Faoiseamh cánach molta chun leanaí faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta a chur chun na Gaeltachta

€190,000 a chosnódh an plean atá á bheartú ag Sinn Féin faoiseamh airgid a thabhairt do thuismitheoirí a chuireann scoláirí chuig coláistí samhraidh

Faoiseamh cánach molta chun leanaí faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta a chur chun na Gaeltachta

Chosnódh an plean atá á bheartú ag Sinn Féin le gasúir a bhíonn faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta a chur chun na Gaeltachta ar scoláireachtaí €190,000, de réir eolais atá curtha ar fáil ag an Roinn Airgeadais.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin Peadar Tóibín le Tuairisc.ie go bhfuil a bpolasaí Gaeilge á athbhreithniú ag Sinn Féin i láthair na huaire agus go bhfuil spéis ag an bpáirtí ‘sparánacht Ghaeltachta’, cosúil leis an scéim ‘Líofa’ ó thuaidh, a thabhairt isteach do 1,000 gasúr atá faoi bhuntáiste eacnamaíochta .

Thug Sinn Féin le fios ina bhforógra olltoghcháin an bhliain seo caite go dtabharfaidís faoiseamh airgid do thuismitheoirí a chuireann scoláirí chuig coláistí samhraidh.

Gheall an páirtí go gcuirfí creidmheas cánach arbh fhiú €190 é ar fáil do thuismitheoirí a chuirfeadh a ngasúir ar chúrsa Gaeltachta.  Sa chás nach mbeadh na tuismitheoirí ag obair, d’íocfaí 20% den chostas ar tháillí suas go €950.

Dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan sa Dáil go gcosnódh a leithéid de scéim €190,000 ar an Státchiste dá mbeadh 1,000 gasúr i gceist.

“This estimate assumes that all of the qualifying taxpayers pay €950 each per child and that they would have sufficient income to use the credit to the maximum extent,” a dúirt sé.

Dúirt Tóibín le Tuairisc.ie gur lorgaíodh na figiúirí chun go mbeadh polasaí Gaeilge a pháirtí “cruinn”.

“Ní hé sin le rá go nglacfaidh an páirtí leis an bpolasaí seo nuair a chuirfear os comhair na mball eile, ach tá m’oifigse ag obair ag iarraidh go mbeidh na figiúirí cothrom le dáta againn don pholasaí Gaeilge,” a dúirt Tóibín.

Ní faoiseamh cánach atá i gceist leis an scéim ‘Líofa’ ó thuaidh ach scéim deontais a thugann deis do 100 duine freastal ar ranganna Gaeilge samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Fág freagra ar 'Faoiseamh cánach molta chun leanaí faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta a chur chun na Gaeltachta'

  • Mánus

    Is deacair daoine le Gaeilge atá sásta í a labhairt leat sna “Gaeltachtaí” catagóir C s B a aimsiú.
    Cén mhaith cúrsaí a reachtáil i gceantracha ina bhfuil an Béarla in uachtar beagnach go hiomlán?