Eolas ón Daonáireamh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga le foilsiú

Cuirfidh an CSO ar fáil mar chuid de thorthaí an Daonáirimh eolas faoi labhairt na Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga

Eolas ón Daonáireamh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga le foilsiú

Beidh athrú suntasach i gceist leis an eolas a chuirfear ar fáil faoin nGaeilge nuair a fhoilseofar torthaí Dhaonáireamh 2016 sna míonna amach romhainn.

I mbliana, cuirfear ar fáil mar chuid de thorthaí an Daonáirimh eolas faoi labhairt na Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga ar tháinig ann dóibh de thoradh Acht Gaeltachta 2012.

Tá Roinn na Gaeltachta agus an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag obair as lámha a chéile le tamall chun sonraí daonáirimh a bhaineann go sonrach leis na Limistéir Pleanála Teanga a chur ar fáil.

Dúirt urlabhraí ón CSO le Tuairisc.ie an tseachtain seo go bhfuil sé i gceist ag an Oifig na príomhthorthaí maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga a fhoilsiú, cé nach bhfuil an “leagan amach deiridh” a bheidh ar an eolas faoin nGaeilge a bailíodh mí Aibreáin seo caite socraithe go fóill.

Eiseofar na sonraí maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge ar fud an stáit mar chuid de Thorthaí Achomair Dhaonáireamh 2016, cáipéis a chuirfear ar fáil ar an 6 Aibreán.

Is ar an 23 Samhain a fhoilseofar an mioneolas maidir leis na ceantair pleanála teanga sa Ghaeltacht agus is ansin a bheidh an mioneolas ar fáil faoi labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta nuashonrú a dhéanamh ar an léarscáil idirghníomhach de na Limistéir Pleanála Teanga nuair a bheidh na staitisticí nua ar fáil.

D’fhorbair an Roinn an ‘Córas Faisnéise Geografaí’ le tacú le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Tá an t-eolas reatha ar an léarscáil bunaithe ar na toghranna sna ceantair Ghaeltachta toisc nach raibh na Limistéir Pleanála Teanga sainithe nuair a rinneadh an daonáireamh deiridh sa bhliain 2011.

Tá an fhaisnéis atá ar fáil ann bunaithe ar thorthaí daonáirimh na mblianta 2006 agus 2001. Tá faisnéis áirithe curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, freisin, maidir le daonra na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna i leith na scoilbhliana 2014/2015 agus na háiteanna ina bhfuil siad suite.

D’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann gach eolas a eisiúint faoi na Limistéir Pleanála Teanga, áfach, toisc cuid de na ceantair atá i gceist a bheith an-bheag agus ceist phríobháideachais ann dá réir.

“Caithfear an ceart a thabhairt do phríobháideacht an fhreagróra suirbhéireachta,” a dúirt urlabhraí an CSO.

Fág freagra ar 'Eolas ón Daonáireamh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga le foilsiú'