Enda Kenny le héirí as ceannaireacht Fhine Gael ag meán oíche

Thug an Taoiseach Enda Kenny le fios go leanfaidh sé ar aghaidh mar cheannaire gníomhach an pháirtí, agus mar Thaoiseach, go dtí go dtoghfar a chomharba, roimh an 2 Meitheamh

Enda Kenny le héirí as ceannaireacht Fhine Gael ag meán oíche

D’fhógair an Taoiseach tráthnóna go bhfuil sé i gceist aige éirí as ceannaireacht Fhine Gael ag meán oíche anocht. Thug sé le fios go leanfaidh sé ar aghaidh mar cheannaire gníomhach an pháirtí, agus mar Thaoiseach, go dtí go dtoghfar a chomharba. Tarlóidh sé sin roimh an 2 Meitheamh, a dúirt sé.

I ráiteas a d’eisigh an Taoiseach tráthnóna, dúirt sé gur “tréimhse ghairid ach cuí” a bheadh ag a chomharba le dul i mbun plé le polaiteoirí atá ag tacú leis an rialtas faoi láthair.

Dúirt Enda Kenny gur “mhór an onóir agus pribhléid” é a bheith ina cheannaire ar an bpáirtí le 15 bliain anuas.

Ghabh sé buíochas le baill a pháirtí, lena lucht tacaíochta ina Dháilcheantar i Maigh Eo, agus lena bhean, Fionnuala, agus a chlann.

Tá Kenny ina Thaoiseach ón 9 Márta 2011 agus ar an 6 Bealtaine 2016 toghadh ina Thaoiseach athuair é  — rud a d’fhág gurbh é an chéad Taoiseach de chuid Fhine Gael ar éirigh leis dhá théarma i ndiaidh a chéile a bhaint amach.

Toghadh ina Theachta Dála den chéad uair é sa bhliain 1975 i bhfothoghchán a reáchtáladh nuair a bhásaigh a athair, Anraoi Ó Cionnaith, a bhí ina Theachta Dála ó 1954. Ba é Enda Kenny an Teachta Dála ab óige sa 20ú Dáil agus gan é ach 24 bliain d’aois.

Tá sé anois ar an Teachta Dála is faide sa Dáil agus i measc na dTeachtaí Dála is sine.

Ar an 20 Aibreán, bhí tréimhse níos faide caite aige in oifig an Taoisigh ná mar a chaith John A Costello, an Taoiseach is faide de chuid Fhine Gael a bhí ag an tír roimhe sin.

Táthar ag fanacht le roinnt míonna anuas ar ráiteas críochnúil iomlán ó Kenny faoina raibh i gceist aige maidir le héirí as ceannaireacht Fhine Gael.

Fágann fógra an lae inniu go gcuirfear tús oifigiúil leis an bhfeachtas ceannaireachta i bhFine Gael agus is iad an tAire Coimirce Sóisialaí Leo Varadkar agus an tAire Tithíochta Simon Coveney an bheirt is mó atá á lua mar chomharba ar Kenny.

Toghadh Enda Kenny ina Thaoiseach ar dtús i dtréimhse chorraitheach i stair an Stáit agus an Rialtas ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíochta. Cuireadh go leor ciorruithe i bhfeidhm le linn a chéad thréimhse mar Thaoiseach agus rinneadh cáineadh géar ar pholasaí déine a rialtais, agus theip ar Fhine Gael cuid mhaith de na gealltanais toghchánaíochta a rinne siad a chomhlíonadh.

Ar an taobh eile den scéal, tugtar creidiúint do Kenny as an bhfeabhas atá tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta le tamall de bhlianta anuas. Íorónta go maith, tá moladh faighte aige chomh maith ón uair ar thosaigh an brú air éirí as agus creidiúint tugtha dó das an tslí ar láimhseáil sé scéal an Bhreatimeachta.

Is cainteoir líofa Gaeilge é an Taoiseach agus chaith sé go leor ama le linn a óige i gceantair Ghaeltachta éagsúla, go mór mór Conamara agus Inis Oírr. Bhí a athair, Anraoi Ó Cionnaith, ina mhúinteoir Gaeltachta agus bhí lámh aige i mBailiúchán na Scol i gceantair Ghaeltachta.

Ainneoin an chúlra Gaeilge agus Gaeltachta atá ag Kenny,  is beag duine a déarfadh gur fear é a bhfuil aon mhórghaisce déanta aige ar son na teanga.

Bhí Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael le linn fheachtas Olltoghchán 2011, agus ba é a mhol go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge éigeantach san Ardteist. Ba é a bhí ina Thaoiseach nuair a d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost mar Choimisinéir Teanga mar agóid i gcoinne fhaillí an Rialtais i leith na teanga, agus ba é a chinn gan aireacht shinsearach a thabhairt don Ghaeltacht agus an cúram sin a leagan ar Aire Stáit, Joe McHugh, nach raibh líofa sa Ghaeilge.

Ar an láimh eile, tugadh isteach le linn ré an Taoisigh polasaí oideachais nua don Ghaeltacht a bhféadfaí tairbhe mór a bhaint as má chuirtear i bhfeidhm i gceart é agus is minic a labhair sé i nGaeilge agus é i mbun a dhualgais.