‘Fáilte’ ag RnaG roimh dhíospóireacht faoi thuairim iarchathaoirligh nach bhfuil an stáisiún ‘in oiriúint’ do phobal na teanga

Dúirt Lorcán Ó Cinnéide, iarchathaoirleach ar Chomhairle RTÉ RnaG ar Cormac ag a Cúig go raibh gá le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar an stáisiún

From Monday 15 September 2014 all news bulletins as Gaeilge on RTÉ Radio will be delivered from RTÉ Raidió na Gaeltachta in Casla, Connemara. Henceforth the station will provide all 32 Irish-language bulletins across RTÉ Radio 1, RTÉ lyric fm and RTÉ 2fm, in addition to their own news service currently provided throughout the day. From Monday 15 September the RTÉ.ie news website, and the RTÉ News Now App, will feature national, international and regional news in Irish for the first time.

Chuirfeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte roimh “dhíospóireacht oscailte ar bith” a d’eascródh as tuairim iarchathaoirleach Chomhairle an chraoltóra nach bhfuil an stáisiún “in oiriúint do phobal na Gaeilge nó na Gaeltachta mar atá anois ann”.

Idir an dá linn, dheimhnigh urlabhraí ó RnaG le Tuairisc.ie go bhfuil an stáisiún ag feidhmiú gan aon chomhairle le tamall anuas ach go bhfuil sé i gceist comhairle nua a cheapadh “go luath”.

Dúirt Lorcán Ó Cinnéide, iarchathaoirleach ar Chomhairle RTÉ RnaG ar Cormac ag a Cúig go raibh gá le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar an stáisiún.

“Is dóigh liomsa go pearsanta go bhfuil gá le taighde ar cé atá ag éisteacht, cé nach bhfuil ag éisteacht.  Thabharfainnse creathadh ó bhonn dó [don stáisiún] chun an fhírinne a rá.  Is dóigh liom go bhfuil sé socraithe i múnla a cuireadh ann sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus nach bhfuil sé in oiriúnt do phobal na Gaeilge nó na Gaeltachta mar atá anois ann,” a dúirt iarchathaoirleach Comhairle RnaG.

Bhí Ó Cinnéide faoi agallamh ar RnaG i dtaobh ráiteas a rinne an t-iarchraoltóir Cian Ó hÉigeartaigh ar Adhmhaidin Dé Céadaoin ina ndúirt sé go gcuireann an “droch-Ghaeilge” a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún “tinneas” air.

Chaith Ó hÉigeartaigh amhras chomh maith ar thiomantas bhainistíocht an stáisiúin raidió do chosaint cheartúsáid na teanga.

I ráiteas a eisíodh thar ceann Raidió na Gaeltachta dúradh gur “ceist thábhachtach” don stáisiún í ceist chaighdeán na Gaeilge.

“Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach i ngach gné de chraoladh an stáisiúin, caighdeán na Gaeilge san áireamh,” a dúradh.

Maidir le caint Uí Chinnéide, dúirt urlabhraí ó RnaG le Tuairisc.ie tráthnóna inné go gcuireann an stáisiún “fáilte i gcónaí roimh thuairimí an phobail” agus gur chun tairbhe na craoltóireachta é go mbeadh “díospóireacht oscailte faoi thuairimí na n-éisteoirí”.

Tá sé beartaithe ag an gclár Cormac ag a Cúig díospóireacht a chur ar bun sna laethanta amach romhainn faoin méid a bhí le rá ag Lorcán Ó Cinnéide faoin ngá le hathrú a dhéanamh ar chur chuige an stáisiúin.

Fág freagra ar '‘Fáilte’ ag RnaG roimh dhíospóireacht faoi thuairim iarchathaoirligh nach bhfuil an stáisiún ‘in oiriúint’ do phobal na teanga'

  • Pól Ó Braoin

    :)

  • Donncha Ó hÉallaithe

    B’fhiú éisteacht leis an méid a bhí le rá ag Lorcán Ó Cinnéide faoi RnaG. Is Iarchathaoirleach ar an gComhairle é, rud a thug deis dhó athraithe a mholadh. Braithim go bhfuil meon ag RTÉ gur raidió náisiúnta é Raidió na Gaeltachta. Ach ní mar sin atá. Bunaíodh é mar Raidió na Gaeltachta, agus déanann sé freastal réasúnta maith ar na pobail Ghaeltachta, ina bhfuil an Ghaeilge fós á usáid iontu mar ghnáth theanga cumarsáide. Sé é an bua is mó atá ag RnaG agus tá daoine sa Ghaeltacht, ina bhfuilimse im chónaí ar aon chaoi, ag éisteacht leis. Cé caoi a bhfuil fhios agam é sin? Bhuel, bím ar chláracha RnaG ag cur dhíom anois is aríst. Dá mbeinn ar Adhmhaidin nó Inis Aniar ní bheadh an mhaidin caite go mbeadh duine nó dhó a chasadh orm a dhéarfadh liom gur chuala siad mé ar an Raidió! Tá dílseacht do RnaG sa Ghaeltacht, nach bhfuil ag aon mheán Gaeilge eile, Tuairisc.ie san áireamh. Ní beag é sin. Tá an dílseacht sin bunaithe ar an dtuiscint gur le pobail na Gaeltachta go príomha an stáisiún raidió a thagann ó Chasla. Níl daoine sa Ghaeltacht ag éisteacht le RnaG, mar rogha stáisiúin i measc na scórtha stáisiún raidió atá ar fáil, mar gheall gur i nGaeilge atá sé.Tá daoine sa Ghaeltacht ag éisteacht le RnaG mar go bhfuil teanga nadúrach na Gaeltachta le cloisteál ón gcuid is mó de na craoltóírí, agus má tá roinnt botún gramadaí agus roinnt béarlachas tríd an teanga sin, cén dochar. Níl a fhios agam an mbeadh daoine sásta éisteacht le RnaG dá mbeadh teanga stálaithe le cloisteál i gcónaí gan roinnt den bhéarlachas tríd. Is fearr liom éisteacht le Seán Bán Breathnach ag déanamh tráchtaireacht ar chluiche iománaíochta ná le duine ar bith eile i mBéarla ná i nGaeilge, mar gheall ar an bpaisean atá aige don chluiche atá á chraoladh aige.

    Mar atá ráite agam i dtrácht eile, sé an locht is mó a bheadh agamsa ar RnaG faoi láthair ná na cláracha ceoil san oíche, am a fhéadfaí éisteoirí a mhealladh ar fud na tíre agus ar fud an domhain le meascán den cheol is fearr atá ar fáil de gach uile cineál. In áit sin tá ‘An Taobh Tuathail’ againn óna 10 go dtí 12 cúig oíche den tseachtain ag craoladh an cineál ceoil céanna leictreonach, gan mórán de mheascán tríd. Mura dtaithníonn an ceol sin leat, níl RnaG le freastal ort. Mion rud é sin, ach ní thuigim cén fáth an bhfuil 10 uair a chloig á chur ar fáil do cheol, nach bhfuil aon éileamh air ó lucht éisteachta RnaG, do réir mar a fheicimse.

    Sin é mo phríomh gearáin atá agamsa maidir le RnaG. Ach is breá liom go bhfuil an díospóireacht oscailte ag Cian Ó hÉigeartaigh agus ag Lorcán Ó Cinnéide, an fhad is nach ndéantar dearmad ar an gcúis a bunaíodh RnaG an chéad lá.