E=mc2 ? Ní gá é a mhíniú do mhamaí!

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá teoiric ag ár gcolúnaí gur ag réiteach chuile dhuine le cur amach an doras in am a bhí Einstein nuair a tháinig sé ar an tuiscint go bhfuil E=mc2

Einstein

Meas tú an bhfuil a fhios ag éinne céard a bhí ar bun ag Einstein nuair a tháinig sé aníos le teoiric na coibhneasachta?

An teoiric mhór sin E=mc2 .

Tá barúil agam go raibh sé ag iarraidh chuile dhuine a réiteach is a chur amach an doras in am ar maidin.

Ba é Einstein an chéad duine a chruthaigh nach rudaí buana iad an t-am agus an spás, ach go n-athraíonn siad de réir na háite ina bhfuil an té atá á dtomhas agus de réir an luais ag a bhfuil siad ag taisteal. Bronnadh an Duais Nobel air in 1921 de bharr na teoirice. Ceapaim go gcaithfeadh go raibh páistí aige nuair a tháinig sé aníos leis.

Chaithfeadh go raibh brú ar Einstein an mhaidin chinniúnach sin agus rud éigin fíorthábhachtach le déanamh aige san oifig. Bhíodh sé ag obair in Oifig na bPaitinní san Eilbhéis go lánaimseartha fad is a bhí sé ag teacht aníos le teoiricí móra ina am saor a d’athraigh tuiscint an chine dhaonna ar an gcruinne. Bímse ag déanamh go maith má éiríonn liom cupán tae a ól i m’am saor.

Seans go raibh an t-am ag sciorradh go tréan ó Einstein fad is a bhí duine amháin fós ag cuardach a gcuid bróg, naipí le n-athrú ar an duine eile, agus eochracha an tí curtha i bhfolach ag duine éigin mistéireach eile.

Bhí tráth de mo shaol gur beag tuiscint a bhí agam ar an bhfisic choibhneasachta. Ar ndóigh, bhí míniú éigin cloiste agam ar theoiric ama Einstein ach níor thuig mé riamh í. Thug mé barúil éigin liom ón scannán The Planet of the Apes, nuair a fhilleann Charlton Heston, i bpáirt spásaire, agus faigheann amach go bhfuil na céadta bliain caite fad is a bhí sé imithe agus go bhfuil an duine anois faoi smacht an ápa.

Insint eile ar Oisín i dTír na nÓg, is dóigh.

Anois shílfeá go bhfuil dochtúireacht sa bhfisic choibhneasachta faighte agam. Cé mar a imíonn clog in áit amháin níos moille ná clog in áit éigin eile, mar shampla. De réir na teoirice seo, cheapfadh duine gur thóg sé 10 nóiméad chuile dhuine a ghléasadh ar maidin, deich nóiméad eile leis na calógaí a ithe agus 10 nóiméad eile fós leis na cótaí a chur orthu.

Sa domhan taobh amuigh, d’fhéádfaí tríocha nóiméad nó trí chéad bliain a bheith caite.

Agus tá tú deireanach, arís.

Fág freagra ar 'E=mc2 ? Ní gá é a mhíniú do mhamaí!'