Fadó, fadó in Éirinn a chuamar ag seoladh sa spás fioscach…

CATHAL MAC COILLE: Ní le cion a chuimhneofar ar 2016 ach nílimid gan údar mórtais ná dóchais

Fadó, fadó in Éirinn a chuamar ag seoladh sa spás fioscach…

Bhí fear ann fadó a d’inis scéal a chuir iontas ar mhórán. Deich mí ó shin a d’inis sé a scéal, leis an fhírinne a rá. Ach tá cúrsaí na hÉireann, agus an domhain, athraithe chomh mór ó shin, go mbraithfeá gur ‘fadó’ a d’inis sé é.

Bhí dhá fhocal ina scéal aige – spás fioscach (nó fiscal space) – nár chuala ár bhformhór riamh roimhe sin. Ní léir do chuid againn go hiomlán fós ciall na bhfocal sin. Ach thuigeamar rud amháin láithreach. Bhí carn mór airgid geallta do bhuaiteoirí an toghcháin.

Bheadh 12 billiún sa bhreis le caitheamh ag an rialtas idir seo agus 2021, a dúirt Michael Noonan roimh an olltoghchán, fiú mura n-ardófaí ráta cánach ar bith. D’aimsigh Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin laige sna meastacháin, ach níor athraigh Piaras an bunscéal ná an fhírinne a bhí follasach do chách.

Bhí Éire ag forbairt arís. Fostaíocht ag ardú, agus teacht isteach an rialtais ag ardú dá réir. Bheadh rogha dheas le déanamh ag an rialtas nua idir cáin a laghdú agus seirbhísí poiblí a fheabhsú.

D’imigh sin agus tháinig seo. Tá an geilleagar ag fás i gcónaí, cé go bhfuil an ráta fáis ag moilliú. Ach níl aon chaint anois ar an aisling réamhthoghcháin. Beidh ganntanas airgid ag cur brú ar an rialtas ar feadh dhá bhliain ar a laghad, agus beidh roghanna crua le déanamh dá bharr.

Níor tugadh tacaíocht do pháirtí ar bith san olltoghchán ar an 26 Feabhra (féach na torthaí thíos) a chuirfeadh ar a gcumas gnáth-chomhrialtas a bhunú. Thóg sé breis agus dhá mhí ar Fhine Gael teacht ar shocrú muiníne agus soláthair le Fianna Fáil a chuir ar a gcumas rialtas mionlaigh a bhunú le cabhair neamhspleách.

Ach is mar gheall ar vótaí agus eachtraí eile i gcéin a chuimhneofar ar 2016 mar dhrochbhliain a d’athraigh an léargas ar bhealach atá fós ina ábhar imní againn agus sinn ar thairseach na bliana nua.

Seo deich n-ábhar imní:

  1. Breatimeacht romhainn tar éis reifrinn sa Ríocht Aontaithe.
  2. Díluacháil sterling tar éis an reifrinn.
  3. Breatimeacht agus a thionchar iomlán ar Éirinn.
  4. Toghadh Donald Trump mar uachtarán sna Stáit Aontaithe.
  5. Comhoibriú idirnáisiúnta den uile chineál i mbaol de bharr toghadh Trump.
  6. Leas á bhaint as bréaga mar ghléas éifeachtach polaitiúil.
  7. An tsíorchogaíocht sa Mheán-Oirthear.
  8. Easaontas agus mí-éifeacht san Aontas Eorpach
  9. Géarchéim na himirce.
  10. Dhá ghéarchéim abhus: tithíocht agus sláinte.

D’fhéadfaí cur leis an liosta seo gan stró. Is deacair a bheith dóchasach faoina bhfuil i ndán dúinn in 2017 má chuimhnítear ar na cúiseanna imní atá faoi chaibidil sa liosta thuas. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh fadhbanna móra tithíochta agus sláinte na hÉireann ar a laghad chomh dona céanna san athbhliain.

Ach níor fhág 2016 muid gan aon ábhar sóláis, ná gan ábhar beag dóchais i gcomhair na hathbhliana.

Cuimhnigh, mar shampla, ar dhíograis an triúir a bhuaigh boinn airgid sna Cluichí Oilimpeacha: Gary agus Paul O’Donovan agus Annalise Murphy.

Cuimhnigh ar a ndearna an sár-státseirbhíseach Ken Whitaker ar ár son i gcaitheamh a shaoil, agus an tseirbhís a thuill dó an t-ardmholadh a fuair sé agus céad bliain á cheiliúradh aige ar an 8 Nollaig.

Agus cuimhnigh ar ardchumas, ar chrógacht agus ar mhórchroí na nÉireannach a bhí i mbun tarrthála ar bhord longa an chabhlaigh sa Mheánmhuir. Toradh a saothair go dtí seo: breis agus 15,000 duine sábháilte acu.

Ní beag san. Ní chuireann droch-cheannairí ná drochpholasaithe cumas ná uaisleacht an duine ar neamhní. Nílimid gan dóchas, ainneoin drochbhliain 2016.

DÁIL ÉIREANN TAR ÉIS OLLTOGHCHÁN 2016

Fine Gael: 50 suíochán
Fianna Fáil: 44 suíochán
Sinn Féin: 23 suíochán
Lucht Oibre: 7 suíochán
AAA/PbP: 6 suíochán
Comhaontas Glas: 2 shuíochán
Neamhspleáigh: 23 suíochán