Fágtar ola Chorca Dhuibhne gan tochailt!

Tá coimhlint báis nó beatha ar siúl ar fud na cruinne, idir shean agus nua, idir shalach agus ghlan, idir bhilliúnaithe ola Trump agus na daoine atá ag troid ar son sláinte agus fad saoil a muintire

Fágtar ola Chorca Dhuibhne gan tochailt!

Is cuma cé mhéad milliún bairille ola atá faoin bhfarraige amach ó chósta Chiarraí, mar a maíodh an tseachtain seo caite, caithfear an ola sin a fhágáil gan tochailt. Go deimhin, caithfear 80% de na taiscí ola agus guail a bhfuil eolas fúthu ar domhan a fhágáil gan tochailt, má tá olltubaistí aeráide le seachaint. Cinnte, ní dá ndeoin féin a ghéillfidh lucht ola ná guail dó seo, ach tá feachtas forleathan ar siúl le brú a chur orthu; agus tá dífheistíocht sna comhlachtaí úd ar luach $5 trilliún dollar geallta go dtí seo ag 700 institiúid stáit, ollscoileanna, comhlachtaí pinsin agus infheisteoirí móra eile i mbreis agus 70 tír.

Le breis agus seachtain anuas, tá na céadta léirsithe ar son dífheistithe ó bhreoslaí nimhiúla ar siúl, ón Ísiltír go dtí an Indinéis agus ón tSualainn go dtí an tSín. Anseo in Éirinn, bhí imeachtaí lasmuigh den Dáil i mBaile Átha Cliath agus de Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Tá Bille um Dhífheistiú le plé go luath ag Coiste Airgeadais an Oireachtais, a chuirfidh iachall ar Chiste Infheistíochta Straitéisí na tíre luach ar a laghad €72 milliún dár gcuid airgid a bhaint as comhlachtaí guail, gás fraiceála agus ola, a bhfuil lucht phíblíne an Keystone XL sna Stáit Aontaithe ina measc. Thacaigh tromlach na dteachtaí sa Dáil leis an mbille ag an Dara Léamh.

De réir na dtuairiscí an tseachtain seo, tá comhlacht Europa ag dréim le druileáil thrialach a dhéanamh san Atlantach, le súil suas le 550 milliún bairille ola a aimsiú. Chruthófaí a lán postanna i gCo. Chiarraí, dar leo; ach mar a deir an mana Béarla, ‘there are no jobs on a dead planet’.

Maidir le brabach, rinne saineolaithe Bloomberg New Energy Finance anailís a thaispeáin gur fearr an sochar atá le fáil inniu as infheistíochtaí nach bhfuil breoslaí iontaise (fossil fuels) mar chuid díobh. Agus mar atá ráite ag Mark Carney, gobharnóir Bhanc Ceannais Shasana, ní féidir formhór mór na dtaiscí ola ná guail ar domhan a dhó sa todhchaí, ionas gur ‘stranded assets’ a bheidh iontu a d’fhéadfadh géarchéim airgeadais a chruthú.

Tar éis feachtais ag grúpa mac léinn, d’fhógair Coláiste na Tríonóide anuraidh go ndéanfar dífheistiú ar luach €6 milliún ó chomhlachtaí breosla iontaise. Dhá mhí ó shin, gheall Ollscoil na hÉireann Gaillimh luach €3.4 milliún a dhífheistiú. I measc na n-ollscoileanna thar lear atá ag dífheistiú suimeanna móra, tá Glaschú, Oxford agus Stanford; agus i measc na gcéadta mór-institiúid eile, tá cistí airgid chathracha Bheirlín agus Sydney, Comhairle Dhomhanda na nEaglaisí, Fondúireacht Leonardo di Caprio, agus an comhlacht árachais Axa.

Trí bliana ó shin d’fhógair cistí Rockefeller, a thuill fortún an chéad lá riamh ón ola, go n-éireoidh siad as aon infheistíocht is cúis le scrios aeráide, á rá ‘that it is no longer financially prudent or morally responsible’.

Tá scrios ón athrú aeráide le feiceáil i measc na bpobal is boichte ar domhan ag na heagrais Trócaire, Concern agus Oxfam, agus iad an-ghníomhach sna feachtais dífheistíochta in Éirinn dá bharr sin. Sa Mhaláiv san Afraic, fágadh 2.8 milliún duine ar an trá fholamh tar éis dhá bhliain de thuilte millteanacha agus ansin triomach; tá na milliúin mhóra eile san Afraic i mbaol báis ón ocras agus cuid acu ag teitheadh chuig na tíortha saibhre a chruthaigh na fadhbanna ó thús. Athrú aeráide is cúis le bás roimh am do 150,000 duine gach bliain, a deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Tá dea-scéalta le fógairt chomh maith: tá an fuinneamh is saoire ar domhan le fáil ón ngrianchumhacht anois, arsa suíomh nuachta Bloomberg anuraidh, agus fás rábach air sa tSín, san India, sa Bhrasaíl agus ina lán tíortha eile. Gineadh níos mó cumhachta ón ngrian ná ón ngual sa Bhreatain i gcaitheamh sé mhí anuraidh, athrú stairiúil sa tír inar thionscain an gual an Réabhlóid Thionsclaíoch. Tá na céadta mílte post sa tionscal grianchumhachta sna Stáit Aontaithe, níos mó ná sna tionscail ola, gáis agus guail – in ainneoin na tacaíochta ón Uachtarán Trump do thionscal salach an ghuail agus do na billiúnaithe ola atá neadaithe ina rialtas aige.

Anseo in Éirinn, tá géarghá le plean láidir a thabharfaidh cearta do phobail áitiúla bheith páirteach i dtograí glanfhuinnimh, mar a tharlaíonn sa Danmhairg agus sa Ghearmáin. Is é solas an lae seachas scalladh gréine is mó a ghineann an leictreachas, agus is cinnte gur bhreá le scoileanna, clubanna spóirt agus gnólachtaí ioncam a thuilleamh as farasbarr fuinnimh a dhíol leis an ngréasán ó phainéil ghréine ar an díon, ach tá cosc ar an díol sin faoi láthair. Tá faillí sheasta déanta ag an rialtas ar spriocanna aeráide na tíre, agus muid sáinnithe sa seansaol, gan plean cinnte éirí as na stáisiúin ghinte móna ná as an ngual i Moneypoint, agus postanna nua a chruthú do na hoibrithe.

Dar le Trócaire agus a gcomhghuaillithe, tá sé in am deireadh a chur le ceadúnais do thaiscéalaíocht ola, agus leis an gcaint ar bhairillí ola ón Atlantach. Cinnireacht a theastaíonn agus thacaigh an Dáil d’aonghuth go dtí seo leis an mBille um Chosc Fraiceála. Is comharthaí iad sin ar an gcoimhlint báis nó beatha atá ar siúl ar fud na cruinne, idir shean agus nua, idir shalach agus ghlan, idir bhilliúnaithe ola Trump agus a chomhluadar agus na daoine atá ag troid ar son sláinte agus fad saoil a muintire.

Is úrscéalaí í Anna Heussaff. Tá sí ina leaschathaoirleach ar an eagras Cairde na Cruinne in Éirinn.