Fáilte curtha ag Cearta Oideachais roimh rún an Aire Bruton leasú a dhéanamh ar reachtaíocht

Dúirt an Aire Oideachais aréir go bhfuil sé ‘fabhrach’ don éileamh go ndéanfaí leasú ar Bhille nua ionas nach gcuirfeadh sé isteach ar chead scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge

Fáilte curtha ag Cearta Oideachais roimh rún an Aire Bruton leasú a dhéanamh ar reachtaíocht

An Dr Ríona Ní Fhrighil, Cearta Oideachais

Tá fáilte curtha ag an mbrúghrúpa Cearta Oideachais roimh an scéala go bhfuil an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton chun a mhachnamh a dhéanamh faoi conas is féidir an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 a leasú chun nach gcuirfidh sé isteach ar cheart chun oideachas lán-Ghaeilge an pháiste atá á thógáil le Gaeilge.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton aréir go raibh sé “fabhrach” don éileamh go ndéanfaí leasú ar Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 lena chinntiú nach gcuirfeadh sé isteach ar chead scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.

Dúirt an tAire Bruton ag cruinniú de Chomhchoiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais go raibh rún aige comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne maidir le leasú a chur chun tosaigh ag an gcéad chéim eile den Bhille, ach gur ghá don leasú sin a bheith “legally sound”.

Dúirt sé gur cheist chasta a bhí ann agus go gcaithfí déileáil léi ar bhonn “cothrom” agus ar bhealach a chinnteodh nach gcoinneofaí amach aon pháiste bunaithe ar chúlra sóisialta nó eacnamaíochta a theaghlaigh.

Dúirt sé gur thuig sé an bunús leis an éileamh go leasófaí an reachtaíocht ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge ach gurbh í an cheist ná conas a dhéanfaí sin gan cur as don “bhunphrionsabal fadbhunaithe” go raibh na cearta chun scoile céanna ag gach páiste beag beann ar a gcumas nó a gcúlra.

Dúirt sé go gcaithfeadh sé aghaidh a thabhairt ar cheisteanna casta eile sula gcuirfeadh sé a leasú féin chun tosaigh ag an gcéad chéim eile den Bhille, Céim na Tuarascála.

Dúirt an Dr. Ríona Ní Fhrighil ó Chearta Oideachais go bhfáiltíonn an grúpa deonach tuismitheoirí roimh “gheallúint” an Aire “go dtiocfaidh sé ar réiteach ar na ceisteanna atá tarraingthe anuas ag urlabhraithe an fhreasúra agus ag teaghlaigh Ghaelacha faoi thionchar an bhille ar pháistí atáthar á dtógáil le Gaeilge”.

“Leanfaimid orainn ag coimeád súil ar dhul chun cinn an bhille agus beimid i mbun cumarsáide leis an Aire agus le baill an Choiste Oideachais agus Scileanna faoin gceist,” a dúirt an Dr. Ríona Ní Fhrighil.

Dúirt an tAire Bruton aréir go ndéanfadh sé “a mhachnamh” ar an gceist sula molfaidh sé a leasú féin.

Is ar an mbonn sin nár ghlac an tAire aréir le leasú ar an mBille a mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne agus an Teachta Dála de chuid Chomhaontas Glas Catherine Martin.

Bhí an bheirt Teachtaí Dála sásta le cur chuige an Aire go bhfillfí ar an gceist arís ag an gcéad chéim eile den Bhille.

Tá Fianna Fáil, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas ar son an Bhille a leasú chun a chinntiú nach gcuirfí cosc faoin reachtaíocht nua ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí arb í an Ghaeilge teanga a dteaghlaigh.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Faoi alt 64 den Bhille bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Tá leasuithe ar an mBille molta ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra – Thomas Byrne (FF), Carol Nolan (SF), Joan Burton (LO) agus Catherine Martin (CG) –  a chinnteodh nach dtarlódh a leithéid.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais an tseachtain seo caite moladh go dtabharfadh an tAire Richard Bruton “aitheantas cuí” do chearta an chainteora dúchais Gaeilge sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 agus nach gcuirfeadh an reachtaíocht isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

I measc na moltaí i dtuarascáil an choiste, tá moltaí ó na heagraíochtaí Cearta Oideachais agus Gaeloideachas a chuir aighneachtaí faoi bhráid an Choiste Oireachtais.

 

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Cearta Oideachais roimh rún an Aire Bruton leasú a dhéanamh ar reachtaíocht'