‘Fadhbanna bainistíochta’ agus teip chumarsáide ba chúis le moill ar phlean teanga Cheantar na nOileán

Maítear i gcáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie gur theip ar feadh ‘beagnach bliana’ ar iarrachtaí a rinne Údarás na Gaeltachta teagmháil a dhéanamh leis an gCoiste Pleanála Teanga i gCeantar na nOileán i gConamara

‘Fadhbanna bainistíochta’ agus teip chumarsáide ba chúis le moill ar phlean teanga Cheantar na nOileán

Bhí ar cheanneagraíocht pleanála teanga i gceantar Gaeltachta Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga nua a bhunú de bharr fadhbanna bainistíochta agus teip chumarsáide le hÚdarás na Gaeltachta.

Léiríonn cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise go raibh ar Chomhairle Ceantar na nOileán i gConamara coiste nua a bhunú chun tabhairt faoi phlean teanga a ullmhú breis agus dhá bhliain ó leagadh an cúram sin ar an eagraíocht.

Léiríonn na cáipéisí gur theip ar feadh “beagnach bliana” ar iarrachtaí a rinne Údarás na Gaeltachta teagmháil a dhéanamh leis an gCoiste Pleanála Teanga chun tuairisc a fháil ar an dul chun cinn a bhí a dhéanamh acu.

Ar an 19 Meán Fómhair 2016, scríobh Údarás na Gaeltachta chuig Comhairle Ceantar na nOileán ag cur in iúl dóibh nach raibh aon fhreagra faighte ar iarratais an Údaráis ar chruinniú leis an gComhairle “le roinnt míonna anuas” agus go raibh sé “ríthábhachtach” go mbeadh a leithéid de chruinniú ann.

Bhíothas ag súil, a dúirt an tÚdarás, “le cur síos cuimsitheach uaibh ar staid reatha na hoibre mar atá faoi láthair mar aon le caiteachas go dáta”.

Ar an 5 Deireadh Fómhair, scríobh ionadaí ón gceanneagraíocht i gCeantar na nOileán chuig an tÚdarás chun síneadh ama bliana a lorg d’ullmhú an phlean i bhfianaise na moille a bhí ar an obair de bharr “deacrachtaí bainistíochta”.

Ar an 5 Nollaig 2016, sheol feidhmeannach de chuid an Údaráis ríomhphost chuig Roinn na Gaeltachta ag iarraidh go gceadófaí síneadh ama bliana do Chomhairle Ceantar na nOileán Teo chun plean teanga a ullmhú. Tugadh le fios sa ríomhphost sin go raibh tús curtha leis an obair ag an gceanneagraíocht, go raibh suirbhé déanta sa cheantar i bhfómhar na bliana 2015 agus go raibh anailís fós á déanamh ar thorthaí an tsuirbhé sin.

Tá cur síos chomh maith sa chomhfhreagras seo idir an tÚdarás agus an Roinn ar na fadhbanna a bhain le hullmhú an phlean teanga do Cheantar na nOileán.

“Le beagnach bliain anuas tá go leor iarrachtaí déanta ag an Údarás teagmháil a dhéanamh le Cathaoirleach Chomhairle Cheantar na nOileán leis an staid reatha a fhiosrú ach ní raibh ag éirí linn.

“Bhí fadhbanna bainistíochta sa chomhlacht agus cuireadh moill ar an obair a bhí dírithe ar an phlean teanga a ullmhú. Ar threoir ón Údarás, tá Oifigeach Forbartha fostaithe ag an gcomhlacht ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite leis an gníomhaíochtaí go léir a bhainistiú,” a dúradh sa ríomhphost a sheol feidhmeannach ón Údarás chuig Roinn na Gaeltachta.

Dúradh go raibh Coiste Stiúrtha Nua Pleanála Teanga bunaithe i gCeantar na nOileán agus go raibh clár oibre agus clár ama nua leagtha amach acu d’ullmhú an phlean teanga.

Bhí an tÚdarás “muiníneach”, a dúradh, “go mbeidh siad [an coiste nua] ag tabhairt faoin obair chuí go fuinniúil sna míonna amach romhainn”.

Ba ar an 6 Samhain 2014 a leagadh an cúram ar Chomhairle Ceantar na nOileán plean teanga a ullmhú don cheantar, agus breis agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus an spriocam don phlean caite le trí seachtaine, bunaíodh an coiste nua chun tabhairt faoin obair.

Ba ag cruinniú a reáchtáladh ar an 30 Samhain 2016 a bhunaigh Comhairle Ceantar na nOileán, Comhar Chuigéil agus Muintearas an coiste nua faoi chathaoirleacht Andreas Vogel ó Muintearas. Aontaíodh ag an gcruinniú sin chomh maith go lorgófaí áisitheoir pleanála teanga “láithreach” le cabhrú le hullmhú an phlean teanga agus iarradh ar Údarás na Gaeltachta an lá céanna liosta saineolaithe sa phleanáil teanga a chur ar fáil don choiste nua.

Bhí cruinniú ag ionadaithe ón gceanneagraíocht leis an Údarás ag deireadh na Samhna seo caite chomh maith. I ndiaidh an chruinnithe sin, scríobh feidhmeannach de chuid an Údaráis chuig an gComhairle go raibh “súil” aici go raibh “léargas níos fearr ag an gComhairle Ceantair tar éis an chruinnithe faoi na céimeanna agus an próiseas a bhaineann le plean Teanga a réiteach”.

Mar fhreagra ar an gcomhfhreagras sin, dúirt ionadaí ón Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga i gCeantar na nOileán go raibh “léargas i bhfad níos fearr” anois acu ar “céard a bhí amach rompu”.

“Beidh cumarsáid i bhfad níos fearr idir muid ar fad uaidh seo amach, le cúnamh Dé,” a scríobh ionadaí an choiste ar an 30 samhain 2016.

Léiríonn na cáipéisí gur theip ar na hiarrachtaí ar fad a rinne Údarás na Gaeltachta i samhradh agus fómhar na bliana seo caite teagmháil a dhéanamh le Seán Ó Loingsigh, an té a bhí ina chathaoirleach ar an gcéad choiste pleanála teanga a bunaíodh i gCeantar na nOileán.

Is cosúil go rabhthas in amhras i bhfad roimhe sin faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh ar ullmhú an phlean teanga don cheantar.

Dúradh i gcáipéis inmheánach amháin de chuid an Údaráis, a ullmhaíodh ar an 24 Meán Fómhair 2014, nár léir go raibh aon choiste stiúrtha bunaithe fós chun tabhairt faoin bpleanáil teanga sa cheantar agus “nach raibh aon bhriseadh síos ar chaiteachas” faighte fós ag an Údarás.

Bhí go leor ceisteanna ag an Údarás chomh maith faoin gcur chuige a beartaíodh don suirbhé pleanála teanga a rinneadh sa cheantar i bhfómhar na bliana 2015. Chuir an tÚdarás ar a súile don Choiste Pleanála Teanga nach raibh “tagairt ar bith den teanga ná den Phleanáil Teanga” sna ceisteanna a bhí molta sa dara cuid den suirbhé sin. I measc na gceisteanna sin, bhí ceisteanna faoi thrácht ar na bóithre, faoi shábháilteacht baile agus faoi uachtanna. Bhí ceisteanna ann chomh maith faoi chearta bainte feamainne agus móna agus faoi cé acu an mbeadh rannpháirtithe an tsuirbhé sásta na cearta sin a dhíol.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, bhí ar Údarás na Gaeltachta síneadh ama a lorg maidir leis an spriocam i gcás naoi gcinn de na pleananna teanga atá á n-ullmhú sa Ghaeltacht faoi láthair.

Ceadaíodh síneadh ama do gach ceann de na heagraíochtaí a raibh a sprioc don phlean teanga leagtha síos don bhliain seo caite.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012 tugtar dhá bhliain don eagraíocht a roghnaítear chun plean teanga a réiteach dá gceantar, ach níor bhain aon eagraíocht an sprioc sin amach fós.

De réir na reachtaíochta, tá cead ag Aire na Gaeltachta síneadh ama a cheadú leis an obair a chur i gcrích.

Ba é an síneadh ama bliana i gcás Chomhairle Ceantar na nOileán Teo an síneadh is faide atá ceadaithe go dtí seo.

Ar an 13 Nollaig 2016 chuir príomhoifigeach de chuid na Roinne Gaeltachta in iúl do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, go raibh síneadh ama bliana ceadaithe do Chomhairle Cheantar na nOileán chun plean teanga a ullmhú. Is é an 30 Samhain an sprioc atá luaite anois le plean teanga Cheantar na nOileán.

Fág freagra ar '‘Fadhbanna bainistíochta’ agus teip chumarsáide ba chúis le moill ar phlean teanga Cheantar na nOileán'

  • eoghan Ó Brolacháin

    Ba cheart iad a chaitheamh amach as an nGaeltacht —níl ann ach an áit is láidre teanga sa tír