Eolas faoi chás Uí Lubhlaí diúltaithe

‘Scannal’ atá ann go ndealraíonn sé go bhfuil eolas á cheilt ag na Gardaí orthu siúd a d'fhulaing ionsaithe gnéis ó Dhomhnall Ó Lubhlaí, a deir Trevor Ó Clochartaigh

Domhnall Ó Lubhlaí; thit a thriail as a chéile de bharr moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí.
Domhnall Ó Lubhlaí; thit a thriail as a chéile de bharr moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí.

Tá diúltaithe scun scan ag na Gardaí aon eolas a thabhairt do na fir a d’fhulaing ionsaithe gnéis ó Dhomhnall Ó Lubhlaí maidir le hathbhreithniú atá déanta faoin gcás.

Baineann an t-athbhreithniú leis an tslí ar láimhseáil na Gardaí líomhaintí in aghaidh Uí Lubhlaí, an té a bhunaigh Coláiste na bhFiann.

De réir tuairisce ar Nuacht TG4 aréir, tugadh an t-athbhreithniú seo ar láimh don Aire Dlí is Cirt, Frances Fitzgerad, ceithre mhí ó shin.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie aréir go mbeadh sé féin agus a pháirtí, Sinn Féin, ag ceistiú an AIre Dlí Frances Fitzgerald faoin scéal.

“Tá an tAire Dlí, Frances Fitzgerald, ar an eolas faoin scéal seo le ceithre mhí anuas. Cén fáth nach bhfuil aon rud déanta aici faoi? Tá ceisteanna le freagairt aici agus beidh muid [Sinn Féin] ag ardú na gceisteanna léi i dTithe an Oireachtais.”

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go raibh sé “scannalach” go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil eolas á cheilt orthu siúd a a d’fhulaing na hionsaithe gnéis.

“Tá sé scanallach go mbreathnaiónn sé go bhfuil eolas á cheilt ar na híospartaigh ar gealladh fiosrúchán dóibh, go bhfuil fiosrúchán déanta ag an nGarda Síochána orthu féin agus fós nach bhfuil aon eolas á thabhairt, nach bhfuil pictiúr soiléir againn faoin méid a tharla, nó nach bhfuil ‘closure’, mar a deir an Béarla faighte ag na híospartaigh a d’fhulaing.

“Muna bhfuil aon rud le ceilt acu, nár chóir an t-eolas a chur ar fáil?”

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh: ‘Ceisteanna fós le freagairt faoi chás Uí Lubhlaí.’

Dúirt an Seanadóir go raibh ‘íoróin’ ag baint leis an scéal i bhfianaise a raibh le rá ag Coimisinéir nua nGardaí, Noirin O’ Sullivan, faoi ‘thrédhearcacht’ sa Gharda Síochána.

“Tá sé íorónach gur tharla an méid seo chun solais ar an gcéad lá ceart ag Coimisinéir nua na nGardaí, Noirin O’ Sullivan, agus í ag caint faoi ré nua, faoi oscailteacht agus faoi athrú meoin.”

Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí ariamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.

Cuireadh 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht. Maíodh gur tharla na hionsaithe seo thar thréimhse 30 bliain.

Thit an triail as a chéile de bharr moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí.

I dtús na nóchaidí chuaigh duine de na híospartaigh i dteagmháil le Ó Lubhlaí agus rinne iarracht é a chur faoi dhúmhál.

Rinne an Lubhlaíoch gearán leis na Gardaí i gCluain Dolcáin faoi seo agus d’fhiosraigh siadsan an scéal.

Deineadh taifead ar chruinniú idir é agus an fear a bhí ag iarraidh dúmhál a dhéanamh air.

Tugadh an taifead seo do na Gardaí, ach ní raibh sé ar fáil do dhlíodóirí Uí Lubhlaí le linn a thrialach.

Glacadh leis gur cailleadh nó gur loiteadh na cáipéisí seo.

Bhásaigh Domhnall Ó Lubhlaí i Márta 2013 agus go luath ina dhiaidh sin, labhair cuid dá chuid íospartach go cróga leis an tuairisceoir Sorcha Ní Mhonacháin ó Nuacht TG4 faoinar fhulaing siad.

Ag eascairt as na hagallaimh sin, d’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go gcuirfí fiosrúchán ar bun mar gur léir nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am, Martin Callinan, in Aibreán 2013 gur iarr sé ar Aonad an Gharda a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ar na líomhaintí a deineadh i gcoinne Uí Lubhlaí sna nóchaidí.

Ina measc siúd a rinne agallamh faoi na hionsaithe a deineadh air, bhí Gearóid Ó Concubhair.

Ionsaíodh é thar thréimhse ceithre bliana nuair a bhí sé ina pháiste i gColáiste na bhFiann i Ros Muc.

Scríobh sé chuig na Gardaí ag lorg cóip de thuarascáil an athbhreithnithe ach diúltaíodh aon eolas a thabhairt dó.

Fuair sé litir ó Chigire Bleachtaire le déanaí a chuir an méid sin in iúl dó.

“It was never intended or intimated that the contents of the review would be disclosed to persons outside An Garda Síochána and the Department of Justice,” a dúradh sa litir.

Chomhoibrigh Gearóid go huile agus go hiomlán leis an athbhreithniú ach diúltaíodh go fiú leagan den tuarascáil ina mbeadh eolas íogair bainte as a chur ar fáil dó.

“I cannot under any circumstances disclose to you information redacted or otherwise in relation to victims,” a scríobh an Cigire Bleachtaire Declan Daly chuige.

I ráiteas a d’eisigh urlabhraí de chuid na Roinne Dlí is Cirt aréir, admhaíodh go bhfuil athbhreithniú na nGardaí críochnaithe.

Dúradh, áfach, nach é an gnáthchleachtas é tuarascáil a bhaineann le fiosrúchán inmheánach de chuid an Gharda Síochána a thabhairt do bhaill den phobal.

Dúradh chomh maith go raibh an Roinn i mbun cainte le húdaráis na nGardaí féachaint an bhféadfaí aon eolas ón tuarascáil a chur faoi bhráid na n-íospartach, a gcuid teaghlach agus an pobal i gcoitinne.

 

Fág freagra ar 'Eolas faoi chás Uí Lubhlaí diúltaithe'

  • Roibeard Ó Conaing

    Tá géarghá le hOmbudsman Garda Síochána in Éirinn. Ní féidir brath ar na gardaí iad fhéin a iniúchadh. Is léir gur éifeachtaí i bhfad iad ag ceansú lucht agóidíochta ná mar atá siad ag fiosrú coireanna gnéis (ná coireanna airgeadais!). Ní haon mhaise ar an alt na sleachta Béarla.