Eolas faoi chonspóid Givan agus ‘Líofa’ ró-íogair agus ní chun ‘leas an phobail’ a scaoileadh

Diúltaithe ag an Roinn Pobal d’iarratas ar cháipéisí a bhaineann le cinneadh conspóideach an iar-aire Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Ghaeltachta Líofa

Eolas faoi chonspóid Givan agus ‘Líofa’ ró-íogair agus ní chun ‘leas an phobail’ a scaoileadh

Tá diúltaithe ag an Roinn Pobal d’iarratas ar cháipéisí a bhaineann le cinneadh an iar-aire Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Ghaeltachta Líofa, ar an mbonn nach ar ‘leas an phobail’ a bheadh nochtadh an eolais ‘ró-íogair’ sin tráth a bhfuil idirbheartaíocht iarthoghcháin ar bun.

I mí Eanáir, rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar chomhfhreagras, meamraim agus cáipéisí eile a bhain le cinneadh conspóideach an iar-aire Givan deireadh a chur, i mbéal na Nollag seo caite, leis an deontas Gaeltachta.

Chuir an t-iar-aire a chinneadh deireadh a chur leis an scéim, arbh fhiú €50,000 í, ar ceal i ndiaidh dó conspóid mhór a tharraingt, ach bhíbaint ag an scéal le teip an chaidrimh idir Sinn Féin agus an DUP i Stormont.

Luaigh Martin McGuinness dearcadh diúltach an DUP i leith na Gaeilge nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as an leaschéad-aireacht, fógra a raibh toghchán na míosa seo mar thoradh air.

Agus an t-iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise á dhiúltú acu an tseachtain seo, mhaígh an Roinn Pobal go “mba réasúnta a mheas go gcuirfí srian ar oifigigh tuairimí macánta, oscailte a chur in iúl” dá dtabharfaí an t-eolas faoi chinneadh Givan do Tuairisc.ie.

“Measann an roinn, ós rud é gur ceist bheo í Scéim Sparánacht Ghaeltachta Líofa, gur gá don rialtas an ‘spás sábháilte’ a chosaint atá de dhíth ar oifigigh leis na ceisteanna a phlé agus a chaibidil roimh chomhairle a chur i láthair Airí,” a dúirt oifigeach de chuid na Roinne.

Dúradh chomh maith go rabhthas ag diúltú don iarratas chun nach mbeadh imní ar dhaoine tuairimí a chur ar fáil d’Aire.

Agus míniú á thabhairt ag an Roinn ar a gcinneadh diúltú d’iarratas Tuairisc.ie, dúradh gur dócha go mbeadh an Ghaeilge ina cuid “ríthábhachtach” san idirbheartaíocht iarthoghcháin “i Márta 2017 agus ina dhiaidh sin”.

“Nuair a chuirtear leas an phobail sa mheá, is é barúil na Roinne gur treise cúiseanna leas an phobail in éadan an nochta, agus gur le leas an phobail neamhnochtadh na faisnéise,” a dúradh.

Ba í tuairim na Roinne faoin bhfaisnéis a bhaineann le cinneadh GIvan maidir leis an scéim líofa go mbaineann an fhaisnéis sin “atá á coinneáil siar” le ceisteanna “íogaire, beo” agus go bhfuil “argóintí ‘spás sábháilte’ ábhartha sa chás seo”.

Fág freagra ar 'Eolas faoi chonspóid Givan agus ‘Líofa’ ró-íogair agus ní chun ‘leas an phobail’ a scaoileadh'