‘Everything is possible’ don Ghaeilge, ach gá le ‘ceannaireacht’ sa Státchóras – an tUachtarán Ó hUigínn

Dúirt Uachtarán na hÉireann inniu gur ‘unfinished project’ atá i gceist le cearta a bhaint amach do phobal na Gaeilge

‘Everything is possible’ don Ghaeilge, ach gá le ‘ceannaireacht’ sa Státchóras – an tUachtarán Ó hUigínn

Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian De Spáinn, ag labhairt leUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.

Ag labhairt dó in Áras an Uachtaráin inniu, dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gur “unfinished project” atá i gceist le cearta a bhaint amach do phobal na Gaeilge.

Ag tagairt dó do chur chun cinn na teanga, dúirt sé “everything is possible” ach mhaígh sé gurbh ghá do státseirbhísigh shinsearacha agus do cheannairí eile feidhm a thabhairt do chearta teanga.

Ina óráid dhátheangach a tugadh ag ócáid cheiliúrtha do lucht forbartha chúrsa Gaeilge an chomhlachta idirnáisiúnta Duolingo, dúirt an tUachtarán gur éasca a thuiscint na cúinsí a thug ar Dhubhghlas de hÍde The Necessity for De-Anglicising Ireland a scríobh ag deireadh an 19ú hAois, ach gur “ceart bunúsach” a bhí á éileamh anois ag pobal na Gaeilge agus aige féin.

“Those of us my age and those of us who have been interested all of this century have simply been asking for a basic right, and that is the right of people who wish to speak Irish to do their business with the Irish State [in Irish]. This is an unfinished project.

“The legislation is there but it requires, if you like, the taking of the legislation and its putting into practice very particularly by those in senior positions within the Irish public service and who must be given leadership by people who believe in what I  have just said,” a dúirt an tUachtarán.

Cháin an tUachtarán an tuairim gur chun leas an duine é gan ach aon teanga amháin a bheith aige. Bhí an cineál tuairimíochta sin níor gaire do “the grosser assumptions of imperialist superiority than it is to anything democratic”. Agus a theanga ina leathbhéal aige, dúirt an tUachtarán go raibh súil aige nár mheas éinne gur rud “eccentric” a bhí ann dá leithéid Gaeilge a labhairt gach lá mar ionadaí poiblí.

“It’s a perfectly natural experience!” a dúirt sé.

Thug an tUachtarán ardmholadh do lucht forbartha an chúrsa Gaeilge ag Duolingo a bhfuil 2.3 milliún duine tar éis clárú lena aghaidh ó seoladh dhá bhliain ó shin é.

Dúirt sé go raibh gaisce agus obair iontach déanta ag Duolingo ar son na Gaeilge agus í curtha i lár an aonaigh i saol na teicneolaíochta acu.

“It’s not a burden, living in the modern world includes being able to speak a number of languages,” a dúirt sé.

Tugadh aitheantas speisialta inniu in Áras an Uachtaráin don seachtar a d’fhorbair an cúrsa Gaeilge ar Duolingo “as an méid atá bainte amach acu don Ghaeilge”.

Tá an Ghaeilge anois ar cheann de na deich dteanga is mó tóir ar an aip foghlamtha teanga Duolingo ar fud an domhain. Is sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí seo lonnaithe, ach tá muintir an hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus Cheanada i measc na ndreamanna is mó atá á úsáid le Gaeilge a fhoghlaim nó le barr feabhais a chur ar a scileanna sa teanga.

Fág freagra ar '‘Everything is possible’ don Ghaeilge, ach gá le ‘ceannaireacht’ sa Státchóras – an tUachtarán Ó hUigínn'