Eiseamláir é ‘Súil Eile’ den iriseoireacht Ghaeilge i mbarr a réime

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Ní saothar seasc atá i leabhar nua faoi stair TG4 ach cuntas cumasach ar bhunú agus forbairt an stáisiúin

Eiseamláir é ‘Súil Eile’ den iriseoireacht Ghaeilge i mbarr a réime

Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Cois Life, €20

Mór idir aimsir bhunaithe TG4 agus an lá inniu. Scór bliain ina dhiaidh an bhfuil iarann déanta de na laethanta órga úd? Ceann de mhórthéamaí Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie, ná an miotal a léirigh lucht stiúrtha an stáisiúin agus iad ag fiach ar mhaoiniú an uair sin agus ó shin do chainéal mionteanga i margadh luaineach ar minice an neamhréiteach polasaí ann ná a mhalairt.

Cé dó TG4? An fuílleach dílis nó an móramh méith? Cíortar an cheist bhunúsach seo ó thús deireadh an leabhair seo. Ní saothar seasc toradh na hiarrachta ach cuntas cumasach ar bhunú agus forbairt TG4. Tá gnéithe de stair TG4 scrúdaithe cheana ag socheolaithe agus scoláirí eile ach éiríonn le Súil Eile saothrú tomhaiste a dhéanamh ar chuimse téamaí nár scrúdaíodh ar bhealach struchtúrtha go dtí seo.

Scéalaíocht chroineolaíoch is mó a leantar agus leagtar béim i dtosach ar fhréamhacha agus ar phrionsabail na bhfeachtas éagsúil agóidíochta a d’éiligh seirbhís teilifíse Gaeilge. Tá roinnt leabhar faoin ábhar seo ar fáil cheana a bhuíochas d’Iarfhlaith Watson agus Niamh Hourigan ach tugtar léargas an-sonrach ar an bpróiseas polaitiúil i gcás bheirt airí rialtais – Máire Geoghegan Quinn agus Michael D Higgins – a chuireann lenár dtuiscint ar na tosca bunaithe.

Meabhraítear dúinn gur caitheadh TG4 ar an sop ainneoin lámh mharbh an mhaorlathais agus lucht an doichill, bídís ar Shráid Mhuirfean nó i Montrose. Tugtar creidiúint d’Údarás na Gaeltachta as tacaíocht fhadradharcach a chur ar fáil ag tráth cinniúnach agus féachtar le caidreamh achrannach idir an dá chraoltóir phoiblí sa stát a thabhairt chun grinnis. Ní ann don fhíorscéal riamh i gcásanna den chineál seo ach leaganacha den stair. Mar sin féin, cuidíonn sleachta athfhriotail ó bhéal naonúir a bhí sáite in obair na seirbhíse leis an léitheoir a chríonnacht féin a dhéanamh den chaidreamh céanna.

Tá teacht ar anailís ionraic, mhacánta, fhuarchúiseach sna hagallaimh seo agus is fiú mionléamh a dhéanamh ar shleachta Phádhraic Uí Chiardha, Chathail Goan agus Phóil Uí Ghallchóir ar cheist an neamhspleáchais go háirithe.

Is é Michael D Higgins is fearr a dhéanann scagadh ar réasúnaíocht bhunaithe na seirbhíse i dtéarmaí intleachtúla, mar fhearann slán don fhéiniúlacht chultúrtha. Baineann tábhacht nach beag le léargais na bpríomhaithe a fháil. B’fhiú leanacht den obair seo agus tuairimí agus taithí Shiún Ní Raghallaigh, Bob Collins agus Máire Geoghegan Quinn a chur san áireamh amach anseo.

Pléitear an craoladh agus na seánraí mórshuntais go léir in imeacht 10 gcaibidil – drámaíocht, cúrsaí reatha, siamsaíocht, spórt, faisnéis agus ceol – agus déanann Alan Esslemont agus Micheál Ó Meallaigh comhthéacsú fíor-spéisiúil ar straitéis choimisiúnaithe agus sceidealóireachta an chainéil. Áis fhiúntach don léitheoir an t-innéacs d’ainmneacha pearsanta agus beidh lucht taighde buíoch den fhardal altanna nuachtáin. Chuirfeadh innéacs de na cláir a luaitear ar feadh an tsaothair go mór le luach tagartha an leabhair. B’fhurasta seo a leigheas don atheagrán shamhlóinn.

Géaraítear ar an anailís ar lucht féachana TG4 ó chaibidil 8 amach. Pléitear príomhdhúshlán sheirbhís chraolta poiblí ar bith i dtéarmaí na hábharthachta. Tarraingítear ar thuarascálacha bliantúla TG4, gona gcuid péarlaí próis, ar staidrimh fhéachana, ar cháipéisí polasaí den uile chineál agus ar thuairimíocht léirmheastóirí agus lucht stiúrtha an chainéil. Is é an toradh atá ar an scagadh mionchúiseach seo ná caibidil stuama a fhéachann le laghad na smaointeoireachta criticiúla sa réimse polasaí seo a leigheas.

Is é Robert Ballagh a rinne an ealaín ar chlúdach an leabhair agus léiriú rífheiliúnach atá ann ar ábhar na hanailíse. Má bhí grianghraif le foilsiú bheifí ag súil le híomhánna daite ardchaighdeáin. Tá cuid de na pictiúir dorcha agus doiléir. Is é an trua é.

Is minic a chastar leis an iriseoireacht Ghaeilge a ghafa agus a bhíonn na meáin éagsúla le scéalta faoi eagraíochtaí Gaeilge agus faoin nGaeilge féin. Léiríonn modheolaíocht Súil Eile a luachmhaire is atá iriseoireacht na Gaeilge don té atá ag iarraidh stair de chineál ar bith a scríobh. Baintear earraíocht scóipiúil as foinsí comhaimseartha i nGaeilge agus i mBéarla, déantar tráchtaireacht mheáite orthu agus bunaítear áitimh an údair féin ar anailís seachas ar thuairimíocht amháin.

Eiseamláir den iriseoireacht Ghaeilge i mbarr a réime an leabhar seo. Beidh an pobal teanga agus léinn faoi chomaoin an scríbhneora go mór.

Fág freagra ar 'Eiseamláir é ‘Súil Eile’ den iriseoireacht Ghaeilge i mbarr a réime'

  • gan ainm

    ag súil go MÓR leis an leabhar seo