Fair play don Taoiseach, tuigeann sé tábhacht na miontuairiscí – nuair a oireann dó

Bhí seanchleas rialtais á imirt agus tuarascáil Fennelly ar éirí as oifig Choimisnéir na nGardaí á foilsiú

An Taoiseach Enda Kenny Pictiúr: RollingNews.ie
An Taoiseach Enda Kenny Pictiúr: RollingNews.ie

Fair play don Taoiseach. Níor chuir sé fiacail ann agus sean-drochnós rialtais á cháineadh aige. Nach léir dúinn uilig faoin am seo gur chóir do pholaiteoirí agus do státseirbhísigh shinsearacha meamram, nó miontuairisc, nó, ar a laghad, nóta gearr a scríobh gach uair a dhéantar cinneadh tábhachtach.

Teastaíonn taifead éigin ar gach rún nó beartas suntasach, mar is eol do gach cumann peile nó ceardchumann nó eagraíocht de chineál ar bith. Ní foláir taifead cruinn a scríobh agus a choimeád, ar dhá chúis.

  1. Marach taifead éigin, dá ghonta é, ní féidir a bheith cinnte go dtuigtear go cruinn cén socrú a rinneadh, agus conas a chuirfear i bhfeidhm é.
  2. Marach taifead éigin, má chuirtear fiosrúchán ar bun, ní bheidh fianaise iontaofa ar fáil faoin gcinneadh a rinneadh.

Faraor, ní raibh Enda Kenny ag tagairt don chruinniú a reáchtáil sé i Márta 2013 lena mhíshásamh leis an gCoimisinéir, Martin Callinan a phlé. Ní raibh sé ag tagairt ach oiread don socrú a rinne an cruinniú sin go gcuirfí Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt, Brian Purcell chun cainte i gcoim na hoíche leis an gCoimisinéir.

Bhí easpa fianaise ó ré rialtais eile á cháineadh aige – quelle surprise  nuair a dúirt an Taoiseach sa Dáil an 12 Márta 2012:

Martin Callinan. Pictiúr:  Eamonn Farrell / RollingNews.ie
Martin Callinan. Pictiúr: Eamonn Farrell / RollingNews.ie

It ill behoves Deputy Martin to come into this House and talk about the antics of any other politician when he himself was the Minister for Foreign Affairs in a Government which agreed on a bank guarantee at 4 a.m. in respect of which I, as Taoiseach, am unable to find any file or shred of evidence. 

D’imigh sin agus tháinig seo – arís. Faillí nó botún a rinne rialtas eile á cháineadh ag Taoiseach, fiú agus an drochshampla céanna á leanacht ag a rialtas féin.

Lean an rialtas drochshampla eile nuair a chuir said plean BAB* i bhfeidhm, agus tuairisc á foilsiú go déanach acu Dé Máirt. Tá an plean bunaithe ar mhórán réamhshamplaí, ach, ar ndóigh, is sampla den scoth é mallfhoilsiú na tuarascála ar thionscal na mairteola i 1994.

BAB – NA PRÍOMHPHOINTÍ

  1. Cuirtear tuarascáil dhainséarach faoi bhráid an Rialtais.
  2. Léitear an tuarascáil. Ní fhoilsítear í.
  3. Dréachtar preasráitis faoin tuarascáil agus nótaí agallaimh. Ní fhoilsítear iad.
  4. Deir an Taoiseach/an t-aire le hiriseoirí (nach bhfuair deis a léite fós) gur léir ón tuarascáil nach ndearna sé/sí aon rud mícheart. Ní fhoilsítear í.
  5. Abair gur tuarascáil 283 leathanach atá i gceist, leithéid thuairisc Fennelly. Foilsítear an tuarascáil go gairid (30 nóiméad, abair, i gcás an Taoisigh Dé Máirt) sara dtéann urlabhraí rialtais faoi agallamh ar an teilifís. Ní bheidh ach deis ag an té atá á cheistiú ach súil sciobtha a chaitheamh uirthi.
  6. Críoch na hoibre.

Ar ndóigh, ceileann ealaíon mar seo díospóireacht dháiríre, ar feadh tamaill. Is amach anseo a léireofar an ndearna an dream a chuir BAB i bhfeidhm Dé Máirt leas nó aimhleas an Rialtais.

* Bob Á Bhualadh, nó mar a thugtar air uaireanta, CAI (Cleas Á Imirt).

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Fair play don Taoiseach, tuigeann sé tábhacht na miontuairiscí – nuair a oireann dó'