Faitíos roimh Shinn Féin

Ach an gá do lucht an airgid mhóir a bheith chomh scanraithe roimh Shinn Féin is atá siad?

21/5/2014 Sinn Fein Final Elections Campaigns Conferences

An dream atá go maith as sa tír seo, lucht an airgid, is cosúil go bhfuil faitíos an domhain orthu go ndéanfaidh Sinn Féin tuilleadh dul chun cinn sa bpolaitíocht.

Tá neart deiseanna acu leis an imní sin a chur in iúl mar go bhfuil searbhóntaí dílse acu sna meáin chumarsáide lena dtoil a dhéanamh, go mór mór sa Sunday Independent.

Go fiú nuair a dhiúltaíonn an pobal don “witch hunt” atá ar bun ag an bpáipéar sin in aghaidh Shinn Féin le fada cuireann sé múisiam ar chosantóirí na heite deise.

“Perverse result,” a thug Pat Rabbitte ar an toradh a bhí a bhí ar an bpobalbhreith a rinneadh don “Sunday Independent” Dé Dómhnaigh seo caite. Cantal a bhí air gur dhúirt 26% de na daoine a ceistíodh gurb iad Sinn Féin a rogha.

Ach an gá do lucht an airgid mhóir a bheith chomh scanraithe roimh Shinn Féin is atá siad? Ní cheapann duine de na daoine is tréine acu, Denis O’Brien, gur gá. Rinne Niall O’Dowd agallamh leis le gairid . Tharraing sé anuas Sinn Féin aige. “Even businessman Denis O’Brien said he had nothing to fear from Sinn Féin,” a dúirt O’Dowd. “It would, he argued, move to the centre as it approached power.”

B’fhéidir gur bobodha, nó “paper tiger”, mar a déarfadh Mao Tse Tung, iad Sinn Fein? An bhfuil siad ar an eite chlé chor ar bith?

Cheistigh mé féin tráchtaire aitheantúil as an Tuaisceart fúthu. “The new Stickies without the socialism, ” a thug seisean orthu.

Is éard a bhí i gceist aige gur ionann an polasaí atá á chur chun cinn ag Gerry Adams agus ag Martin McGuinness ó thuaidh anois agus an aidhm a bhí ag na hOifigiúlaigh—na Stickies—ón tús, i.e, Stormont a choinneáil agus a leasú, fórsa nua póilíneachta a thabhairt isteach, Bille Cearta a éileamh, srl.

Níor shíl an tráchtaire sin go bhfuil mórán sóisialachais ag roinnt leo.

Mar sin féin má choinníonn Sinn Féin orthu ag rá go bhfaighidh siad réidh leis na táillí uisce agus leis an gcáin mhaoine leanfaidh tuilleadh fós den phobal iad.

Caithfidh siad a mhíniú ansin cá bhfaighidh siad an t-airgead leis an mbearna a líonadh.

Is é an freagra a bheas acu go gcaithfidh na daoine is mó a bhfuil teacht isteach acu íoc as, Uachtarán SIPTU, Jack O’Connor, san áireamh. Tarraingeoidh an réiteach sin i dtreo na heite clé iad agus déanfaidh sé níos fíochmahire fós an eite dheis ina n-aghaidh.

Beidh gnáth-pholaitíocht na hEorpa againn sa deireadh–an eite chlé v an eite dheis.

Ina theannta sin aríst beidh údaráis an Aontais Eorpaigh in amhras go mór faoi Shinn Féin agus daingneoidh sé sin níos láidre fós ar an eite chlé iad.

Tá ceist mhór eile le cur ar na hiriseoirí agus ar na tráchtairí atá ag cur fiach an mhada rua ar Shinn Féin, i.e., an bhfuil tuiscint ar bith acu ar stair na tíre seo?

B’fhiú an cheist a chur go háithrid ar cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.

Seo fear a scríobh leabhar faoin mbunús a bhí le Fianna Fáil i gCorcaigh, Freedom to Choose—Cork & Party Politics in Ireland 1918-1932.

An raibh aithne aige ar Mhartin Corry a bhí ina Theachta Dala ag Fianna Fáil ar feadh dhá scór bliain?

Níl sé i bhfad ó rinne TV3 clár fáisnéise faoin Teachta Dála iomráiteach sin, “In the Name of the Republic.”

“During the documentary,” a dúirt TV3, “the politician recalls capturing, killing and burying several bodies in a bog. He can be heard chuckling as he speaks about the shootings and burials of victims of the War of Independence.”

An la roimh olltoghchán 1933 d’fhoilsigh Fine Gael fógra mór suntasach sna nuachtáin ag iarraidh ar an bpobal gan vótáil d’Fhianna Fáil.

Thug siad le tuiscint nach raibh in Éamon De Valera agus a chairde ach paca Cumannach. Dúirt siad freisin go raibh socrú speisialta déanta acu leis an IRA.

Ní hiontas go mbeidís á rá nuair a chuimhnítear go raibh gunnaí ina bpócaí ag cuid de na Teachtaí Dála as Fianna Fáil an chéad la a ndeacha siad isteach sa Dáil.

Bhí ar De Valera bocht a chruthú gur Críostaí dílis beannaithe a bhí ann féin agus nach raibh baint ar bith aige leis na Cumannaigh.

Ach níor shásaigh sin na Blueshirts. Tamall ina dhiaidh sin aríst cheistigh siad De Valera sa Dáíl faoin gcumannachas agus faoin gceangal leis an IRA.

Seo mar a labhair an Ginearáil Risteárd Ó Maolchatha:

“It is an experience to listen to a lecture on the introduction of militarisation into politics and the disadvantages attaching to blue shirts from members of a political party which was founded on a dumping arms order, and forced into existence by the futility of a military mission sent by them into Russia.”

Tagairt a bhí san iarraidh dheireanach sin don toscaireacht a cuireadh ón I.R.A. chuig an Rúis ag iarraidh airm agus armlón ar Joe Stalin. Chuir Éamon De Valera Gerry Boland anonn in éineacht leo.

Nuair a tháinig an treoraí Rúiseach rompú thall lena dtabhairt go dtí Joe Stalin d’fhiafraigh sé díobh cé mar a d’éirigh leis an réabhlóid in Éirinn? “Maith go leor,” a dúirt siad. “Ar chroch sibh mórán Easpag?”, a d’fhiafraigh an treoraí. Ba bheag nár cailleadh an toscaireacht ar an spota.

Samhlaigh anois dá mbeadh toscaireacht curtha ag Gerry Adams go dtí an Chóiré Thuaidh ag iarraidh armlóin, go mbeadh gunnaí an I.R.A. i bhfolach i gcónaí mar a bhí nuair a bunaíodh Fianna Fáil agus go bhféadfaí Cumannachas a lua go láidir le Adams freisin.

Líonfadh Eoghan Harris an Sunday Independent leis féin chuile Dhomhnach ag cur síos air.

 

Fág freagra ar 'Faitíos roimh Shinn Féin'