Fadhbanna sláinte meabhrach ag 200,000 duine ó thuaidh de dheasca na dtrioblóidí

Is léir go bhfuil fadhb thromchúiseach mheabhairghalar i dTuaisceart Éireann. Tá práinn le hathrú sa chur chuige poiblí agus príobháideach

Depression Suicide

Tá fadhbanna sláinte meabhrach ag 200,000 duine i dTuaisceart Éireann de dheasca na dtrioblóidí, a deir Coimisinéir na nÍobartach, Judith Thompson. Is léir go bhfuil fadhb thromchúiseach ann.

Tá féinmharú forleathan, go háirithe i measc na n-ógfhear i gceantair bhochta agus gearáin ó ghaolta na marbh nach raibh fáil ag na daoine óga ar sheirbhísí meabhairshláinte in am. Tuairiscíodh níos luaithe i mbliana gur mó líon na ndaoine i dTuaisceart Éireann a chuir lámh ina mbás féin ó 1998 ná líon na ndaoine a maraíodh sna Trioblóidí. De réir na staitisticí oifigiúla is déanaí a foilsíodh cláraíodh 268 bás in 2014 mar fhéinmharuithe. Áirítear gur 16.5 duine, ar an meán, as gach 100,000 duine a chuir lámh ina mbás féin. I bpobal ina bhfuil 1.8 milliún duine ann sin 297 duine ar fad. Ceist phráinneach don tsochaí ar fad agus do na polaiteoirí go speisialta.

Ba í an tseachtain seo, ón 16-22 Bealtaine, an tseachtain um Fheasacht Mheabhairshláinte. Mar a tharla, ba í freisin an tseachtain í nuair a bhí na polaiteoirí i Stormont ag margáil le chéile faoi chlár oibre Stormont do na cúig bliana seo romhainn. Bhain eagraíocht dheonach, an Fhondúireacht Mheabhairshláinte leas as an deis chun tosaíochtaí i leith na ceiste a leagan amach don Fheidhmeannas.

Bhí miondealú déanta ag an bhFondúireacht ar fhorógraí toghcháin na bpáirtithe go léir agus teastaíonn uaithi go ndéanfadh na polaiteoirí beart de réir a mbriathar. Is féidir, de bharr an chórais i Stormont, geallúintí i bhforógraí na bpáirtithe go léir – nó, ar a laghad na páirtithe sa chomhaireacht – a shníomh le chéile chun polasaí críochnúil a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm, dar leis an bhFondúireacht.

I measc a n-éileamh, tá infheistíocht chun meabhairghalar a chosc agus chun idirghabháil a dhéanamh go luath, maille le cúram ar leith do mheabhairshláinte éinne a bhfuil tinneas coirp fadtéarmach air. Éilítear cur chuige bunaithe ar shaineolas ar thráma chun seirbhísí a sholáthar le dhul i ngleic le hoidhreacht na dtrioblóidí – leithéidí an 200,000 duine a raibh an Coimisinéir Thompson ag tagairt dóibh. Tá gá le gníomh freisin i bhfianaise an nasc atá idir bochtaineacht agus an galar dubhach agus strus.

Thairis sin ar fad, tá sé riachtanach nach mbeadh náire ar aon duine faoi mheabhairghalar, bíodh corrbhabhta nó aicíd fhadtéarmach i gceist. Thuill pearsana aitheanta ardmholadh le déanaí as labhairt amach faoina bhfadhbanna meabhairshláinte féin. Admhálacha inmholta gan dabht, údar sóláis agus uchtaigh do dhaoine atá ag fulaingt. Ach ní leor é.

Ní mór sochaí a fhorbairt ina mbeidh daoine in ann labhairt chomh hoscailte agus chomh héasca faoi mheabhairghalair is a dhéantar faoi thinneas ar bith eile. Is maith linn ligean orainn féin nach gcaitear go drochmheasúil le gealt, le duine faoi dhúlagar ná le duine nach bhfuil ábalta déileáil le fadhbanna an lae. Ach is maith atá a fhios againn nach amhlaidh an scéal i gcónaí. Cé againn nár chuala an focal maslach faoi dhuine tinn, nó nár chuala go raibh ardú céime ceilte ar dhuine tinn nó nach bhfaca go raibh duine tinn á sheachaint?

Is den riachtanas é go gcuirfear na seirbhísí leighis agus cúltaca ar fáil – níl aon dul as sin. Ach is den riachtanas é chomh maith go bhféachfaimid go léir chuige, i measc ár gcomhluadair féin agus sa phobal  trí chéile, nach nglacfaí leis an stiogma a bhaineadh le meabhairghalar. Ní mór an méid é ach is iontach go deo an claochlú a dhéanfadh sé ar shaol na mílte.