Fáilte curtha roimh fhiosrúchán faoi chinneadh Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Líofa

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad “ag súil go mór” le torthaí an fhiosrúcháin atá á bhunú ag Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann

Fáilte curtha roimh fhiosrúchán faoi chinneadh Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Líofa

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an scéala go bhfuil fiosrúchán le bunú ag Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann i dtaca le cinneadh conspóideach an iar-aire pobal Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Ghaeltachta Líofa ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh lucht na heagraíochta “ag súil go mór le torthaí an fhiosrúcháin a léamh”.

“Cuireadh scéim thrasphobail Líofa ar bun, scéim a ndéantar tástáil acmhainne uirthi, chun deiseanna foghlamtha a chur ar fáil do dhaoine óga, na daoine óga is mó faoi mhíbhuntáiste sna sé chontae.

“B’ionsaí é seo, ní amháin ar an Ghaeilge, ach ar na daoine óga sin ar suim leo eispéireas tumoideachais a fháil sa Ghaeltacht. Ní raibh anseo ach an t-ionsaí ba dhéanaí i sraith fhada ionsaithe ó Airí de chuid an DUP ar an Ghaeilge agus ar an Ghaelscolaíocht.

“Tá bunchosaint de dhíth ar an teanga agus ar an phobal; cuirtear sin ar fáil tríd reachtaíocht chosanta, cheartbhunaithe don Ghaeilge,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur léirigh cás Líofa “thar aon chás eile” an “géarghá” hAcht Teanga ó thuaidh.”

Rinneadh cáineadh láidir ar chinneadh Paul Givan deireadh a chur leis an scéim sparánachta dhá lá roimh an Nollaig anuraidh. Dúirt ceannaire Shinn Féin Gerry Adams “gur chinneadh aineolach ag duine aineolach a bhí ann” agus luaigh Martin McGuinness an scéal agus dearcadh an DUP leith na Gaeilge nuair a d’fhógair sé seo go raibh sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire, cinneadh a chuir deireadh le feidhmeannas Stormont.

D’fhógair Givan i mí Eanáir na bliana seo go raibh an €50,000 a bhain sé den scéim de chuid Líofa “aimsithe” aige agus go raibh an deontas á chur ar fáil arís aige.

Tháinig sé chun solais ó shin go bhfuair oifigigh na Roinne Pobal an scéal go raibh cinneadh Givan faoi na sparánachtaí curtha ar ceal trí an suíomh meán sóisialta Twitter, seachas ón Aire féin.

De réir eolais a fuair an nuachtán The Irish News faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, níor thosaigh na hoifigigh ar athbhunú na scéime go dtí gur tháinig an scéal ó chuntas Twitter Givan.

De réir eolais a foilsíódh ar an suíomh Meon Eile, chuir oifigeach sinsearach comhairle ar Givan sula ndearna sé an cinneadh faoin deontas anuraidh go bhféadfadh go n-eascródh “negative media attention” as an scéal go raibh deireadh á chur leis an scéim.

Dúradh chomh maith go bhfágfadh a leithéid de chinneadh níos lú daoine óga agus fásta in acmhainn freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Diúltaíodh d’iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar chomhfhreagras, meamraim agus cáipéisí eile a bhain leis an gcinneadh.

Diúltaíodh don iarratas ar an mbonn nach ar ‘leas an phobail’ a bheadh nochtadh an eolais ‘ró-íogair’ sin tráth a bhfuil Scéim Sparánacht Ghaeltachta Líofa ina “ceist bheo” agus tráth a bhfuil idirbheartaíocht iarthoghcháin ar bun.

Mhaígh an Roinn Pobal go “mba réasúnta a mheas go gcuirfí srian ar oifigigh tuairimí macánta, oscailte a chur in iúl” dá dtabharfaí an t-eolas faoi chinneadh Givan do tuairisc.ie.

Dúradh chomh maith go rabhthas ag diúltú don iarratas chun nach mbeadh imní ar dhaoine tuairimí a chur ar fáil d’Aire agus gur dócha go mbeadh an Ghaeilge ina cuid “ríthábhachtach” san idirbheartaíocht iarthoghcháin” i Márta 2017 agus “ina dhiaidh sin”.

“Nuair a chuirtear leas an phobail sa mheá, is é barúil na Roinne gur treise cúiseanna leas an phobail in éadan an nochta, agus gur le leas an phobail neamhnochtadh na faisnéise,” a dúradh.

Ba í tuairim na Roinne faoin bhfaisnéis a bhaineann le cinneadh Givan maidir leis an scéim líofa go mbaineann an fhaisnéis sin “atá á coinneáil siar” le ceisteanna “íogaire, beo” agus go bhfuil “argóintí ‘spás sábháilte’ ábhartha sa chás seo”.