Tá fadhb leanúnach le tithe striapachais i gContae Dhún na nGall, agus formhór na dtithe sin lonnaithe i Leitir Ceanainn, a dúradh ag Cruinniú de Choiste Póilíneachta Chomhairle Contae Dhún na nGall an tseachtain seo.
Thug Gardaí sinsearacha le fios go bhfuil buíonta coirpeach i mbun tithe striapachais sa chontae agus go bhfuil an fhadhb ag éirí níos measa le roinnt míonna.
Rinne Gardaí Leitir Ceanainn tithe agus árasáin a chuardach ar an bhaile an mhí seo caite, tráth ar thángthas ar mhná agus ar fhir i mbun tithe striapachais a reáchtáil.
Bhí dhá cheann de na tithe a ndearnadh ruathar orthu ar Phríomhshráid Leitir Ceanainn, gar do Theach na Cúirte féin.
Ba as Oirthear na hEorpa formhór na mban a bhí ag obair mar striapacha i Leitir Ceanainn, a dúradh, agus tugadh cúigear ban agus beirt fhear os comhair na cúirte i mí na Nollag. Cuireadh cúiseanna ina leith a bhain le bheith ag feidhmiú mar striapacha nó a bheith i bhfeighil tithe striapachais.
Bhí cuid de na striapacha ag déanamh fógraíochta ar shuíomh idirlín Escort Ireland.
Cé go raibh fir sna tithe mar chliaint nuair a rinneadh na ruathair, níl sé in éadan an dlí íoc as gnéas in Éirinn agus ní thig iad a chúiseamh dá bharr.
Dúirt an Bleachtaire Cigire Pat O’Donnell le gairid go dtugtar anseo go leor de na mná atá i mbun striapachais i gContae Dhún na nGall in éadan a dtola agus go dtagann go leor acu thar teorainn ó na Sé Chontae, áit a bhfuil dlíthe níos déine i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an striapachas.
Faightear na tithe nó na hárasáin ar cíos go gearrthéarmach agus bogann an dream atá i gceannas na striapach ó fhoirgneamh go foirgneamh gach cúpla seachtain.
Bíonn fadhbanna le mí-úsáid drugaí i measc na mban go minic chomh maith, a dúirt an Bleachtaire O’Donnell agus is “fáinne fí” atá i gceist leis an striapachas do go leor acu, a dúirt sé.
R
A chara,
Cuireann sé olc orm go mbaineann na ceannlínte agus na scéalta faoin striapachas leis na mná i gcónaí. Níl aon lucht agam ar an phíosa nuachta seo ACH sílim go bhfuil sé in am againn an comhrá áirithe seo a dhíriú ar na daoine a úsáideann seirbhísí striapachais agus a choinníonn an t-éileamh seo ag imeacht.
Is mise, le meas,