Faitíos roimh Shinn Féin ag cur bac ar an gcomhrialtas mór

Is í fírinne an scéil nach bhfuil sa raiméis ar fad faoi leasú a dhéanamh ar an gcóras polaitiúil agus ar ghnó na Dála ach gal soip

Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland
Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland

Tá sceimhle á chur ag taibhse ar lucht sheanchóras na polaitíochta sna sé chontae fichead – taibhse Shinn Féin.

Agus faoi mar a tháinig comhghuaillíocht naofa le chéile in 1848 ag iarraidh stop a chur leis an ngluaiseacht aicmeach chumannach san Eoraip, tá faitíos i dtaobh Shinn Féin ag cur moille ar gach iarracht le rialtas nua a bhunú abhus inniu.

Is léir don té nach bhfuil baint aige le páirtithe polaitiúla nach bhfuil aon dul as ag Fine Gael agus Fianna Fáil ach comhrialtas a bhunú nó teacht ar chomhréiteach maidir le rialtas mionlaigh. An t-aon rogha eile atá ann ná toghchán eile a mbeadh an toradh céanna air más fíor don phobalbhreith sa Sunday Business Post ag an deireadh seachtaine.

Cén fáth nach nglacann an dá pháirtí mhóra leis an bhfírinne? An amhlaidh gur tábhachtaí dóibh an troid fhadtéarmach in aghaidh dhúshlán radacach Shinn Féin ná na riachtanais atá anois ann?

Tá Fianna Fáil ach go háirithe buartha go bhféadfadh Sinn Féin a n-áit siúd a thógáil.  Cheana féin tá cuid mhaith den tacaíocht a bhíodh ag Fianna Fáil sna cathracha imithe go Sinn Féin is dá n-éireodh le Sinn Féin tógáil ar an tacaíocht sin faoin tuath bheadh Fianna Fáil i mbaol a bhasctha.

Agus tuigeann Fianna Fáil freisin gur ar éigean  a mhairfidh an páirtí má théann siad isteach le Fine Gael.  Bheadh sé an-deacair moladh mar sin a fháil tríd Ard-Fheis, agus bheadh baol mór ann leis go scoiltfí an páirtí dá rachadh siad i mbun comhrialtais.

Sea, ó thaobh polasaithe is idé-eolaíochta de, níl aon difear suntasach ann anois idir an dá pháirtí. Cé go bhfuil Fianna Fáil, b’fhéidir, beagáinín níos tuisceanaí ar riachtanais an ghnáthdhuine ná mar atá Fine Gael, tá an dá pháirtí dílis do leaganacha éagsúla de na polasaithe céanna, go háirithe i dtaobh na hEorpa agus maidir le tús áite a thabhairt don rachmas príobháideach i gcúrsaí eacnamaíochta.

Tá difear aicmeach ann, ach is beag an difear é. Go ginearálta siad na daoine is saibhre agus is seanbhunaithe a thacaíonn le Fine Gael – feirmeoirí móra, siopadóirí móra, lucht na ngairmeacha measúla agus is ag Fianna Fáil a bhíodh an chuid eile.

Tá Fianna Fáil ag maíomh anois nach féidir leis an dá pháirtí teacht le chéile toisc go bhfuil an oiread sin difríochtaí eatarthu, ach ní éiríonn leo na difríochtaí seo a mhíniú.

Agus sin í an tsáinn ina bhfuil seanpholaitíocht an stáit.  Léiríonn na figiúirí an fhírinne. 

Tá 82 suíocháin eatarthu ag Fine Gael, Sinn Féin, AAA/PBP agus an triúr neamhspleách ar an eite chlé Séamus Healy, Clare Daly is Mick Wallace.  Ní fhágann sé sin ach 75 suíochán d’Fhianna Fáil dá bhféadfadh siad an dream eile ar fad a fháil ar bord.

Ní féidir leo rialtas a dhéanamh bunaithe ar na figiúirí sin, agus, dá bharr sin, is cur i gcéill ar fad an chaint faoi rialtas a bhunú ar an mbonn sin.

Má tá 75 suíochán ag Fianna Fáil, Sinn Féin agus na Teachtaí Dála ar an eite chlé thuasluaite, d’fhéadfadh móramh a bheith ag rialtas Fhine Gael, dá bhféadfaí 79 den 82 duine eile a fháil.  Ó thaobh uimhreacha de tá sé indéanta, ach bheadh ar leithéidí na nDaonlathach Sóisialach agus na neamhspleáigh eile a labhair amach i gcoinne pholasaí déine an rialtais dheiridh glacadh le clár Fhine Gael. Cén praghas a d’íocfaí air sin lá níos faide anonn?

Go bunúsach, ní féidir rialtas a bhunú gan socrú idir an dá mhórpháirtí agus is léir an méid sin don saol mór.

Ar ndóigh, is ar éigean a dhéanfadh an socrú sin mórán difir ó thaobh polasaithe de, go háirithe má théann cúrsaí eacnamaíochta chun donais mar atá á thuar ag roinnt mhaith saineolaithe.

Agus sin croí an fhaitís atá ar Fhianna Fáil: chabhródh gach cor sa scéal le Sinn Féin agus lagófaí Fianna Fáil arís is arís eile nó go mbáfaí i bhFine Gael iad.

Sin é an fáth nach mbeidh comhrialtas iomlán ann.  Ní beart róstuama a bheadh ann toghchán eile a thionscnamh ach an oiread, fiú má chreideann roinnt i bhFianna Fáil go dtiocfaidís amach sa gcéad áit (rud a bhfuil mé féin amhrasach faoi, agus rud nach léir ón bpobalbhreith is déanaí).

Ach d’fhéadfadh Fianna Fáil tacú le rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael, ag tabhairt tacaíochta ar bhonn muiníne is maoine dó. Faoin socrú sin dhéanfadh Fianna Fáil gach polasaí a mheas de réir mar a thiocfadh sé chun cinn nó go n-oirfeadh sé dóibh dul sa seans le toghchán eile.

Is í fírinne an scéil nach bhfuil sa raiméis ar fad faoi leasú a dhéanamh ar an gcóras polaitiúil agus ar ghnó na Dála ach gal soip. Cleasaíocht atá ann a cheadódh d’Fhianna Fáil tacaíocht a thabhairt dá n-iarnaimhde i bhFine Gael.

Agus sin é is dócha an socrú a bheas ann sa deireadh.

Fág freagra ar 'Faitíos roimh Shinn Féin ag cur bac ar an gcomhrialtas mór'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Sách ráite, a Eoin.

  • padraig

    ni ga a onfhaitios a bheith ar einne roimh SF, bladhmann agus focla mor gan cur leo a bhionn ar siul acu. Iad ar a ndicheall a bheith mar chuid den bhunaiocht dala mar ata sa tuaisceart. Beireadh amuigh orthu nuair a tugadh isteach na tailli uisce, ni raibh fhios ag Gerry faic mar gheall orthu ar feadh i bhfad agus bhi Mary Loo chun iad a ioc toisc mar a duirt si ‘is e dli na tire e’. Bhi malairt poirt acu tamall ina dhi’ sin afach. Bhi talamh slan deanta acu den suiochan i ndeisceart BhAC, cean a bhuaigh Paul Murphy ar thicead na dtailli uisce. Thuigeadar ansin gur mhor i gceist na tailli ceanna ag pobal na tire agus rannphairtigh siad sa bhfeachtas ina n-aghaidh. Nior thuig SF (no ba chuma leo) gur eiseamlair iad na tailli sin de gach lofacht, caimileireacht, sotal, neamhinniulacht agus soiniciulacht FG/PLO a chuir deistin agus seirfean orainn o bhonn? Na ‘comahirleoiri’ a chosain na milliuin, na bonais/duthrachtai (‘performance-related-benefits’) a dheonaigh na piardai in U Eireann doibh fein agus gan iad ach direach leaindeailte sa job!? Ca raibh SF i gcaitheamh an ama sin, ina gcodladh? Ni raibh giocs astu agus bhi siad chun na TAILLI A IOC? Is Fianna Fail eile iad SF ach coinsias soisialta beag eigin acu……………..b’fheidir.

  • micheal9999

    Agus sé an chóras cumannach an chóras is fear, gan amhras, dar leat!!!

  • Deáglán Ó Broin

    Níl aón dul as, caithfidh FF agus FG teacht le cheile ar son na tíre nó toghchán eíle í gcionn trí no ceithre miosá.

  • Míchéal

    Anailís speisiúil é sin….ach dá n-éireodh Gerry O as ceannaire SF san Oireachtas nach mbeadh deis ann le SF agus FF Cleamhnais a dhéanamh le na grúpaí eile san Oireachtas….tá a lán bearais mar an gcéanna eatarthu…Ceapaim gurb a lán rince ar shiúl dir na pairti fós !!

  • Concubhar

    Tá an oiread den locht ar fhaitíos Shinn Féin bheith páirteach i Rialtas ina mbeadh orthu ‘cinntí crua’ a ghlacadh agus bheith freagrach astu agus atá ar fhaitíos na bpairtithe ‘móra’ roimh Shinn Féin bheith ag suí ós a comhair ar bhínsí an fhreasúra ag naoscaireacht leo ar bhaill laige an Rialtais.