Fainic, a bhaniarrthóir, níl an tsíleáil ghloine briste fós…

Chuir ainmniúchán Hillary Clinton mar iarrthóir uachtaránachta na nDaonlathach scoilt sa tsíleáil ach tá obair le déanamh fós aici

Fainic, a bhaniarrthóir, níl an tsíleáil ghloine briste fós…

Hillary Clinton. Pictiúr: James Horan/RollingNews.ie

Tá Hillary Clinton ceanúil ar an meafar. Ocht mbliana ó shin nuair a fuair Barack Obama an ceann is fearr uirthi sa toghchán don ainmniúchán mar iarrthóir ghabh sí buíochas lena lucht tacaíochta as na milliúin scoilteanna beaga a chur sa tsíleáil ghloine. An tseachtain seo caite agus an t-éacht déanta sa deireadh aici, ghabh sí buíochas as an ainmniúchán leis na teachtaí ag comhdháil na nDaonlathach le físeán drámatúil de ghloine ina smidiríní. Fainic, a bhaniarrthóir; ní scaoth breac.

Ní iarrthóir tarraingteach í ar nós Obama nó fiú Bernie Sanders ach nuair a chuirtear san áireamh cé hé a céile comhraic ón bpáirtí Poblachtach tá sé ionann is dothuigthe nach bhfuil sí i bhfad chun tosaigh ar Donald Trump sna pobalbhreitheanna. An féidir inscne a chur as an áireamh mar chúis? Bua stairiúil is ea an t-ainmniúchán a fháil, an chéad bhean ó phríomhpháirtí a rinne amhlaidh. Níl ann ach ainmniúchán, áfach, tá toghchán le buachan agus fiú má bhuann sí, ní féidir a bheith cinnte nach gcuirfí constaicí sa mbealach ar mhná eile amach anseo.

Rinne an staitisteoir Meiriceánach, Nate Silver scrúdú in 2012 ar na figiúirí a bhain le seasamh Hillary Clinton i measc an phobail i gcaitheamh na mblianta. Díol suntais aige ab ea go raibh drochmheas uirthi nó go raibh méadú ar líon na ndaoine a raibh amhras orthu fúithi nuair a bhí sí i mbun feachtais, ar lorg cumhachta ach gurbh é a mhalairt de scéal é nuair a bhí sí ina seanadóir agus níos deireanaí ina státrúnaí. Thit an líon a bhí báúil léi i 1999 nuair a d’fhógair sí go seasfadh sí don Seanad ach d’fheabhsaigh nuair a toghadh í (50% ina fabhar i gcomparáid le 40% ina coinne) agus bhí sin buan ar feadh sé bliana de réir anailís Silver. Mhéadaigh a freasúra in 2007/2008 nuair a bhí sí sa tóir ar an ainmniúchán do thoghchán na huachtaránachta ach d’fhás a tacaíocht nuair a ghéill sí d’Obama agus d’fheabhsaigh arís nuair a bhí sí ina Rúnaí Stáit.

B’in roimh an ‘scannal’ faoi ríomhphoist, ar ndóigh. Níl aon dabht ach gur údar imní é a freagra ar cheistiú faoin ábhar sin. Meabhraíonn a lucht tacaíochta dúinn, áfach, gur thug iarcheannaire an CIA, an Ginearál Petraeus comhaid rúnda dá leannán, iriseoir, ach nach bhfuil poblachtánaithe á cháineadh faoin dlí a shárú. Laoch is ea é dar leo ach teastaíonn uathu Hillary a chur i bpríosún.

Is léir gur chúis imní dá lán an bharúil go gcreideann muintir Clinton go bhfuil sé de cheart acu a bheith i gcumhacht. Tabhair faoi deara, áfach, nach raibh imní ar bith orthu faoin dara duine de theaghlach Bush a thoghadh ina uachtarán, duine nach raibh leath chomh cáilithe le Hillary Clinton.

Cén fáth a mbíonn critéir nó slata tomhais níos déine ag daoine do Hillary Clinton ná mar a bhí acu do George W Bush, a toghadh faoi dhó? Bunaithe ar cháilíochtaí? Ar cv? Ar chumas? Ar thaithí? Nó an mbaineann an chuid is mó de le hinscne?

Maidir leis an nguagacht sna pobalbhreitheanna níl fianaise ar bith go dtiteann tacaíocht d’fhir nuair a bhíonn siad i mbun feachtais. Is diabhal de chuid Wall Street í Hillary, a deirtear, mar go bhfuair sí $200,000 mar tháille as labhairt leo – ocht n-uaire, creidim. Cuireann an tsuim alltacht orainn ach seans gur iomaí polaiteoir a fuair táille níos mó. Is iomaí corparáid a íocann níos mó. Maítear go bhfuair Donald Trump $1.5 milliún ar óráid, slán an tsamhail.

Rinneadh líomhaintí go raibh Clinton freagrach as feachtas éilitheach ar mhaithe le comhlachtaí fraiceála nuair a bhí sí ina Rúnaí Stáit. Tá an leagan amach céanna ag John Kerry, a comharba. Ní foláir nó sin é polasaí Mheiriceá (agus Obama) ach níl éinne ag cur caimiléireachta i leith Kerry; níl cúis ar bith go gcuirfí mí-iompar i leith éinne acu dá mhéid ár n-amhras faoi fhraiceáil.

Ní iarrthóir gan locht í Hillary Clinton. Ach ní hí an scigbhithiúnach í ach oiread, an ‘crooked Hillary’ ba mhaith le Trump a chur i láthair an phobail. Ní gnéasachas a ghríosann gach duine atá naimhdeach d’iarrthóir na nDaonlathach. I bhfianaise na n-agallamh le fir den chine geal nach bhfuil céim ó choláiste acu, atá báúil le Trump, tá naimhdeas do Hillary ar bhonn inscne measctha lena bhfonn diúltú don bhunaíocht. Nuair a fheicimid nach bhfuil maithe an pháirtí Phoblachtánaigh toilteanach droim láimhe a thabhairt le Trump i ngeall ar chiníochas agus seicteachas a fheachtais, cén seans go ndiúltófar don ghnéasachas?