‘Faitíos’ ar ionadaithe teanga go bhfágfaidh Brexit an Ghaeilge ar an ngannchuid

Comhráiteas curtha amach ag gníomhaithe teanga ó na tíortha Ceilteacha agus imní orthu faoi impleachtaí Brexit do mhionteangacha

‘Faitíos’ ar ionadaithe teanga go bhfágfaidh Brexit an Ghaeilge ar an ngannchuid

Tá comhráiteas curtha amach ar maidin ag gníomhaithe teanga ó na tíortha Ceilteacha agus imní orthu go mbeidh mionteangacha thíos go mór le Brexit.

Sa ráiteas atá sínithe ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí teanga in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i gCorn na Breataine, deirtear go bhfuil “ré ríchasta” i ndán do phobal na Gaeilge ó thuaidh agus do phobail na Gáidhlig, na Breatnaise agus na Coirnise.

“Tá faitíos orainn go gcuirfidh Brexit cultúr is geilleagar ár bpobal i gcontúirt, mar a tharla le déanaí nuair a chuir Rialtas na Ríochta Aontaithe maoiniú don Choirnis ar ceal.

“As seo amach, is ag brath ar Rialtas na RA arís a bheimid. Is é seo an rialtas céanna nár chuir suim dá laghad i gcosaint cearta cainteoirí teangacha ár náisiún agus a thug cuid mhaith dár stair chomhroinnte ag cur dianpholasaithe chun cinn arbh é díothú ár dteangacha a n-aidhm,” a deirtear sa chomhráiteas a eisíodh ar maidin.

Ós rud é nach dóichí go mbeidh maoiniú Eorpach ar fáil a thuilleadh i ndiaidh Brexit do thionscadail teanga, chultúir agus eacnamaíochta, deirtear sa ráiteas gur gá feachtas “níos déine ná riamh” a chur ar bun chun cothrom na Féinne a fháil do phobail na mionteangacha.

Fógraíonn na heagraíochtaí teanga atá luaite leis an ráiteas go bhfuil siad ag “seasamh le chéile i spiorad an bhráithreachais” ar an tuiscint gurb í an chinniúint chéanna atá i ndán dá dteangacha.

Deir lucht sínithe an ráitis nach nglacfaidh siad beag ná mór le cur chuige an Rialtais mar a léiríodh é i gcás mhaoiniú na Coirnise.

“Bainfimid feidhm as gach uile mhodh síochánta atá ar fáil dúinn chun an fód a sheasamh in aghaidh a leithéid sin d’éagóir agus chun cothrom na Féinne a chinntiú amach anseo do phobail ár dteangacha ó thaobh airgid, polasaithe agus cultúir de,” a deirtear.

Fág freagra ar '‘Faitíos’ ar ionadaithe teanga go bhfágfaidh Brexit an Ghaeilge ar an ngannchuid'