‘Éirímis as a bheith ag easpórtáil mná i gcomhair ginmhillte’

Tá éagóir á déanamh ar mhná na hÉireann maidir le ceist an ghinmhillte. Is é aisghairm an Ochtú Leasú an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe

Rollingnews.ie
Rollingnews.ie

Ina alt, ‘Seasaimis suas do chearta daonna agus fágaimis dlí an ghinmhillte mar atá, cuireann Pól Ó Meadhra béim mhór ar an tábhacht a bhaineann le fíricí, ar loighic agus ar an bhfírinne. Aontaím go mór leis.

Ceadaíonn Bunreacht na hÉireann do bhean ginmhilleadh a fháil. Seo fíric nach dtugtar mórán airde uirthi go minic. Is é an rud a bhfuil cosc air faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht ná an t-éileamh ar an gceart sin sa stát seo. Cuireann an Tríú Leasú Déag cosc ar theorainn ar bith a chur ar thaisteal thar lear le héileamh ar sheirbhísí ginmhillte i stát ar bith eile. Chomh maith leis sin, tá ceart ann faoin gCeathrú Leasú Déag eolas a fháil agus a chur ar fáil maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i dtíortha eile, fad is nach moltar ginmhilleadh nó nach ndéantar socruithe ar bith le ginmhilleadh a chuir ar fáil.

Cibé bunús atá leis an réiteach seo, ní loighic é. Ma tá an dream a deir gur ar son na beatha atá siad i ndáiríre fá loighic, bheifeá ag dréim go mbeidís ag iarraidh é seo a athrú. Ag deireadh an lae, más rud é gur chóir an dá bheatha atá i gceist le toircheas a chosaint, cén fáth nach bhfuil feachtas ar bun acu leis an aimhrialtacht seo a cheartú?

De réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag Roinn Sláinte na Ríochta Aontaithe, tá ar a laghad 151,188 ginmhilleadh faighte ag mná ón stát seo ón bhliain 1984. Bhí 3,451 ginmhilleadh ag mná as an stát seo sa bhliain 2015 –  seo 66% de na ginmhillte uilig a tugadh i Sasana nó sa Bhreatain Bheag do mhná nach raibh cónaí orthu sna tíortha sin.

Ní hionann sin agus líon iomlán na nginmhillte mar nach mbaineann an uimhir sin ach leo siúd a d’fhág an stát seo chun ginmhilleadh sa dá thír áirithe sin.

Is fíric eile é gur tháinig méadú suntasach ar líon na nginmhillte sna blianta tar éis dúinn an tOchtú Leasú a chur leis an mBunreacht. Tá laghdú ag teacht ar an uimhir sin le blianta beaga anuas ach ní féidir a rá gurb é an tOchtú Leasú is cúis leis an laghdú céanna. Is dócha gur mó i bhfad an tionchar atá ag an idirlíon ar an uimhir seo siocair go bhfuil mná anois ábalta teacht ar dhrugaí ginmhillte ar líne. Tá na figiúrí go léir le fáil i dTuarascáil Roinn Sláinte na Ríochta Aontaithe, a foilsíodh an tseachtain seo caite, áit a bhfuil cuir síos tugtha ar líon na nginmhillte don bhliain 2015 chomh maith le mioneolas eile fúthu.

  hiad na mná seo? Ár ndeirfiúracha, ár n-iníonacha, ár gcomharsana. Ina measc, bhí 18 cailín níos óige ná 16 bliain d’aois. Bhí 58 bean eile a bhí idir 16-17 agus 187 acu a bhí idir 18-19. Iad uilig tréigthe ag a dtír féin. Cé mhéad acu a raibh eagla orthu ag imeacht agus iad leo féin, b’fhéidir? Iad uilig, déarfainn. Ach nach cuma – níl iontu ach staitisticí, iad ar aon dul leis na mná nach mbíonn a gcloigne le feiceáil a bhíonn ar chuid de phóstaeir lucht ‘cosanta na beatha’.

Ní raibh contae ar bith fágtha amach. Achan choirnéal den stát ag easpórtáil mná agus sinn ag ligean orainn féin nach bhfuil ginmhilleadh in Éirinn. Is léir nár stop an tOchtú Leasú ceann ar bith acu seo agus níl pioc fianaise ann gur stop an Leasú ginmhilleadh ar bith ón lá ar cuireadh sa Bhunreacht é. Níl déanta aige ach níos mó péine agus fulaingthe a chur ar mhná atá i gcruachás cheana féin. Cuireann sé saol agus sláinte mná i mbaol agus cuireann sé isteach ar dhochtúirí agus iad ag tabhairt comhairle leighis.

Tá sé in am don tír seo teacht in inmhe agus stop a chur leis an éagóir seo. Má tá rud amháin nár chóir dúinn a dhéanamh, sin é dlí an ghinmhillte a fhágáil mar atá. Is é aisghairm an Ochtú Leasú an chéad choiscéim sa treo sin.

Cecilia Ní Choileáin BL, Taighdeoir Dlí.

Fág freagra ar '‘Éirímis as a bheith ag easpórtáil mná i gcomhair ginmhillte’'

  • file

    Éirímis as a bheith ag marú páistí Éireannacha, is cuma cén tír ina ndéantar an marú: sin an fhíric agus an loighic amháin a bhaineann leis an cheist seo.

    • Fearn

      Abair é.

      Nach ionatach go bhfuil marú ina “cheart daonna” ag an saol mór, mar dh’ea, anois?

  • JEOL

    Nach deas an tuiscint atá agaibh beirt thuas ar an scéal. Tá súil agam nach mbeidh sibh sa chás go mbedh ort dul thar sáile le cara/iníon/ nó eile leat.

    Seafóid atá san Ochtú Leasú agus in am dúinn mar phobal é a aisghairm.

    • Fearn

      Tá súil agat nach mbeidh mé sa chás go mbeadh orm dul thar sáile le cara/iníon/ nó eile liom?—– lean ort—–le go gcuirfí an marú i bhfeidhm.

      Nár thuig tú nach bhfuil mé ag moladh maraithe?

  • Colmán

    Níl mise ar son ginmhillte agus ní shílim go bhfuil na hargóintí fána choinne sách láidir chun a chur ina luí orm go bhfuil ginmhilleadh de réir éilimh ag tástáil sa tír seo. Is léir áfach go bhfuil tuairim láidir ag daoine maidir leis an cheist seo. Agus ba bhreá liom bheith in ann na tuairimí sin a thuigmheáil níos fearr. Is léir go ndearnadh meancóg uafásach i gcás na Savita Halappanavar. Agus ba cheart go mbeadh an rogha ar fáil di agus do dhaoine atá torthach in aghaidh a dtola. Ach sílim an rud a chuireann uafás ar dhaoine atá in éadan ginmhillte ná go mbeadh páistí á marú i gclinicí ar fud na tíre. Is deacair teacht idir an dá thuairim seo agus dá réir sin tá an tír scoillte faoin cheist.

  • Colmán

    “Is léir go ndearnadh meancóg uafásach i gcás na Savita Halappanavar. Agus ba cheart go mbeadh an rogha ar fáil di agus do dhaoine atá torthach in aghaidh a dtola.”

    An rud atá i gceist agam anseo i gcásanna nuair atá beatha na máthar i mbaol agus i gcásanna éignithe.

  • Seán Ó Floinn

    Cén fáth a bhfuil dúil chomh mór sin agat sampla tíortha eile an Iarthair a leanúint leis an nginmhilleadh? Is léir gur tubaiste atá ann sa Bhreatain agus Meiriceá: níl drogall ar bith ar mhná óga úsáid a bhaint as an nginmhilleadh mar fhoinse frithghiniúna in áit bheith cúramach agus iad i mbun gnéis.

    Anuas air sin, tá ráta breithe na hEorpa tar éis dul i laghad go mór – tá na milliúin inimirceach á dtógáil isteach toisc go bhfuil ráta breithe mhuintir dhúchasach na hEorpa chomh híseal sin: https://www.amazon.co.uk/Last-Days-Europe-Epitaph-Continent/dp/0312368704/ref=sr_1_4?ie=UTF8&qid=1463746004&sr=8-4&keywords=walter+laqueur

    • Fearn

      “Cén fáth a bhfuil dúil chomh mór sin agat sampla tíortha eile an Iarthair a leanúint leis an nginmhilleadh?”

      Níl mé buileach cinnte de seo, ach sílim gur sa Rúis in 1917 a cheadaíodh ginmhilleadh don chéad uair. Níl mé cinnte an bhfuil an Rúis san Iarthar nó nach bhfuil, ach bhí an beart fada ó liobrálachas Iarthar an lá anniu ag an am úd. Scaip sé i measc tíortha Liobrálacha an Iarthair san blianta 60aí. Tá ar Éire bheith sa chlub anois, beag beann ar mhoráltacht.

      Bí sa bhfaisean, mar dh’ea!