Eolas á lorg ag Gardaí sa Daingean faoi chaoirigh a goideadh le deireanas

Deir Gardaí an Daingin go bhfuil ainmhithe á ngoid ó fheirmeoirí Chorca Dhuibhne le tamall de mhíonna anuas

Eolas á lorg ag Gardaí sa Daingean faoi chaoirigh a goideadh le deireanas

Tá an Garda Síochána sa Daingean ag iarraidh ar fheirmeoirí sa cheantar sin, agus i gceantar Abhainn an Scáil, ar goideadh caoirigh nó ba uathu le deireanas teagmháil a dhéanamh leo.

Tá fiosrú ar bun i láthair na huaire ag Gardaí an Daingin maidir le ceithre chaora a goideadh ó Abhainn an Scáil ag deireadh na míosa seo caite, ach deir siad go bhfuil ainmhithe á ngoid ó fheirmeoirí sa cheantar le cúpla mí anuas.

Tá iarrtha acu ar an bpobal teagmháil a dhéanamh leo má chonacthas rud ar bith as alt sa cheantar le tamall de mhíonna anuas.

Ag labhairt di ar an stáisiún Radio Kerry an tseachtain seo, dúirt an Garda Sarah Jennings ó stáisiún an Daingin, go gcuirfidh na Gardaí spéis in eolas ón bpobal faoi ainmhithe a bheith á mbogadh ag amanna aisteacha den lá nó rud ar bith eile a chuirfeadh amhras ar dhuine.

“Goideadh ceithre chaora idir an 19 agus an 26 Deireadh Fómhair. Ar an gcéad dul síos, má chonaic tú rud ar bith, stoc á mbogadh ag am neamhghnách, i lár na hoíche nó an-luath ar maidin, mar shampla. Ní gá go mbeadh amhras mór ort faoi ach go mbeadh sé as an ngnáth. Má fheiceann tú duine nach as an áit é ag bogadh ainmhithe, mar shampla, cuir scéala chugainn,” a dúirt sí.

D’iarr sí freisin ar aon fheirmeoir eile i gCorca Dhuibhne ar goideadh ainmhithe uaidh le deireanas scéala a thabhairt do na Gardaí faoi.

Fág freagra ar 'Eolas á lorg ag Gardaí sa Daingean faoi chaoirigh a goideadh le deireanas'