Faisean nua-aoiseach as bréidín seanda na Gaeltachta

Bunús Gaeltachta ag tionscal nua a chuireann clócaí nó cábaí bréidín fíor-álainn ar fáil do mhná…agus d’fhir mhisniúla, fhéinmhuiníneacha 

Faisean nua-aoiseach as bréidín seanda na Gaeltachta

Déarfainn dá luafaí an focal ‘bréidín’ le cuid mhór againn go smaoineodh muid láithreach ar chultacha d’fhir nó ar sciortaí do mhná agus gur daoine meánaosta nó níos sine a thiocfadh chun cuimhne.

Ach tá iarracht á déanamh an íomhá sin a athrú ag beirt dearthóirí a bhfuil sraith táirgí ardfhaisin – clócaí nó cábaí bréidín – curtha ar an margadh acu ar shuíomh gréasáin nua a sheol siad ag tús na míosa seo.  

Lánúin phósta iad an bheirt atá i gceist, Sara Sands as ceantair an Iúir, Co an Dúin agus David Hall as an mBotsuáin san Afraic agus tá a gcuid earraí faisin á ndíol acu ar an suíomh www.sandsandhall.com.

D’fhéadfaí a rá go bhfuil bunús Gaeltachta ag an tionscal nua seo; is bréidín ó iardheisceart Dhún na nGall, thart ar Ard an Rátha, agus ó oileán Na Hearadh in Inse Ghall na hAlban a úsáidtear chun na cábaí áille seo a chruthú.

Tá traidisiún an-fhada déantús bréidín sa dá cheantar sin a théann siar na céadta bliain agus is minic a d’úsáid dearthóirí cáiliúla é roimhe seo i ndearadh éadaí ardfhaisin. 

Bhain Coco Chanel cáil dhomhanda amach do bhréidín Na Hearadh sa bhliain 1929 nuair a d’úsáid sí é i ndearadh cultacha agus cótaí do mhná. Níorbh fhada go raibh dearthóirí mór le rá eile i bPáras á úsáid freisin. Tá bréidín Dhún na nGall á úsáid le blianta ag dearthóirí ar nós Ralph Lauren, Armani, Donna Karran agus Hugo Boss.

Anuraidh a thosaigh Sara Sands agus David Hall ag dearadh clócaí nó cábaí bréidín ach ba do leanaí faoi bhun 5 bliana amháin iad. Ar leathanach ar Facebook a bhí a gcuid margaíochta agus díolacháin á dhéanamh acu ach bhí oiread éilimh ar a gcuid táirgí go bhfaca siad an deis gnó iomlán a bhunú dóibh féin. Cocoon Luxury Wear a bhí mar bhranda ar dtús acu ach tá siad i mbun oibre anois faoin ainm Sands and Hall.

Creideann an lánúin go bhfuil feidhm ar leith ag cábaí agus luann siad trí thréith atá ag baint leo – go gcoinníonn siad an duine te, teolaí, go bhfuil siad faiseanta agus go bhfágann said cuma dhea-ghléasta ar dhuine.

“Capes are timeless and highly versatile; they are perfect for layering up all year round and offer a more unique, individual look where outer wear is concerned,” a deir Sara Sands.

Tá cábaí do mhná á gcur ar fáil acu i 14 dearadh éagsúil agus cuid mhór acu ainmnithe i gcuimhne ar réalta móra ón ré órga de chuid scannáin Hollywood – Hepburn, Loren, Taylor agus Harlow ina measc. Tá costas idir £325 agus £695 ar na cábaí éagsúla bréidín ag brath ar an stíl a roghnaítear agus is cosúil go bhfuil na cinn atá déanta as bréidín Dhún na nGall beagán níos costasaí ná cinn na hAlban.

Ach ní do mhná amháin iad na cábaí seo ó Sands agus Hall; tá dearadh amháin ar fáil acu d’fhir freisin. Tá rogha de thrí dhath dhifriúla i gcábaí na bhfear atá déanta as bréidín as Na Hearadh ar chostas £395. Déarfainn nach mbeidh oiread éilimh ar an táirge sin i measc na bhfear agus a bheidh ag na mná agus gurb iad na fir atá lán féinmhuiníne amháin a bheadh sách misniúil lena gcaitheamh.

 

Fág freagra ar 'Faisean nua-aoiseach as bréidín seanda na Gaeltachta'