Eolas breise tugtha ag an Roinn faoi pholasaí oideachais agus beirt mhúinteoirí as an nGaeltacht fostaithe ag COGG

Tabharfaidh cigirí ón Roinn Oideachais cuairt ar scoileanna Gaeltachta sna míonna amach romhainn chun comhairle a chur ar phríomhoidí agus múinteoirí faoin bpolasaí nua oideachais don Ghaeltacht

Eolas breise tugtha ag an Roinn faoi pholasaí oideachais agus beirt mhúinteoirí as an nGaeltacht fostaithe ag COGG

Beidh cuairt á tabhairt ag cigirí ón Roinn oideachais ar scoileanna Gaeltachta sna míonna amach romhainn chun comhairle a chur ar phríomhoidí agus múinteoirí faoin bpolasaí nua oideachais don Ghaeltacht.

Mhaígh príomhoide scoile i nGaeltacht Thír Chonaill an tseachtain seo caite go raibh a scoil fágtha gan “treoir agus tacaíocht” maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta.

Mar fhreagra ar cheisteanna faoin méid sin, thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie chomh maith go mbeadh seimineáir thacaíochta faoin bpolasaí á n-eagrú go luath do phríomhoidí agus do mhúinteoirí Gaeltachta ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Idir an dá linn, thug Príomhfheidmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, le fios don chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin go raibh beirt mhúinteoirí bunscoile fostaithe ag an eagraíocht chun tacú le scoileanna an polasaí oideachais a chur i bhfeidhm. Is iad Micheál S. Mac Donnacha ó Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus Mait Ó Brádaigh, príomhoide Ghaelscoil de hÍde in Órán Mór, atá fostaithe mar oifigigh oideachais ag COGG agus beidh siad lonnaithe sna Forbacha.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin gur “tréimhse phleanála” a bhí ann faoi láthair do na scoileanna atá ag iarraidh stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach faoin bpolasaí nua. 

Dúirt sí go raibh plean gnímh le réiteach ag na scoileanna sin faoi Eanáir 2018, gur plean cúig bliana a bhí i gceist agus nach bhfuil an Roinn “ag le súil polasaí lántumoideachas anois”.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie chomh maith go mbeadh “dhá lá scaoilte breise le clúdach ionadaíochta” ar fáil do bhunscoileanna Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana chun tacú leo plean gníomhaíochta a chur le chéile maidir lena n-iarratais ar stádas mar scoil Gaeltachta faoin bpolasaí nua.

Bheadh uaireanta breise ar fáil chomh maith d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta atá ag iarraidh stádas Gaeltachta a bhaint amach, a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dúirt an Roinn freisin go raibh nóta treorach seolta amach ag an Aonad um Oideachas Gaeltachta chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta maidir le “cuairteanna comhairleacha” a thabharfaidh grúpa cigirí ar scoileanna atá rannpháirteach sa scéim chun aitheantas a bhaint amach mar scoileanna Gaeltachta faoin bpolasaí.

Is é an cuspóir atá le cuairteanna comhairleacha na Cigireachta ná tacú leis na scoileanna atá páirteach sa Scéim san aistear féinmheastóireachta agus pleanála gníomhaíochta atá rompu chun tabhairt faoin bpróiseas don phleanáil gníomhaíochta feabhsúcháin ar mhaithe le cáilíocht an oideachais trí Ghaeilge a neartú agus úsáid na Gaeilge i measc phobal na scoile a mhéadú,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Ní foláir do bhord bainistíochta gach scoil atá ag iarraidh stádas Gaeltachta plean gníomhaíochta feabhsúcháin a chur faoi bhráid an Aonaid um Oideachas Gaeltachta faoin 31 Eanáir 2018. Má ghlactar leis an bplean sin, beidh cead ag an scoil páirt a ghlacadh sa chéad chéim eile den scéim aitheantais. 

Thug an t-urlabhraí le fios go gcuirfí bord bainistíochta gach scoil ar an eolas faoi thoradh an phróisis faofa in earrach 2018. 

 

Fág freagra ar 'Eolas breise tugtha ag an Roinn faoi pholasaí oideachais agus beirt mhúinteoirí as an nGaeltacht fostaithe ag COGG'