Embrowdery – córas nua le cruth agus dath nó imir a chur i malaí…

Teastaíonn trí cinn de chuairteanna ar an salún áilleachta agus €480 don chleachtas is deireanaí atá ann le cruth agus dath níos deise a chur ar mhalaí

Embrowdery – córas nua le cruth agus dath nó imir a chur i malaí…

 

Tá córas nua tagtha chun cinn le gairid le cruth agus dath nó imir a chur i malaí, córas atá chomh nua sin nach bhfuil aon leagan Gaeilge air fós sna foclóirí – embrowdery. Is léir gurb iad na focail ‘embroidery’ agus ‘brow’ atá mar bhunús leis an bhfocal nua agus gurbh é atá ann ná bróidnéireacht a dhéantar ar na malaí le cruth álainn a chur orthu.

Ní cosúil go bhfuil sé ar fáil sa tír seo fós ach ag roinnt bheag de na salúin áilleachta is mó; feicim an tseirbhís fógartha ag roinnt acu i mBaile Átha Cliatha agus i nGaillimh. Feicim neart tagairtí don chóras nua seo ar na meáin shóisialta agus ina measc siúd a bhfuil sé curtha in úsáid acu tá Lorraine Keane as TV3, an blagálaí aitheanta Tara O’Farell agus Majella O’Donnell, bean chéile an cheoltóra Daniel O’Donnell a fuair a cuid malaí féin déanta leis an gcóras nua seo ar an gclár teilifíse Nationwide.

Ach ní do dhaoine atá ar thóir tuilleadh áilleachta amháin an córas seo – is iontach an chabhair é d’othair a fuair ceimiteiripe mar chuid den chóir leighis nó a bhfuil tinnis ar nós alóipéice orthu.

Tugtar ‘microblading’ go hoifigiúil ar an gcleachtas seo ach go minic is mar ‘embrowdery’ is fearr a aithnítear é.

Tá cosúlachtaí áirithe aige le seanchleachtas a bhíodh ann tatúnna a chuir sna malaí nó dathú leath-bhuan a dhéanamh orthu ach amháin go bhfuil cuma i bhfad níos nádúrtha i gceist leis an gcóras nua. Go bunúsach cuirtear stríoca bheag ar an gcraiceann a bhreathnaíonn cosúil le ribí na malaí ach ní ghearrtar an craiceann féin chun seo a dhéanamh. Úsáidtear nanaitheicneolaíocht leis na ribí daite seo a chruthú agus meascann siad isteach leis na ribí eile atá ar chnámh na bhfabhraí.

Ní théann an dath féin isteach ach sa tsraith uachtair den chraiceann agus ní úsáidtear inneall tatúnna nó snáithiú sa phróiseas ar chor ar bith. Úsáidtear línte agus scáthú le dearadh a dhéanamh ar na ribí bréige agus fad is gur ceardaí oilte atá ina bhun is féidir cuma álainn ar fad a chur ar na malaí.  Cinntíonn an teicneolaíocht go bhfanann na stríoca san áit a gcuirtear iad agus nach sileann an dath ar bhealach ar bith.

Próiseas sách fada agus costasach go maith é an córas nua seo. Tá trí cinn de chuairteanna ar an salún áilleachta i gceist. Nuair a dhéantar an ‘embrowdery’ ar dtús tosaíonn an dath ag tréigean tar éis seachtaine. Go deimhin, deir saineolaí amháin go dtréigeann 70% den dath laistigh de mhí agus is ansin a chaitear an dara cuairt a thabhairt ar an salún.

Déantar leasuithe a oireann don duine féin ar dhearadh agus ar dhath na ribí bréige le linn an dara cuairt agus cé go dtréigfidh cuid den dath arís, ní mórán é. Faoi cheann míosa eile a chuirtear barr maise an bpróiseas ar fad nuair is féidir mínchóireáil a dhéanamh ar an dath agus ar an dearadh.

Thart ar €480 a chosnaíonn an próiseas ar fad; €280 don chéad chuairt agus €120 agus €80 ar an dá chuairt ina dhiaidh sin. Moltar dearadh ar leith do na malaí ag brath go hiomlán ar an gcruth atá ar aghaidh an duine féin agus ó tharla go ndéantar an obair i dtrí chéim is féidir leasuithe a dhéanamh le go mbeifear iomlán sásta leis an toradh i ndeireadh an lae.

Níl pian ar bith i gceist leis an gcóras seo agus is cosúil é le malaí a phiocadh nó a phlucáil.

Ar ndóigh, beidh daoine ag ceapadh gur córas sách radacach é seo go háirithe nuair atá malairt córais ar fáil, go speisialta nuair is féidir dearadh a dhéanamh agus dath nó imir a chur i malaí a mhairfidh ar feadh sé seachtaine i salún áilleachta ar bith.

Ach tá fás i ndán don chóras nua seo más leid ar bith an tsuim atá á cur ann ar na meáin shóisialta.

 

Fág freagra ar 'Embrowdery – córas nua le cruth agus dath nó imir a chur i malaí…'