EURO 2016: Marcanna as 10 – cén chaoi ar éirigh le himreoirí na hÉireann sa Fhrainc?

Agus muid díbeartha as an gcomórtas, tá sé in am súil siar a chaitheamh ar na cluichí uile a bhí ag Éirinn agus breith a thabhairt ar thaispeántais na n-imreoirí

Darren Randolph 26/6/2016

Darren Randolph – 7

Amhail go leor imreoirí eile, bhí drochlá aige in aghaidh na Beilge ach seachas sin bhí stuama go leor. D’fhéadfadh sé, áfach, leas níos fearr a bhaint as seilbh na liathróide. Buaileann sé cic mór fada ar an liathróid beagnach gach uair a théann sí ina threo agus, le linn an chomórtais, chuaigh níos mó ceann de na liathróidí sin díreach thar an taobhlíne.

Séamus Coleman – 6

fhaca muid Coleman ar an ionsaí mórán thall sa Fhrainc ach bhí láidir go maith i mbun cosanta. Ba é a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann do na cluichí in aghaidh na hIodáile agus na Fraince, ba mhaith mar a d’fheil an fhreagracht sin dó, agus é ag spreagadh a chuid comhghleacaithe, go háirithe in aghaidh na hIodáile.

John O’Shea – 7

Bheadh trua agat d’fhear Phort Láirge. Choinnigh sé Zlatan Ibrahimovic faoi smacht sa chluiche in aghaidh na Sualainne agus cé go ndearna an Bheilg scrios orainn i mBordeaux, ní fhéadfaí an milleán a chur ar O’Shea. Fiú nuair a tháinig sé isteach in aghaidh na Fraince, rinne sé go maith agus an fhoireann faoi bhrú mór ag an am.

Richard Keogh – 6

Bhí Keogh cuibheasach sa chomórtas go dtí an dara leath sa chluiche in aghaidh na Fraince. Fuair Olivier Giroud an ceann is fearr air don dara cúl agus arís le linn na gluaiseachta a d’fhág gur tugadh cárta dearg do Shane Duffy. Bhí an t-ádh air gur choinnigh sé a áit agus gurbh é O’Shea a chaill amach in aghaidh na hIodáile.

Stephen Ward – 7

Ward is mó a bhfuil gean ag lucht tacaíochta na hÉireann air ach bhí Ward go maith le linn an chomórtais. Arís, ní raibh sé thar mholadh beirte in aghaidh na Beilge ach d’fheabhsaigh sé ina dhiaidh sin. Ba é a chruthaigh an deis d’Éirinn nuair a bhuaigh siad an cic éirice in aghaidh na Fraince agus rinne sé dul chun cinn maith ar an gcliathán cúpla uair eile sa chéad leath sin.

James McCarthy – 7

Is aisteach an comórtas a bhí ag McCarthy. Bhí go hainnis sa chéad dá chluiche agus an t-ádh dearg air gur choinnigh sé a áit in aghaidh na hIodáile. Is maith an rud gur choinnigh, áfach, mar bhí ar fheabhas sa chluiche sin i Lille. Choinnigh sé air ag imirt ar an gcaoi sin in aghaidh na Fraince, cé gur thuirsigh sé sa dara leath.

Jeff Hendrick 18/6/2016

Jeff Hendrick – 8

Ba iad Robbie Brady agus Hendrick an bheirt is mó a chuir lena gclú sa Fhrainc. Bhí glic agus seilbh na liathróide aige, láidir sa chosaint agus é anois ar cheann de na himreoirí is tábhachtaí dá bhfuil againn. Is deacair a shamhlú nach raibh sé in ann a áit a choinneáil i gcónaí ar fhoireann Derby County an séasúr seo caite. Beidh aird roinnt foirne sa Phríomhroinn anois air.

James McClean – 6

Seans gur thug McClean an taispeántas is fearr a thug sé d’Éirinn riamh sa bhua in aghaidh na hIodáile ach ba léir a chuid lochtanna sa chluiche sin chomh maith. Bhí sé lán fuinnimh agus díocais, é ag réabadh suas agus anuas an cliathán ach gan mórán de bharr a chuid ruathar. Níl an cumas peile ann chun an ceann is fearr a fháil ar chosantóirí a bhfuil scil acu, agus nuair nach bhfuil spás aige, bíonn sé ag streachailt.

Robbie Brady celebrates at the end of the game 22/6/2016

Robbie Brady – 8

Seas ar leataobh Ray Houghton, tá laoch nua ag foireann na hÉireann! Ní dhéanfar dearmad ar chúl Brady in aghaidh na nIodálach, cúl a bhain áit amach dúinn sa dara babhta. Chuir an cúl barr smaise ar thaispeántas den scoth ó Brady agus b’iontach an comórtas a bhí aige ar an iomlán.

Daryl Murphy – 7

Níl aon chúl scóráilte fós aige dá thír ach beidh Murphy sásta lena thaispeántas sa Fhrainc. Rinne sé díreach an rud a bhí ag teastáil uaidh sna cluichí in aghaidh na hIodáile agus na Fraince, é ag buachan na liathróide suas faoin bpáirc agus é á coinneáil go dtí gur cuireadh tacaíocht ar fáil dó.

Shane Long dejected 26/6/2016

Shane Long – 6

D’fhear a bhí ag imirt chomh maith sin do Southampton ag deireadh an tséasúir, is beag tionchar a bhí ag Long ar EURO 2016. Rinne fear Thiobraid Árann a dhícheall ach is iomramh aonair a bhí ar bun aige go minic i measc na dtosaithe. Theip ar fhoireann na hÉireann oiread is deis amháin a chruthú i gceithre chluiche.

Shane Duffy – 7

Is cinnte go bhfeicfidh muid níos mó de Duffy ag imirt d’Éirinn amach anseo agus ba mhaith an caimeo uaidh sa Fhrainc. Bhí ar fheabhas in aghaidh na hIodáile, é ag baint an-leas as a airde, agus rinne sé amhlaidh sa chéad leath in aghaidh na Fraince. Léirigh sé an easpa taithí atá aige, áfach, sa dara leath. Airsean a bhí cuid den mhilleán faoi dhara cúl na Fraince agus bronnadh cárta dearg air ina dhiaidh sin. Tá neart ama aige le foghlaim ó na botúin sin.

Ciaran Clark – 5

Drochshéasúr le Aston Villa agus b’amhlaidh an scéal dó le linn EURO 2016. Bhí Clark cuibheasach maith in aghaidh na Sualainne mar a tharla ach chuir sé an liathróid i dtreo a chúil féin cúpla uair sular scóráil sé an cúl tuathail. D’éirigh rudaí níos measa fós in aghaidh na Beilge agus rinne Eden Hazard ceap magaidh de i gcás an tríú cúl i mBordeaux. Níor imir sé ina dhiaidh sin.

Glenn Whelan – 6

dhearna Whelan mórán mícheart sa Fhrainc ach is fánach a ndearna sé ar aon bhealach. Feiceálach go maith sa chéad chluiche, is in olcas a chuaigh cúrsaí ina dhiaidh sin. Údar imní dó gur imir James McCarthy an dá chluiche is fearr a d’imir sé d’Éirinn, in aghaidh na Gearmáine san Aviva agus in aghaidh na hIodáile i Lille, nuair nach raibh Whelan féin ag imirt.

Wes Hoolahan celebrates scoring their first goal 13/6/2016

Wes Hoolahan – 7

Fear eile arbh é an chéad chluiche an cluiche ab fhearr a bhí aige. Bhí Hoolahan ar fheabhas ar fad in aghaidh na Sualainne ach, seachas an pas den scoth a thug sé chun cúl Brady a chruthú in aghaidh na nIodálach, is beag eile a rinne sé. Chuir sé deis iontach amú sa chluiche céanna agus nuair a tháinig sé isteach in aghaidh na Fraince, bhí ag iarraidh an iomarca a dhéanamh agus chaill sé an liathróid arís agus arís eile.

Aiden McGeady – 6

Tháinig McGeady isteach mar ionadaí sna trí cluiche sa ghrúpa ach ní dhearna sé mórán. Seans gur gearr eile a fheicfidh muid é i ngeansaí na hÉireann mar ní mór a fhiúntas don fhoireann agus níl an luas céanna sna cosa aige is a bhíodh.

Robbie Keane – 5

Fear eile nach bhfeicfidh muid arís ag imirt dá thír. Tháinig Keane isteach san imirt in aghaidh na Sualainne agus na Beilge ach is ar éigean a tháinig an liathróid ina threo. Caidreamh corrach go maith a bhí aige le lucht tacaíochta na hÉireann le cúpla bliain anuas ach tá moladh ar leith tuillte aige as na gaiscí ar fad atá déanta aige i ngeansaí na hÉireann.

Jon Walters – 5

An t-imreoir is tábhachtaí a bhí againn roimh EURO 2016, nó duine acu ar a laghad, rinne an gortú rúitín sin praiseach den chomórtas do Walters. Ghortaigh sé arís é féin sa chéad nóiméad in aghaidh na Sualainne agus fiú nuair a tháinig sé isteach san imirt in aghaidh na Fraince, ní raibh sé i gceart.

*Ní raibh Stephen Quinn ar an bpáirc sách fada chun go dtabharfaí marc dó

Fág freagra ar 'EURO 2016: Marcanna as 10 – cén chaoi ar éirigh le himreoirí na hÉireann sa Fhrainc?'