Fanacht fada ar chosa laga d’otharcharr i gConamara…

D’fhéadfadh sé a bheith os cionn cheithre huaire a’ chloig ó chuirfeadh duine fios ar otharcharr go dtí go mbeadh an t-othar san ospidéal i nGaillimh…

15/12/2014 Minister for Health Leo Varadkar TD announced the launch of a new critical-care ambulance service to transfer seriously ill children between hospitals today at the Children's University Hospital, Temple Street. Pictured with the Minister is Martin Dunne, Director of the National Ambulance Service. The Paediatric Retrieval Service is now transferring seriously ill children up to 16 years of age to Our Lady's Children's Hospital in Crumlin and to the Children's University Hospital, Temple Street from hospitals anywhere in Ireland. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Beidh cruinniú i mBaile Átha Cliath amárach, Dé Céadaoin, leis an Aire Sláinte Leo Varadkar ag toscaireacht as tuaisceart Chonamara. An tseirbhís otharchairr sa taobh sin tíre atá ag cur as dóibh.

Is é an trua nach bhfuil dream as deisceart Chonamara in éineacht leo mar níl an tseirbhís otharchairr sa taobh seo sásúil ach an oiread.

Tá coiste maith éifeachtach i mbun feachtais i dtuaisceart Chonamara le tamall anuas. Bean darbh ainm Patricia Keane is tréine a labhraíonn thar a gceann.

Bhailigh siad os cionn 1,000 ainm ar son na n-éileamh atá acu agus tá dóchas acu anois go mbeidh toradh dearfach ar an gcruinniú seo leis an aire.

Rinne an coiste beart meabhrach eile freisin: fuair siad litreacha tacaíochta ó bheirt de dhochtúirí an cheantair, an Dr. Alex Michel agus an Dr. John P. Casey, Jnr.

Thug na dochtúirí samplaí den mhoill a bhíonn ar an otharcharr go minic.

D’fhéadfadh sé a bheith os cionn cheithre huaire a’ chloig ó chuirfeadh duine acu fios ar otharcharr go dtí go mbeadh an t-othar san ospidéal i nGaillimh!

Tá dhá otharcharr sa gClochán ach níl ach foireann amháin ann lena n-aghaidh. Nuair a bhíonn cás práinneach i gcathair na Gaillimhe, is minic go gcuirtear fios ar otharcharr an Chlocháin. Fágann sin an ceantar gan seirbhís go dtagann sí ar ais.

Tá otharcharranna pobail i gConamara freisin ach tá teorainn anois leis an méid is féidir leo a dhéanamh.

Chúig bhliana fichead ó shin ceannaíodh ceann acu i gCarna. B’éigean airgead a bhailiú go háitiúil lena ceannacht.

Is mór go deo an leas a rinne sí ó cuireadh ar bóthar í.

Ach tháinig rialacha níos géire isteach ó shin, rud a chiallaíonn nach leor cáilíochtaí garchabhrach le bheith i mbun an otharchairr feasta: caithfidh daoine sároilte a bheith uirthi anois.

Bheadh sé thar a bheith deacair ag pobal beag na daoine sároilte a chur ar fáil.

Tá otharcharr pobail ar an Líonán freisin, ach aríst tá na laincisí céanna orthusan.

Moladh amháin a cuireadh chun cinn le gairid go socrófaí duine, nó daoine, sároilte a chur amach faoi dheifir nuair a bheadh cás práinneach ann agus go bhféadfaí úsáid a bhaint as an otharcharr pobail ansin.

Moladh freisin go bhféadfadh an dochtúir áitiúil a dhul ar an otharcharr pobail go dtí an t-ospidéal.

An mbeadh na dochtúirí áitiúla sásta é sin a dhéanamh? Is críonna an té a déarfadh ach, mar a dúirt duine amháin, bheadh sé chomh háisiúil acu le bheith ag fanacht cheithre huaire a’ chloig in éineacht le hothar a mbeadh a chroí ag cliseadh go dtí go dtiocfadh an t-otharcharr.

Dúirt an Teachta Dála Seán Kyne an mhí seo caite ar chlár faoin ábhar seo a craoladh ar stáisiún raidió pobail Chonamara go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí otharchairr i gConamara ó cuireadh ionad nua ag obair i dTuaim.

Mhínigh sé nach nglaoitear chomh minic go Gaillimh ar otharcharranna Chonamara anois.

Aríst tá sé deacair é sin a dheimhniú mar gur dhiúltaigh na húdaráis liosta a chur ar fáil de na hamanna a thógann sé otharcharr a chur chomh fada le hothair i gConamara.

Figiúirí réigiúnacha a fhoilsíonn siad agus ó tharla go mbíonn figiúirí cathrach agus tuaithe in éineacht sna táblaí sin, ní léiríonn siad cás sainiúil Chonamara.

Idir an dá linn, tá moill bliana ar thuarascáil faoin tseirbhís otharchairr tríd is tríd a d’iarr an rialtas.

Ní raibh an Teachta Seán Kyne in ann a rá cén uair a fhoilseofar an tuarascáil. Cá bhfios nach mbeadh eolas níos barainní ag an Aire Varadkar do thoscaireacht thuaisceart Chonamara Dé Céadaoin?

Tá staidéar déanta ag lucht na tuarascála, deirtear linn, ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí in Albain.

Is cosúil go bhfuil córas otharchairr i bhfad níos fearr ag na hAlbanaigh ná mar atá againne.

Tá neart ceantair scaipthe tuaithe in Albain freisin ach ansin aríst, tá a thrí oiread foirne acu ar na hotharcharranna agus a dhá oiread airgid le caitheamh.

Fadhb í seo a bhaineann le ceantair tuaithe na hÉireann ar fad.

Ó thaobh Chonamara de, ba chiallmhar an mhaise do thuaisceart agus do dheisceart Chonamara cur le chéile agus neart brú a choinneáil ar an Aire Leo Varadkar agus ar cibé aire a thiocfas ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'Fanacht fada ar chosa laga d’otharcharr i gConamara…'