Fáilte curtha ag Aontas na Scríbhneoirí roimh chlár nua leabhar ar TG4

Craolfar an chéad eagrán de ‘Léirmheas Leabhar’ ar TG4 anocht. Is í Róisín Ní Ghairbhí a bheidh ag cur an chláir i láthair

Fáilte curtha ag Aontas na Scríbhneoirí roimh chlár nua leabhar ar TG4

Tá fáilte curtha ag Aontas na Scríbhneoirí roimh an gclár nua litríochta atá le tosú ar TG4 an tseachtain seo chugainn.  Craolfar an chéad eagrán de Léirmheas Leabhar ar an 25 Eanáir agus is í an Dr Róisín Ní Ghairbhí ó Choláiste Mhuire Gan Smál a bheidh á chur i láthair.

Dúirt Cathal Póirtéir, cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí, gur maith an rogha í Ní Ghairbhí mar láithreoir toisc “a croí a bheith istigh sa litríocht”.

Bhí sé ina údar gearáin ag an Aontas ó lá a bhunaithe nach dtugtar aird mar is ceart ar chúrsaí litríochta na Gaeilge sna meáin chumarsáide, idir Bhéarla agus Gaeilge. Tá an tAontas i mbun achainí ar Fhoras na Gaeilge le dhá bhliain anuas airgead a chur ar leataobh do chur chun cinn na litríochta Gaeilge sna meáin chumarsáide.

Tá an tsraith nua mhíosúil litríochta agus léirmheastóireachta á urrú ag an bhForas. Meastar go gcosnóidh an tsraith iomlán €92,000 ach íocfaidh Clár na Leabhar Gaeilge, atá faoi stiúir Fhoras na Gaeilge, beagnach leath an airgid sin, €45,000.

Beidh béim á cur sa tsraith ar shaothair nuafhoilsithe agus léirmheasanna á ndéanamh ar leabhair éagsúla do léitheoirí fásta agus léitheoirí óga araon.

Is iad na leabhair An Tearmann le Alex Hijmans, An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín agus Scéalta Nuachta le Déaglán de Bréadún a bheidh faoi chaibidil ag an bpainéal léirmheastóirí ar an gcéad chlár anocht.

Dúirt Ní Ghairbhí le Tuairisc.ie go bhfuil sí ag súil go mór leis an tsraith agus gur “deis iontach” a bheidh inti d’fhoilsitheoirí, scríbhneoirí agus daoine eile atá ag plé le litríocht na Gaeilge a saothar a chur i mbéal an phobail.

“Tá gnéithe éagsúla i gceist leis an gclár, léirmheasanna ar leabhair mar a thuigfeá ón dteideal ach beidh an seó ar an mbóthar freisin agus buailfear leis na léitheoirí agus na scríbhneoirí. Tá cur chuige an-nua-aoiseach agus forásach ag an-chuid foilsitheoirí cheana féin agus iad ag aimsiú léitheoirí, agus cuirfidh an clár seo leis sin.

“Is dócha go raibh gá lena leithéid de chlár agus is dócha go mbíonn cumas ar leith ag lucht na teilifíse breith ar dhuine agus é ina shuí ar an tolg. Bhí cláracha cheana ar TG4 leis an múnla seo, nach raibh dírithe ar leabhair amháin, ach seo an chéad uair a bheidh sraith ann agus baineann stádas léi dá réir, stádas a dhéanfaidh leas na litríochta Gaeilge,” a dúirt sí.

Beidh “gach aon saghas leabhar” faoi chaibidil ar an gclár, a dúirt Ní Ghairbhí, agus leabhair nua-fhoilsithe amháin a mbeidh a bheith istigh acu air. Beidh filíocht, úrscéalta agus gearrscéalta, chomh maith le leabhair do leanaí á meas ar an gclár.

“Ní clár acadúil é seo, baineann sé leis na leabhair atá ar fáil anois díreach sna siopaí. Is deis iontach é do dhaoine a bhfuil spéis acu i litríocht na Gaeilge, bhí club leabhar ann fadó, tá forais eile a bhfuil ag éirí go maith leo chomh maith, an club idirlín atá ag Gaelchultúr mar shampla, agus seo slí eile dul i dteagmháil le léitheoirí,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Aontas na Scríbhneoirí roimh chlár nua leabhar ar TG4'

  • Breathnóir

    Is smaoineamh iontach é seo. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis an chlár.