Fadtéarma sa pholaitíocht: an tréimhse idir inniu agus olltoghchán

Sheachain an tAire Iompair ábhar argóna ag comhdháil an Lucht Oibre ag an deireadh seachtaine. Ach níl ar a chumas ceist Aer Lingus a chur i leataobh go dtí lá an Olltoghcháin

File Photo Minister for Transport Paschal Donohoe has insisted that access and jobs will be core considerations in deciding whether the Government sells its 25.1% share in Aer Lingus.
Pictiúr: Photocall Ireland

Is faoi Willie Walsh atá sé anois. Thug Paschal Donohue freagra cuimsitheach tráthnóna Dé Máirt ar thairiscint Walsh ar Aer Lingus. Dhiúltaigh an tAire don tairiscint, ach níor chuir sé as an áireamh é go ndéanfaí margadh amach anseo le príomhfheidhmeannach IAG.

Go deimhin, níl focal sa ráiteas dhá leathanach a d’eisigh an tAire thar ceann an Rialtais a chuirfeadh ceannaitheoir dáiríre ó dhoras. Chuimhnigh mórán ar léamh an ráitis dóibh ar a ndúirt Willie Walsh le gairid le comhaltaí an choiste iompair i dTeach Laighean.

“B’fhéidir,” a dúirt sé ar 12 Feabhra, “nach mbeadh an dara tairiscint a dhéanfaidh mé níos fearr ná an chéad cheann.” An focal is tabhachtaí san abairt: b’fhéidir.

Tá baol agus deis in éineacht don rialtas san ealaíon seo. D’oirfeadh (1) margaíocht nó (2) éiginnteacht a mhairfeadh ar feadh bliana do Theachtaí Dála an rialtais i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus i gceantair Chorcaí agus na Sionainne. B’fhearr lena mbunáite gan rogha roimh thoghchán a dhéanamh.

Ach má chuireann IAG tairiscint níos fearr faoi bhráid an rialtais, agus má aontaíonn na ceardchumainn le bainistíocht Aer Lingus go ndéanfadh an tairiscint a leas, athróidh an léargas. Tabhair faoi deara, mar shampla, gur “untenable at the present time” a thug Joe Costello ón Lucht Oibre ar thairiscint IAG (ar fiú €335m don rialtas é faoi láthair).

Thug iarchomhairleoir rialtais sainmhíniú dom fadó ar thréimhsí polaitiúla:

FADTÉARMA: an tréimhse idir inniu agus olltoghchán.

MEÁNTÉARMA: bliain, ar a mhéid.

GEARRTHÉARMA: As seo go dtí foilsiú nuachtán an Domhnaigh.

Tá ceist Aer Lingus curtha i leataobh ag Paschal Donohue sa ghearrthéarma, agus comhdháil an Lucht Oibre i gCill Áirne san áireamh. Ina dhiaidh sin, braitheann suaimhneas an Rialtais go hiomlán ar iarcheannasaí Aer Lingus.

D’IMIGH SIN AGUS THÁINIG SEO

Fiafraíodh roimhe seo den fhear a toghadh le gairid mar Phríomh-Aire na Gréige céard a dhéanfadh sé láithreach dá dtoghfaí é.

No 741831

“Chuirfinn na beartais dhéine go léir atá i bhfeidhm ar ceal. Agus dhéanfainn iarracht teacht ar chomhréiteach le tíortha eile san Eoraip maidir le ról Bhanc Ceannais na hEorpa, maidir le bannaí Eorpacha, agus maidir le plé ar fhiacha poiblí i ngach tír.”

Is in agallamh a craoladh ar CNN i 2012 a rinne Alexis Tsipras an cur síos sin ar an gcur chuige a bhí beartaithe aige ar theacht i gcumhacht dó. Ach is i bhfad ó chrógacht dá leitheid a bhí an litir ghéilliúil a chuir a rialtas chuig airí airgeadais limistear an Euro Dé Luain.

Bhí an litir doiléir in aiteanna, ach bhí a bunéirim soiléir. Ní athrófar formhór na bpolasaithe faoina gcoinnítear an déine i bhfeidhm sa Ghréig. Níl imeacht an troika á iarraidh ag rialtas na Gréige, faoi mar a bhí go dtí coicís ó shin. Agus ní cealú ar an phlean tarrthála an troika a d’iarr an litir, ach síneadh ceithre mhí chun teacht ar réiteach nua fadtéarmach.

Níl an cluiche thart fós, ach tá tuairim mhaith againn faoin tráth seo faoi cén saghas imirt a bheidh ann. Gheall Siriza, páirtí Alexis Tsipras, athrú mór roimh an toghchán. Ach is ag tarraingt siar óna ngeallúintí atá siad ó shin. Caveat: seachnaíonn gach tráchtaire stuama spóirt tairngreacht i bhfianaise na bpointí is túisce a scóráiltear. Feicfimid.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'Fadtéarma sa pholaitíocht: an tréimhse idir inniu agus olltoghchán'

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Tá an cluiche thart in Inis Fáil de bharr diongbháilteacht Fhine Fael.

  • Fearn

    B’fhéidir go gcuirfeadh sibh spéis i ngreann an Ollainnigh agus a dhearcadh ar an siúite idir an Ghréig agsu an AE?

    https://www.youtube.com/watch?v=ObpSd9DVD9E