Twaddell le baint anuas ach tá imní anois faoi agóidí easaontóirí

Faoiseamh faoi dheireadh in Ard Eoin agus deireadh le Campa Twaddell

Póilíneacht ar chostas breis is £20 milliún, na scórtha agus taifid choiriúla acu, deiseanna ionsaithe ar an PSNI bronnta ar easaontóirí poblachtach, titim thubaisteach ar ghnó i siopaí agus drochbhail ar chaidreamh trasphobail. Níl ansin ach cuid den trioblóid a bhain le ‘campa agóide’ Twaddell a bunaíodh nuair a cuireadh bac ar pharáid oráisteach in Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste in Iúil 2013.

Ceadaíodh an pharáid ar maidin ar an dara lá déag d’Iúil, ach bhí toirmeasc ar an máirseáil chonspóideach abhaile um thráthnóna. Bhí an lucht agóide ina gcampa in Ascal Twaddell ag an gcrosaire le hArd Eoin suite de nach mbogfaidís go gceadófaí an pharáid ‘abhaile’.

Tar éis trí bliana thángthas ar fhuascailt na sáinne. ’Sé deireadh na seachtaine seo uair na cinniúna. Deis is ea é chun clabhsúr a chur le haighneas na mblianta, a deir Coimisiún na bParáidí.

Ba mhór an faoiseamh é do dhaoine ar an dá thaobh nuair a fógraíodh go raibh réiteach déanta idir cumann áitritheoirí náisiúnacha agus an tOrd Oráisteach. De réir an mhargaidh a rinneadh le cabhair eadránaithe.

Mar chuid den socrú, ceadaíodh do thrí lóiste oráisteach máirseáil thar Ard Eoin ag 8.30 ar maidin Dé Sathairn (seo an ‘filleadh abhaile’ mar chríoch le paráid 2013). Lena chois sin, ní dhéanfaidh cumann áitritheoirí léirsiú feasta in aghaidh máirseálacha ar maidin ar an gcoinníoll nach mbeidh na horáistigh ag iarraidh máirseáil thar Ard Eoin sa tráthnóna arís go dtí go mbeidh réiteach logánta acu.

Agus an chuid is tábhachtaí den socrú ná gur gealladh go scorfaí an campa agóide díreach i ndiaidh na máirseála Dé Sathairn.

B’iad an tUrramach Harold Good, a bhí ina fhinné ar dhíchoimisiúnú an IRA agus Jim Roddy, fear gnó as Doire, na headránaithe a thug oráistigh agus CARA, cumann áitritheoirí Bhóthar Chroimlinne agus Ard Eoin le chéile.

Ba í an fhoirmle réitigh a aontaíodh sa deireadh an ceann céanna a bhí faoi chaibidil go minic cheana. Ón uair go raibh socrú logánta déanta, agus mar a éilíonn Coimisiún na bParáidí, ceadaíodh an mháirseáil maidin De Sathairn.

Chuir bunáite na ndaoine idir náisiúnaithe agus dhílseoirí fáilte roimh an réiteach.

‘Tromluí’ a thug fear in Ard Eoin agus bean dhílseach ar an taobh eile den bhóthar, araon, ar a raibh fulaingthe ag muintir na háite le trí bliana anuas. “Tá súil agam nuair a éireoidh mé maidin Dé Domhnaigh go mbeidh campa Twaddell bainte anuas,” arsa an fear. Ba é an port céanna é ag an mbean ‘ón taobh eile’. “Táim ag súil le saol níos ciúine, deireadh leis an achrann agus an réabadh, deireadh leis an dianslándáil a bhí riachtanach fad a bhí an campa anseo” ar sí.

Ní raibh gach duine ar aon intinn, áfach. Tá dhá chumann áitritheoirí in Ard Eoin, CARA a bhí páirteach sna cainteanna agus GARC nach raibh. Easaontóirí poblachtánacha is mó atá i mbun GARC agus cháin siad an socrú réitigh a rá gur margadh idir Sinn Féin agus an UVF a bhí ann.

Mhaígh siad nár tugadh deis dóibhsean na téarmaí réitigh ná téarmaí tagartha na gcainteanna a scrúdú ná a phlé. Dúirt CARA gur cuireadh an t-eolas ar fad ar fáil ag cruinnithe poiblí sa cheantar agus go raibh daoine a bhfuil luí acu le GARC i láthair.

Mheas roinnt gur thrua nár tugadh cuireadh chun na cainteanna do GARC ach ó tharla go bhfuil an cumann sin dubh dóite roimh pharáid oráisteach de chineál ar bith ag am ar bith, seans nárbh fhiú cuireadh chun pléite a thabhairt dóibh.

Níor thúisce an margadh déanta ná d’fhógair GARC paráid in Ard Eoin oíche Dé hAoine agus agóid in aghaidh na nOráisteach maidin Dé Sathairn. Cheadaigh Coimisiún na bParáidí an dá imeacht ach chuir siad srianta orthu.

Chothaigh an plean imní i measc na n-áitritheoirí ar dhá thaobh an bhóthair. “Tá faitíos m’anama orm go gcuirfidh GARC an lasair sa bharrach agus go dtitfidh an margadh as a chéile,” a dúirt bean in Ard Eoin. Bhí daoine eile ar aon intinn léi, ach a bhformhór diongbháilte nach ligfí d’aon duine an deis iontach seo a scrios.

Mhol na polaiteoirí i Stormont an margadh ach is iomaí duine a mhol do na polaiteoirí sampla na ndaoine a rinne an margadh a leanacht. Naoi mbliana tar éis dóibh a dhul i gcumhacht agus ocht mbliana déag tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta níl socrú polaitiúil déanta faoi bhratacha, paráidí, íobartaigh ná oidhreacht na dTrioblóidí.

Más mall an socrú faoi Twaddell is mithid.

Is moille fós fuascailt i Stormont ar sheanfhadhbanna agus é thar am gnímh.

Fág freagra ar 'Faoiseamh faoi dheireadh in Ard Eoin agus deireadh le Campa Twaddell'

  • Aonghus Ó Concheanainn

    Ba cheart glacadh leis an réiteach seo ach ar choinníoll go ligfidh do náisiúnaigh comóradh a dhéanamh ar éirí amach 1640, agus agus an sléacht a rinneadh ar phrosatúnaigh, le paráid síos Bóthar na Seanchille! B’Fhéidir ansin go dtuigfeadh an tOrd Oráisteach an cos ar bolg atá á imirt acu ar náisiúnaigh lena máirseálacha caithréimeacha. An dtarlaíonn sé seo in aon tír eile ar domhan?