Fainic! Seo chugainn ‘Dónall Dána’! Tá Horrid Henry ag teacht i nGaeilge

Is beag tuismitheoir in Éirinn nach bhfuil trácht cloiste aige ar Horrid Henry agus a chuid diabhlaíochta. Tá Gaeilge anois ag an dailtín agus aistriúcháin ar 10 scéal de chuid Francesca Simon le cur amach ag Cló Iar-Chonnacht go luath

Fainic! Seo chugainn ‘Dónall Dána’! Tá Horrid Henry ag teacht i nGaeilge

Tony Ross/Orion Children's Books

Is iad Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, an bheirt a chuir Gaeilge ar eachtraí an Chúigir Chróga (Famous Five Enid Blyton), agus a gcuid comhghleacaithe i RTÉ Raidió na Gaeltachta Marion Ní Shúilleabháin agus Caitlín Ní Chualáin a chuir Gaeilge i mbéal ‘Dónall Dána’, mar atá baiste air sa tsraith nua.

Tá cúig leabhar: Dónall Dána (Horrid Henry), An Club Rúnda (Horrid Henry and the Secret Club), Sióg na bhFiacla (Horrid Henry Tricks the Tooth Fairy), Míola (Horrid Henry’s Nits), agus Saibhreas Sciobtha (Horrid Henry Gets Rich Quick) le foilsiú i mbliana.

Beidh fáil ar an gcúig leabhar eile an bhliain seo chugainn. Is iad sin: An Feighlí Linbh (Horrid Henry and the Bogey Babysitter), Teach na dTaibhsí (Horrid Henry’s Haunted House), Mallacht an Mhumaí (Horrid Henry and the Mummy’s Curse) agus Boladh Bréan (Horrid Henry’s Stinkbomb).

Is buachaill óg é Dónall Dána a bhíonn de shíor ag déanamh an diabhail agus ag tromaíocht ar a dheartháir agus ag crá a thuismitheoirí.

Scríobh Francesca Simon an chéad leabhar sa tsraith, a bhfuil 24 leabhar anois inti, sa bhliain 1994. Is iomaí foilseachán eile ina bhfuil Horrid Henry atá curtha amach ó shin freisin, idir irisí, leabhair jócanna agus leabhar gníomhaíochtaí.

Tá moladh faighte ag an tsraith leabhar ar fud na cruinne agus gradam Galaxy Leabhar na Bliana do Pháistí buaite aige.

Rinneadh sraith teilifíse, 52 clár, i Sasana bunaithe ar an tsraith leabhar freisin agus eisíodh scannán beo sa bhliain 2011. Ainmníodh an tsraith teilifíse do ghradaim BAFTA faoi dhó.

Fág freagra ar 'Fainic! Seo chugainn ‘Dónall Dána’! Tá Horrid Henry ag teacht i nGaeilge'