Eolaire Gnó seolta mar aip agus tóraíocht taisce Ghaelach ar siúl anocht i mBaile Átha Cliath

Dúirt Louise Ní Fhearghail, Comhordaitheoir PEIG, go gcabhróidh an tEolaire le gnólachtaí “custaiméirí breise a mhealladh” agus an Ghaeilge á húsáid acu mar “ghné dhíolacháin uathúil”

Eolaire Gnó seolta mar aip agus tóraíocht taisce Ghaelach ar siúl anocht i mBaile Átha Cliath

Seoladh inniu Eolaire Gnó Chonradh na Gaeilge ar an aip PEIG. Rinneadh an Conradh teagmháil leis na céadta eagraíocht agus gnólacht in Éirinn le cúpla bliain anuas agus tá an tEolaire anois ina uirlis mhargaíochta ag na gnólachtaí sin a chuireann seirbhísí i nGaeilge ar fáil don phobal.

Is féidir le húsáideoirí an Eolaire seirbhís i nGaeilge a chuardach de réir an chineál seirbhíse atá uathu, de réir an chontae nó an chúige a gcuirtear na seirbhísí ar fáil iontu, nó ar an léarscáil idirghníomhach atá ar an aip.

Seoladh leagan suímh idirlín amháin den Eolaire an samhradh seo caite ach beidh úsáideoirí in ann teacht ar an tseirbhís anois ar an leagan aipe den suíomh PEIG.ie, lárphointe eolais an Chonartha.

Dúirt Louise Ní Fhearghail, Comhordaitheoir PEIG, go gcabhróidh an tEolaire le gnólachtaí “custaiméirí breise a mhealladh” agus an Ghaeilge á húsáid acu mar “ghné dhíolacháin uathúil”.

“Tá airgead le caitheamh ag Gaeilgeoirí na tíre seo, agus b’fhearr lena bhformhór a gcuid euro agus a gcuid punt a chaitheamh ar ghnólachtaí a chuireann an teanga chun cinn. Ciallaíonn sé sin gur féidir le gnólachtaí custaiméirí breise a mhealladh trí leas a bhaint as an nGaeilge mar ghné dhíolacháin uathúil, agus trí na seirbhísí sin a phoibliú ar Eolaire Gnó PEIG gan pingin rua a chaitheamh.

“Agus an tEolaire Gnó ina chroíchuid chomhtháite d’aip PEIG.ie anois, beidh sé níos fusa ná riamh ag custaiméirí atá ar lorg seirbhísí i nGaeilge agus iad amuigh i mbun siopadóireachta, a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge,” a dúirt Ní Fhearghail.

Tá os cionn 120 gnólacht cláraithe ar an Eolaire go dtí seo agus tá an Conradh ag iarraidh ar a thuilleadh gnólachtaí clárú leis agus an tseirbhís ar fáil anois ar an aip.

Maíonn an Conradh go seasann gnólachtaí le Gaeilge amach agus go meallann úsáid na teanga idir thurasóirí agus mhuintir na hÉireann araon.

Léirigh suirbhé a rinne Millward-Brown do Chonradh na Gaeilge in 2015 gur chreid 62% de mhuintir na hÉireann gur cheart go mbeadh teacht ag lucht labhartha na Gaeilge ar sheirbhísí i nGaeilge. Bhí an céatadán sin níos airde i measc daoine óga, ar chreid 69% acu amhlaidh. Sa suirbhé céanna thug 50% den phobal le fios gur chreid siad gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a d’fhéadfadh leas na heacnamaíochta a dhéanamh.

Beidh tóraíocht taisce ar siúl tráthnóna i mBaile Átha Cliath le seoladh an leagan aipe den Eolaire a cheiliúradh. Beidh fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil an aip íoslódáilte acu bualadh le chéile ag ceannáras Chonradh na Gaeilge ag 7.30 anocht agus dul ar thóir na taisce.

Tabharfar leideanna beo do na foirne ar Twitter chun teacht ar sheirbhísí Gaeilge ar fud na hardchathrach agus beidh an haischlib #EuroGaelach in úsáid. Bronnfar dearbhán deochanna €100 do Zozimus, áit a mbeidh an Pop Up Gaeltacht ar bun anocht, ar an bhfoireann a bhuafaidh an tóraíocht taisce.

Fág freagra ar 'Eolaire Gnó seolta mar aip agus tóraíocht taisce Ghaelach ar siúl anocht i mBaile Átha Cliath'