Enda Kenny agus an Ghaeilge – ní hionann i gcónaí beatha teanga agus í a labhairt

AN FADSCÉAL – Ó thaobh na Gaeilge de, cúlú, cúngú is deiseanna nár tapaíodh a bheas mar oidhreacht ar thréimhse Enda Kenny mar Thaoiseach

Enda Kenny agus an Ghaeilge – ní hionann i gcónaí beatha teanga agus í a labhairt


AN FADSCÉAL – Sa tsraith ócáideach nua seo cuirfear ar fáil altanna tráthúla a foilsíodh ar dtús san iris Comhar


Seans maith gurb é Enda Kenny an Taoiseach ba mhó a labhair Gaeilge i mbun oifige ó aimsir de Valera anall. Seans maith fosta gur le linn a thréimhse i gceannas ar an tír a deineadh an dochar is mó don teanga ó bhunú an stáit anall.

Agus a fheartlaoi pholaitiúil á scríobh anois, níor mhiste tagairt a dhéanamh dá dhúthracht phearsanta ó thaobh na Gaeilge a labhairt agus don easpa físe a léirigh sé ina leith ag am nuair a bhí sí ag saothrú an bháis mar theanga pobail – dhá ní atá ag teacht glan salach ar a chéile. 

Is cinnte go mbeidh neart bearnaí le líonadh ag na meáin Ghaeilge nuair a imeoidh sé. Óir is fada an lá ó bhí Taoiseach againn a bhí chomh compordach sin leis an teanga agus chomh hoibleagáideach ó thaobh agallamh a dhéanamh nó giotáin chainte i nGaeilge a thabhairt. B’údar mór mórtais dúinn uilig, mar shampla, go mbíodh ceannaire an stáit ag spalpadh Gaeilge i bpreasagallaimh tar éis chruinnithe mullaigh na hEorpa. Léirigh a leithéid urraim don teanga i measc maithe agus mór-uaisle an Aontas Eorpaigh. Braithfidh muid uainn toil an Taoisigh Gaeilge a labhairt go háirithe agus an chosúlacht ar an scéal gur beag di atá i ndán dúinn ó pé duine a thiocfaidh i gcomharbacht air. Tá smeadar Gaeilge ag Leo Varadkar agus bíonn sé toilteanach í a labhairt leis na meáin cé go bhfuil sé briotach go maith go fóill. Níl focal Gaeilge ag Simon Coveney ná ag Frances Fitzgerald. Gortach go maith mar sin a bheas an tréimhse amach romhainn don té gur mian leis go gcloisfí an Ghaeilge á labhairt sna hoifigí is sinsearaí sa stát. Más beatha teanga í a labhairt is cinnte nach raibh aon easnamh ar dhearcadh an Taoisigh i leith na Gaeilge.

Ach is beag ábhar maíte a bheas aige maidir leis an oidhreacht a fhágfaidh sé ó thaobh cur chun cinn na teanga de. Go deimhin is fada an lá ó bhí Taoiseach againn a bhí i gceannas ar rialtas a rinne oiread aimhleasa do chearta lucht labhartha na Gaeilge. Is faoina stiúir siúd a ceapadh Aire Stáit Gaeltachta gan Ghaeilge agus lena thréimhse oifige a chinn an chéad Choimisinéir Teanga, Séan Ó Cuirreáin, éirí as oifig, cheal tacaíocht ón stát.

Is faoina stiúir siúd fosta a tháinig deireadh le haon bhuntáiste a bheadh ag státseirbhísigh as an teanga a fhoghlaim, le toghadh bord daonlathach ar Údarás na Gaeltachta, leis na deontais Ghaeltachta a bhíodh á mbronnadh ar ábhar oidí agus le Scéim Labhairt na Gaeilge. Is faoi stiúir Enda Kenny freisin a tháinig deireadh leis an nósmhaireacht fhadbhunaithe go mbíodh tacaíocht traspháirtí i dtithe an Oireachtais do bhillí a bhí ar son na Gaeilge. Tharla sé seo de bharr go raibh páirtithe an fhreasúra ag éileamh go gcuirfí achtú Bhille na Gaeltachta siar chun go mbeadh deis acu leasuithe a dhéanamh air. Níor tharla aon díospóireacht ar an bhille sa deireadh mar gur shiúil an freasúra amach as an Dáil mar chomhartha agóide. Céim mhór chun cúil don teanga é gur tháinig deireadh le polaitíocht na comhthola i dtithe an Oireachtais.

Dá thubaistí na bearta baotha úd a rinne rialtais Enda Kenny is liosta le háireamh fosta na nithe nach ndearna siad ó thaobh na Gaeilge de, cur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge, go háirithe.

Chruthaigh an rialtas seo atmaisféar doicheallach don Ghaeilge a thug deis do naimhde na teanga a thuilleadh creimthe a dhéanamh ar a gcuid dualgas i leith na Gaeilge. An gcuirfeadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar shampla, deireadh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán an Choláiste dá gceapfaidís go gcuirfeadh a leithéid de bheartas olc ar an rialtas? Cúlú, cúngú is deiseanna nár tapaíodh a bheas mar oidhreacht ar thréimhse cumhachta Enda Kenny ó thaobh na Gaeilge de. 

Tharla sé seo ag am fíorchinniúnach don teanga. Maíodh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach mairfeadh an teanga mar phríomhtheanga an phobail níos mó ná scór bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath. Tá an leathchuid den tréimhse ama sin caite anois agus an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge chomh marbh le hart. Caithfidh an té a bhí ar an stiúir le linn an ama seo a sciar féin den locht a ghlacadh as seo. Ar an rud is lú, níor mhór a rá go raibh sé neamhairdiúil ar a ghnó.

Is léir, áfach, go bhfuil cion ag Enda Kenny ar an teanga. Chaith sé tréimhsí i nDoire Choill i gConamara le linn a óige agus go deimhin chuir sé a theaghlach chun na Gaeltachta le freastal ar choláistí samhraidh. Ach chinn air aon cheangal a dhéanamh idir a thiomantas pearsanta don Ghaeilge agus ról an stáit i dtodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht. Ní fhaca sé aon íoróin mar shampla san achainí a rinne sé ar Chéad-Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster, Acht Gaeilge a thabhairt isteach sna Sé Chontae fad is a bhí neamart iomlán á dhéanamh aige féin ar a mhacasamhail de reachtaíocht abhus.

Cén dóigh ar tharla sé go bhfuil cainteoir dílis Gaeilge ina dhíol fuatha anois ag cuid mhaith de lucht cur chun cinn na teanga? Ba i Samhain na bliana 2005 ba thúisce a bhuail imní pobal na Gaeilge faoi cad a bheadh i ndán don teanga dá dtoghfaí Enda Kenny mar Thaoiseach. D’fhógair sé an uair sin – an oíche sular thosaigh comhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn, Co Chorcaí – gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh. ‘Uirlis mhaol’ a thug sé ar an iallach a bhíonn ar dhaltaí scoile chéad teanga an stáit a fhoghlaim don Ardteist. Mhaígh se gur beag tairbhe a bhí le sonrú ar chumas cainte na ndaltaí tar éis dóibh ceithre bliana déag a chaitheamh i mbun foghlama. Is beag duine i bpobal na Gaeilge nach mbeadh ar aon tuairim leis an Teachta Kenny faoi mhodhanna teagaisc na teanga ach, ar ndóigh, b’uirlis mhaol de chineál eile a bhí á moladh aigesean. Bhí díospóireacht ar bun ag an am céanna faoin chúis nach raibh bunscileanna na matamaitice ag formhór scoláirí na tíre. Ach ní raibh aon chaint ar an mhata a dhíbirt den churaclam cé gur tuigeadh an gá a bhí le leasuithe sa dóigh a raibh sí á múineadh. Thuig pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a thubaistí is a bheadh polasaí oideachais Enda Kenny i leith na Gaeilge éigeantaí dá dtabharfaí go ceann scríbe é. Thitfeadh an tóin go hiomlán as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus bheadh an baol ann (mar a tharla in Albain) nach mbeadh a dhóthain múinteoirí ann in imeacht ama leis an teanga a theagasc. Chiallódh sé sin, ar ndóigh, nach mbeadh rogha ar bith ag na daltaí.

Chuir pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a gcosa i dtaca agus, an rud is annamh is iontach, bhí sé ar cheann de mhórcheisteanna olltoghchán na bliana 2011 de thairbhe, is dócha, a laghad díospóireachta a deineadh faoi chúrsaí geilleagair cionn is go raibh ár bhflaitheas eacnamaíochta caillte againn agus an triaracht i bhfeighil na tíre. I ndeireadh ama, ghéill Enda Kenny agus níor cuireadh a pholasaí ar chlár an chomhrialtais. Bhí an cath bainte ach measaim go raibh faltanas beag aige do lucht na Gaeilge ó shin a leith.

Bheadh sé neamartach gan cúrsaí eacnamaíochta a chur san áireamh in aon anailís a dhéantar ar pholasaithe an rialtais seo i leith na teanga. Bhí an tír ionann is bancbhriste nuair a toghadh Enda Kenny mar Thaoiseach in 2011 agus thuigfeá cad tuige b’fhéidir nach mbeadh an Ghaeilge ar an chloch is mó ar phaidrín an rialtais. Ní thig a shéanadh fosta nach raibh oiread airgid le caitheamh ag Aire Stáit Gaeltachta an ama, Dinny McGinley, is a bhí ag leithéidí Éamoin Uí Chuív a bhí ag déanamh maoiniú ar chéibheanna agus ar bhóithre áise ó cheann ceann na tíre le linn a ré siúd i nDún Aimhirgin. Is beag duine i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta nach raibh toilteanach a sciar féin de chiorruithe a iompar le linn na géarchéime eacnamaíochta, ach ní rabhthas ag dréim gur ualach díréireach, mí-fhéaráilte a bheadh ann.

Lena chois sin, bhí neart go bhféadfaí a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn nach ndéanfadh poll rómhór san státchiste ach an fhís agus an toil pholaitiúil a bheith ann. Tóg mar shampla an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. D’fhógair an t-iar-aire Stáit, Dinny McGinley in 2012 go raibh rún ag an rialtas é a leasú agus tháinig deireadh le próiseas a bunaíodh chun tuairimí an phobail a fháil dornán blianta roimhe sin. Níor foilsíodh an bille riamh, áfach. Seans go raibh fabht sa phróiseas ón tús sa mhéid is go raibh pobal na Gaeilge ag iarraidh an tAcht a láidriú ach go raibh an rialtas ag iarraidh é a lagú.

Ach cad is fiú tuairim an phobail a lorg má dhéanann tú neamhaird iomlán den toradh?  Is léir anois gur diomailt ama agus airgid ab ea an próiseas sin, rud nach féidir a chosaint ag am nuair a bhí an sparán folamh.

Tá téarnamh eacnamaíochta ann anois ach ní bheidh aon dul siar ar na cinntí tubaisteacha a rinneadh le blianta beaga anuas ar mhaithe leis an gcríonnacht fhioscach, mar dhea. I measc na mbeartas ba mheasa a fógraíodh tá an córas úr earcaíochta don státseirbhís.   Cuireadh deireadh le marcanna bónais don Ghaeilge agus bunaíodh painéal earcaíochta ar maíodh go mbeadh Gaeilge ag 6% de na daoine air. Tá toradh an pholasaí seo le feiceáil anois agus gan Gaeilge ach ag 36 duine i measc an 4,144 duine ar tairgeadh post dóibh nó ar tugadh ardú céime dóibh ina bpost i ranna stáit agus oifigí Rialtais anuraidh. Ach ní thig leis an Taoiseach a mhaíomh go raibh sé dall ar a dtarlódh mar thoradh ar an pholasaí seo. Go luath sular éirigh sé as a phost, scríobh an t-iarchoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, litir phearsanta chuige i Samhain na bliana 2013 a thug foláireamh dó go dteipfeadh go tubaisteach ar an chóras úr agus gur ‘Béarla éigeantach’ a bheadh mar thoradh air. Seans, áfach, nach raibh sé ag iarraidh an teachtaireacht sin a chluinstean.

Mhaífeadh an Taoiseach féin is dócha gur cheart an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a áireamh mar chruthúnas ar choimitmint an rialtais seo i leith na teanga ach ar ndóigh ní hionann beartas a sheoladh agus é a chur i bhfeidhm.   

I ndeireadh ama, is é an breithiúnas is measa a thabharfar ar pholasaithe Gaeilge an Taoisigh ná gur theip go tubaisteach air ina dhualgas morálta a chinntiú go mbeadh staid na teanga níos fearr agus é ag imeacht as oifig ná mar a bhí sí nuair a tháinig sé isteach.

– Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar eagrán mhí an Mhárta den iris Comhar. Is féidir síntiús a fháil do Comhar anseo

Fág freagra ar 'Enda Kenny agus an Ghaeilge – ní hionann i gcónaí beatha teanga agus í a labhairt'

  • Mánus

    An-alt. Ach. Níl agus ní raibh aon ghluaiseacht láidir ann chun an Ghaeilge a chosaint ar nós an fheachtais in aghaidh na táillí uisce. Thaispeáin an teachta O Cuív nuair a chuir sé deireadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge srl. gur cuid den Státchórais iad na heagraíochtaí Ghaeilge agus gur féidir leis an Stát iad a scor. An té a íocann an píobaire……