EISIACH: ‘Ísle brí ollmhór’ in Údarás na Gaeltachta agus aighneas idir baill foirne agus lucht bainistíochta

I meamram ceardchumainn a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie maítear nach bhfuil ‘aon mheas’ ag lucht bainistíochta an Údaráis ar an bhfoireann agus go bhfuil neamhaird á tabhairt ar a gcuid tuairimí. Tuairisc le Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí

udaras_051-1024x6811

Tá sé curtha i leith bhainistíocht Údarás na Gaeltachta nach bhfuil “aon mheas” á léiriú acu “ar an bhfoireann dhílis ar a bhfuil siad ag brath”, go bhfuil “ísle brí ollmhór” i measc fhoireann na heagraíochta agus gur “níos measa atá sé ag éirí lá i ndiaidh lae”.

Tá an méid sin i measc na líomhaintí atá déanta faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta ag baill foirne i meamram ceardchumainn atá curtha faoi bhráid Bhord Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.

Baineann an meamram leis an gcóras páirtnéireachta a bunaíodh idir lucht ceardchumainn agus bainistíocht na heagraíochta mar chuid de phróiseas athstruchtúraithe atá ar bun san Údarás faoi láthair.

Maítear sa mheamram go bhfuil an bhainistíocht anois meáite ar mholtaí maidir le hathstruchtúrú foirne a chur i bhfeidhm beag beann ar an gcóras páirtnéireachta agus ar thuairimí na foirne i dtaobh na n-athruithe.

Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta le linn na bliana 2015.

Ba í Roinn na Gaeltachta a d’fhostaigh an comhlacht Public Affairs Ireland le tuarascáil athbhreithnithe a dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta agus le moltaí a dhéanamh i dtaobh athruithe ar struchtúr na foirne.

Maítear sa mheamram leis go bhfuil sé aontaithe ag ardbhainistíocht an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta go gcuirfí moltaí na tuarascála sin i bhfeidhm “láithreach”, cur chuige, dar le lucht an cheardchumainn, nach bhfuil “ag luí leis na moltaí sin ná le spiorad na tuairisce”.

Tá sé ráite leis sa cháipéis go bhfuil cur chuige na bainistíochta ina chúis imní ag baill foirne.

Deirtear chomh maith nach bhfuil cóip den tuarascáil curtha ar fáil ag an mbainistíocht don fhoireann.

“Is ábhar díomá agus imní dúinn nach bhfuil ról ná deis tugtha do na baill foirne an t-athstruchtúrú a phlé. Go dáta níl cóip den tuarascáil faighte ón Ardbhainistíocht.

“Is é ár dtuiscint go bhfuil athrú ar ról na pleanála teanga mar chuid den ábhar atá á phlé lenár mbaill faoi láthair, i measc rudaí eile. Tá an cur chuige seo ag cruthú míshuaimhnis i measc na foirne uilig,” a deirtear sa mheamram a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie.   

Deirtear sa cháipéis atá sínithe ag Coiste Ceardchumainn an Údaráis  go bhfuil sé “soiléir” anois dóibh nach bhfuil “aon suim” ag an mbainistíocht leanúint ar aghaidh leis an gcóras páirtnéireachta agus nach bhfuil “aon ionchur ná aird á tabhairt ag an mbainistíocht ar an gceardchumann ná ar an bhfoireann”.

“Tá cinntí tógtha acu [an lucht bainistíochta] le cúpla seachtain anuas gan aon phlé, mar a bhí aontaithe tríd an gcóras páirtnéireachta, agus níl siad sásta glacadh le haon mholtaí,” a deirtear sa mheamram.

Luaitear go sonrach cinneadh na bainistíochta post ag ‘Grád 2’ san eagraíocht a fhógairt le déanaí.

Maítear sa mheamram gur tháinig fógairt an phoist sin salach ar an gcóras páirtnéireachta toisc, a deirtear, go raibh sé aontaithe leis an gceardchumann nach bhfógrófaí aon phost faoi ghrád 1 nó go mbeadh an t-athstruchtúrú bainistíochta curtha i gcrích. Deirtear gur aontaíodh chomh maith go dtabharfaí isteach ina dhiaidh sin dréachtstruchtúr do na postanna faoi ghrád 2.

“Bhí an ceardchumann sásta feidhmiú taobh istigh den leagan amach seo ach thóg an bhainistíocht cinneadh post ar ghrád 2 a fhógairt gan aon phlé tríd an gcóras páirtnéireachta agus gan aon aird a thabhairt ar an aontú a bhí i bhfeidhm.

“Lorg an ceardchumann cruinniú leis an mbainistíocht faoi dhó chun seo a phlé sula scaipfí an fógra ach rinne siad neamhaird dár n-achainí agus lean siad ar aghaidh gan aon phlé,” a deirtear sa mheamram.

Dar le lucht an cheardchumainn go bhfuil sé “an-deacair struchtúr feiliúnach a chur i bhfeidhm nuair nach bhfuil aon rud á phlé go hoscailte leis an bhfoireann in iomlán”.

Cuirtear i leith bhainistíocht an Údaráis go bhfuil “neamhaird” á déanamh acu “ar gach rud atá aontaithe tríd an gcóras páirtnéireachta” agus go bhfuil siad ag “leanúint ar aghaidh ag déanamh cibé rud a fheileann iad féin beag beann ar riachtanais fhoireann Údarás na Gaeltachta”.

Luaitear chomh maith ceist a bhaineann le pá na foirne agus maítear nach bhfuil fostaithe an Údaráis ar comhchéim le státseirbhísigh eile.

Deirtear go bhfuil na ciorruithe atá curtha i bhfeidhm sa státchóras le tamall de bhlianta anuas “á bhrú” ar  fhoireann an Údaráis. Maítear gur cuireadh ceist seo an phá faoi bhráid bhainistíocht na heagraíochta den chéad uair in 2007 ach nach bhfuil aon ní déanta mar gheall air.

“Níl an bhainistíocht in ann aon chomhfhreagras a chur ar fáil don cheardchumann, ach go bhfuil siad a rá go bhfuil seo ardaithe, ach ní chóir go dtógfadh cás chomh chomh tábhachtach leis seo naoi mbliana le réiteach a fháil air,” a deirtear sa mheamram.

Ag deireadh an mheamraim líomhnaítear nach bhfuil aon mheas ag bainistíocht an Údaráis ar fhoireann na heagraíochta agus go bhfuil “ísle brí ollmhór” i measc na foirne.

“Tá ísle brí ollmhór san eagraíocht anois le blianta anuas agus is níos measa atá sé ag éirí lá i ndiaidh lae, ach, de réir dealraimh, ní miste leis an mbainistíocht agus níl aon mheas á thaispeáint ar an bhfoireann dílis ar a bhfuil siad ag brath.”

Tá Tuairisc.ie ag fanacht ar ráiteas ó Phríomhfheidhmeannach an Údaráis maidir le hábhar an mheamraim atá curtha faoi bhráid Bhord an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta cheana go raibh “frustrachas agus fadhbanna” ag baint le bheith ag plé le Roinn na Gaeltachta faoi athstruchtúrú a dhéanamh ar fhoireann an Údaráis.

Chuir an Príomhfheidhmeannach, Steve Ó Cúláin, a fhrustrachas faoin Roinn in iúl do chruinniú de Bhord an Údaráis ag deireadh na bliana 2014.

Fág freagra ar 'EISIACH: ‘Ísle brí ollmhór’ in Údarás na Gaeltachta agus aighneas idir baill foirne agus lucht bainistíochta'

  • Tomás Ó hÓgáin

    Údarás bocht