Fanacht trí seachtaine ar mhuintir Chonaire sula mbeidh toradh Cróinéara ann

Shocraigh Cróinéir chathair Bhaile Átha Cliath, an Dr Brian Farrell, go mbeadh air tuilleadh staidéir a dhéanamh ar chuid den fhianaise a cuireadh faoi bhráid an Choiste Cróinéara sula dtabharfadh sé a bhreithiúnas

Screen Shot 2015-09-23 at 11.04.27

Beidh ar mhuintir Chonaire as Gabhla i bpobal Charna i gConamara fanacht beagnach trí seachtaine eile sula dtabharfar toradh ar an gCoiste Cróinéara a bhaineann le bás a n-íníon, Aibha, i mí na Nollag, 2011. Cuireadh an Coiste Cróinéara seo ar athló trathnóna inné.

Shocraigh Cróinéir chathair Bhaile Átha Cliath, an Dochtúir Brian Farrell, go mbeadh air tuilleadh staidéir a dhéanamh ar chuid den fhianaise a cuireadh faoi bhráid an Choiste Cróinéara sula dtabharfadh sé a bhreithiúnas. Bhí an Cróinéir ag teannadh i dtreo toradh a thabhairt ach chuir foirne dlí roinnt ceisteanna faoin dearcadh a bhí léiríthe ag an gCróinéir i dtaobh cuid den fhianaise. Ar a chloisteail seo dó, shocraigh an Cróinéir go gcuirfeadh sé fógairt an bhreithiúnais ar athló. Gairmeofar an Coiste Cróinéara aríst ar an 13ú Deireadh Fómhair agus dúirt an Cróinéir go bhfógródh sé an toradh ar an lá sin.

Ach a ngairmeofar an Coiste Cróinéara aríst ar an 13ú Deireadh Fómhair, beidh sé ar an gCoiste Cróinéara is faide ariamh a mhair sa Stát seo. Is é an chéad lá eile an naoú lá; mhair Coiste Cróinéara Savita Halipanavar 8 lá.

Inné, chuir lucht dlí thar cheann na bpáirtíthe éagsúla achoimre ar an bhfianaise a cuireadh faoi bhráid an Choiste Croinéara. Ina dhiaidh sin, mhínigh an Cróinéara, an Dochtúir Brian Farrell, go raibh roinnt roghanna aige ó thaobh toraidh de ach gur chreid sé nár cheart ach péire acu sin a chur san áireamh, sin míthapa leighis (medical misadventure) nó cuntas ar ar thárla agus anailís ar roinnt ábhair a bhain leis (narrative verdict).

Dúirt an tAbhcóide thar ceann an Fheidhmeannais Sláinte, Declan Buckley, gurbh fhearr breithiúnas bunaithe ar chuntas agus anailís. Dúirt Simon Mills, abhcóide thar ceann an Dochtúra Edina Moylett i nGaillimh (an dochtúir a bhí i bhfeighil chúram Aibha san Ospidéal sin i 2011) go raibh seisean i bhfábhar cuntas agus anailís freisin. Ach dúirt Damian Tansey, dlíodóir thar ceann mhuintir Chonaire, go raibh siadsan i bhfábhar toradh míthapa leighis.

Chuaigh an Cróinéir ar aghaidh ansin agus léirigh sé a bharúil faoi thástalacha a bhí i gceist i gcaitheamh an ama ag an gCoiste Cróinéara. Dúirt an Dochtúir Susan O’Connell, saineolaí a tugadh os comhair an Choiste Cróinéara mar fhinné neamhspleach níos túisce sa tseachtain, nár dearnadh an líon iomlán tastálacha ariamh a d’fhéadfadh tuilleadh léargais a thabhairt ar shláinte Aibha Ní Chonaire agus ar an gcúis a bhí le lagan a thagadh ar an siúcra ina cuid fola. Chreid an Cróinéara, adúirt sé, gur cheart go mbeadh na tastálacha seo déanta, bunaithe ar a thuiscint ar an bhfianaise a cuireadh os a chomhair.

Dúirt dlíodóirí an Fheidhmeannais Sláinte agus an Dochtúra Moylett go raibh dul amú ar an gCróinéara sa mbrí a bhí sé a bhaint as cuid den fhianaise agus dúradar nach raibh aon eachtrá lagan siúcra fola tarlaithe d’Aibha Ní Chonaire tar éis Lúnasa 2011 a d’fhágfadh go raibh gá le tastálacha speisialta fola. Dúirt siad leis an gCróinéir gur thug Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn scéala don Dochtúir Moylett i mí Lúnasa 2011 go dtógfaí Aibha Ní Chonaire faoina gcúram i gCrumlinn dá laghdódh a siúcra fola faoi 2.6 mmoL. – b’shin mar fhreagra ar cheist a chur an Dochtúir Moylett ar Ospidéal Chromghlinne. Níor tharla an lagan sin sa tréimhse ina dhiaidh sin, a dúirt abhcóidí an Fheidhmeannais Sláinte agus an Dochtúra Moylett.

Bhí roinnt mhaith cur agus cúiteamh ann ina dhiaidh sin faoin mbrí a bhainfí as fianaise áirithe a cuireadh faoi bhráid an Choiste Cróinéara agus ba ansin a shocraigh an Cróinéara a bhreithiúnas a chur ar athló.

Ghabh an Cróinéir leithscéal le muintir Chonamara agus le gach a raibh bainteach leis an gCoiste Cróinéara faoin moill. Ach dúirt sé go raibh sé ríthábhachtach go dtabharfadh sé breithiúnas a bheadh ag teacht le dlí na gCoistí Cróinéara agus le dlí na tíre.

Bhí Aibha Ní Chonaire 6 bliana d’aois nuair a bhásaigh sí. Bhí sí i rang na Naonán san am i Scoil Mhuire i gCarna. Tugadh í go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh san oíche Dé Sathairn, an 10ú Nollaig 2011 agus a cuid siúcra fola an-íseal. Aistríodh í an lá dár gcionn go hOspidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath.

Thaispeáin tastálacha i Sráid an Teampaill ar an 12ú Nollaig nach raibh aon bheocht fanta ina hinchinn; deimhníodh é sin an lá dár gcionn. Stopadh an meaisín a bhí á coinneáil beo ar an 14ú Nollaig 2011.

Dúirt an Cróinéir go bhféadfadh sé sin beagán amhrais a chothú faoin dáta báis ach ó thárla go raibh muintir Chonamare sásta leis an 14ú Nollaig mar dháta báis Aibha, ní raibh aon locht air sin.