Fáilte mhór curtha ag coimeádaithe roimh Likud go Strasbourg

Agus tionchar Likud ag dul i méid ar Pharlaimint na hEorpa as seo amach, ní móide go seasfaidh an tAontas Eorpach ar son na bPalaistíneach in aghaidh na héagóra ar chaoi ar bith

Benjamin_Netanyahu_portrait

Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas, mar a deir an seanfhocal. Tá tuiscint mhaith ag ceannairí Iosrael ar an seanfhocal seo agus baintear an-úsáid as chun leas na tíre a chur chun cinn. Le gairid, is cosúil go ndearna Príomhaire na Breataine, David Cameron, a bhfuil beagán den ghaol aige leis an bpobal Giúdach, an-leas don ‘Stát Giúdach’ san Aontas Eorpach i ngan fhios d’fhormhór shaoránaigh an Aontais Eorpaigh atá an-cháinteach faoi pholasaithe Iosrael maidir leis an gCríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil.

Cé go bhfuil Iosrael san Áise, is mó an bhaint atá ag an tír sin leis an Eoraip. Ghlac Iosrael páirt sa chomórtas amhránaíochta Eurovision ó 1973 ar aghaidh. Tá Údarás Craolacháin Iosrael ina bhall d’Aontas Craolacháin na hEorpa ó 1957.  Thosaigh clubanna as Iosrael ag imirt sacair i gcomórtais na hEorpa i 1991 agus tá an tír ina ball de UEFA ó 1994. Ach níos tábhachtaí fós, is gearr go mbeidh Likud, an páirtí is mó in Iosrael, ina chomhghuaillí réigiúnach ag an tríú faicsean is mó i bParlaimint na hEorpa.

Cúpla seachtain ó shin, chuir grúpa darb ainm Coimeádaithe agus Leasaitheoirí na hEorpa, nó an ECR, fáilte mhór roimh thoscaireacht Likud go Strasbourg. Shocraigh siad gur féidir le Likud bheith ina bhreathnóir ar chruinnithe an ECR.

Tugadh cuireadh do thoscaireacht ón ECR cuairt a thabhairt ar Iosrael (agus na Críocha faoi Fhorghabháil) i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo freisin. Tabharfar iad – ar nós gach dream eile a fhaigheann cuireadh chuig an tír sin – go dtí cuimhneachán Uileloscadh Yad Vashem.

Déanfar iarracht a léiriú dóibh gur íospartaigh fós muintir Iosrael cé go bhfuil an t-arm is mó sa Mheánoirthear acu agus airm ollscriosta, lena n-áirítear suas le 400 diúracán núicléach, leis.

De réir alt sa Jerusalem Post (ní raibh gíog ná míog as na meáin ar fud na hEorpa faoin scéal seo), is céim thábhachtach faoi láthair í seo mar gheall ar lion na mbaghcat ar Iosrael atá ag dul i méid an t-am ar fad.

“When anti-Israel motions are debated in the European Parliament, we will now be able to send Likud MKs to defend Israel to members of the parliament in an official capacity,” a dúirt urlabhraí na toscaireachta leis an nuachtán Iosraelach.

Baill de Pháirtí Coimeádach na Breataine a bhunaigh an ECR a bhfuil 75 Feisire de Pharlaimint na hEorpa ó 17 dtír ina mbaill de. Fágann sin gurb é an ECR an tríú grúpa is mó i bParlaimint na hEorpa. Tá sé i gcomhghuaillíocht freisin le AKP na Tuirce, leis an bPáirtí Poblachtach sna Stáit Aontaithe agus le páirtithe san Astráil, i gCeanada, san Maracó agus sa Nua-Shéalainn. 

Tá an Likud tar éis dul i dteagmháil le lucht an láir ar an eite dheis ar fud na hEorpa agus tharla an cruinniú i Strasbourg de bharr gur éirigh le Eli Hazan, ceannaire na toscaireachta, dul i bhfeidhm ar oifigigh an pháirtí agus é ar cuairt i Londain le déanaí.

Ní haon ionadh gur i Londain a cuireadh tús leis an gcomhghuaillíocht seo nuair a chuirtear cumhacht  bhrúghrúpa Iosrael sa Bhreatain san áireamh. De réir an chlár teilifíse imscrúdaitheach Dispatches: Inside Britain’s Israel Lobby bhí thart ar 80 faoin gcéad den Pháirtí Coimeádach ina gCairde Coimeádacha Iosrael in 2009. (Ní móide gur tháinig laghdú ar bith ar líon na mball ó shin.) “The pro-Israeli lobby in this country is the most powerful lobby; there’s nothing to touch them,” a dúirt polaiteoir Sasanach ar an gclár.

Roimh an olltoghchán anuraidh, d’fhoilsigh an nuachtán Iosraelach Haaretz alt dar teideal ‘Is David Cameron the Most pro-Israel British PM Ever?’ Nuair a thug sé cuairt ar Iosrael an bhliain roimhe sin, labhair Cameron leis an Knesset agus luaigh sé a shin-sin-seanathair, Emile Levita, baincéir Giúdach a tháinig go Sasana ón nGearmáin sna 1850í. Dúirt an príomhaire gur thug an nasc sin tuiscint éigin dó ar phobal Iosrael agus mhol sé an t-aistear iontach a rinne siad trí stair na géarleanúna s’acu.

Gheall sé go seasfadh sé gualainn ar ghualainn leis an stát ‘i mbaol’ ina throid i gcoinne na sceimhlitheoireachta.

Ach cé a sheasfas leis na Palaistínigh bhochta ina dtroid siúd i gcoinne sceimhlitheoireacht stát Iosrael? Agus tionchar Likud ag dul i méid ar Pharlaimint na hEorpa as seo amach, ní móide go seasfaidh an tAontas Eorpach ar son na bPalaistíneach in aghaidh na héagóra ar chaoi ar bith.

Fág freagra ar 'Fáilte mhór curtha ag coimeádaithe roimh Likud go Strasbourg'