Éirígí feasta a Chlann na Tuaithe nó beidh bhur nglór múchta arís!

Ní neart go cur le chéile – tá ar a laghad dhá Theachta déag sa Dáil inniu a mbeadh sé ag luí le réasún go bhféadfaidís teacht le chéile faoi bhrat na tuaithe

joe-cooke-graphic-1

Os cionn bliana ó shin foilsíodh alt liom i dTuairisc.ie ag moladh don Teachta Dála Michael Fitzmaurice féachaint le gluaiseacht a bhunú a chuirfeadh leas na tuaithe chun cinn.

Clann na Tuaithe a thug mé ar an eagraíocht.

Ní cosúil gur thug duine ar bith aird ar an méid a bhí le rá agam.

Ní bheadh Michael Fitzmaurice in ann an t-alt a léamh cheal Gaeilge ach dá mbeadh féin bí cinnte gurb í an chluas bhodhar a thabharfadh seisean dom freisin.

An chluas bhodhar cinnte mar ní raibh Michael dhá lá fliuch i mBaile Átha Cliath go raibh sé faoi dhraíocht iomlán ag Shane Ross.

Tá sé an-soiléir go deo anois gur olc agus cantal a chuir Fine Gael ar vótóirí na tuaithe leis an mbolscaireacht áiféiseach a rinne siad faoin mborradh a choinneáil ar siúl.

D’admhaigh urlabhraithe dá gcuid féin tar éis an toghcháin gurbh shin é an toradh a bhí air.

Dúirt fear Mhaigh Eo, Michael Ring, gur ghéill siad iomarca do Bhaile Átha Cliath 4.

B’fhíor dó; tugadh an-aird ar an mana i ndeisceart Bhaile Átha Cliath mar go bhfuil neart daoine ag déanamh go maith as an mborradh sa gcoirnéal sin den tír ach ba mhór an masla é do dhaoine a bhí, agus atá, ag fulaingt ar fud na tuaithe.

Go fiú an té a bhí i gceannas ar fheachtas toghchánaíochta Fhine Gael, Brian Hayes, d’admhaigh sé go raibh said dírithe ró-mhór ar cheantair mar dheisceart Bhaile Átha Cliath.

An bhrionglóid a bhí agamsa bliain ó shin go gcuirfí deich bpointe le chéile leis na ceantair tuaithe a fhorbairt agus go mbunófaí gluaiseacht láidir leis na pointí sin a chur i bhfeidhm.

Tá éileamh á dhéanamh anois ar son Aire Gnóthaí Tuaithe a bheith sa gcéad rialtas eile.

Bheadh sé sin go hard ar an liosta cinnte.

Throidfí ar son córas ceart rialtais áitiúil a bheith sa tír mar atá i chuile thír eile ar fud na hEorpa.

Ní ghlacfaí níos faide leis an gcóras fánach leathanbhanda atá againn.

Chuirfí smacht eicínt ar na tuilte ar láimh amháin agus bheadh uisce glan le n-ól againn ar an láimh eile.

Chuirfí deireadh le dúnadh scoileanna beaga, oifigí poist agus beairicí Gardaí.

Chaithfí an t-ómós atá tuillte acu leis na hiascairí.

Neartófaí Údarás na Gaeltachta.

Níl ansin ach cuid de na pointí. Bheadh díospóireacht bhríomhar fúthu ar fud na tuaithe ar fad agus tharlódh sé go mbeadh níos mó ná deich bpointe ann sa deireadh.

Níor dhochar ar bith é sin, an fhad is a bheadh an ghluaiseacht nua ar aon intinn fúthu.

Ní raibh an t-olltoghchán ach beagán le cois bliana uainn nuair a scríobh mé an t-alt. Mheas mé dá ndéanfaí an obair go críochnúil go dtiocfadh an lá a mbeadh grúpa soiléir Teachtaí againn sa Dáil a sheasfadh go tréan ar son pholasaí seo na tuaithe.

Is beag a shíl mé go bhféadfadh sé a bheith i bhfad ní ba éasca é a dhéanamh ná mar a mheas mé i dtosach.

Tá ar a laghad dhá Theachta déag sa Dáil inniu a mbeadh sé ag luí le réasún go bhféadfaidís teacht le chéile faoi bhrat na tuaithe.

Féach orthu seo: Seán Canny, Noel Grealish, Michael Fitzmaurice, Michael Collins, Danny Healy Rae, Michael Healy Rae, an Dr.Michael Harty, Denis Naughten, Séamas Healy, Mattie McGrath, Kevin Boxer Moran, Thomas Pringle.

Sin iad Clann na Tuaithe agat.

Dá gcuirfidíis le chéile ba iad an ceathrú grúpa ba mhó sa Dáil anois iad.

Bheadh cearta díospóireachta acu sa Dáil, rud a chiallódh go mbeadh cás na tuaithe á chur os comhair na tíre ó cheann ceann na bliana.

Seo rud a thuigeann an t-iar-Sheanadóir Joe O’Toole.

Phléigh muid é mar chuid den phainéal a bhí ag cíoradh thorthaí an toghcháin i Raidió na Gaeltachta.

Tá blianta caite ag Joe O’Toole i mBaile Átha Cliath ach ní dhearna sé dearmad ar a dhúchas tuaithe i nDaingean Uí Chúis ariamh.

Nach baile é Daingean Uí Chúis arsa tusa?

Sea go deimhin ach ná ceapadh aon duine gur taobh le feirmeacha agus le sléibhte atá an tuath.

Sa tuarascáil a chuir an Ciarraíoch eile, Pat Spillane, ar fáil don rialtas thug sé sainmhíniú ar an tuath: na ceantair ar fad atá taobh amuigh de na chúig phríomhchathair.

Ar ndóigh tá daoine beaguchtacha ann fós a mbeadh imní orthu go dtabharfadh na Tráchtairí Móra sna meáin náisiúnta culchies, cábóga, clann lóbais, clabhtaí, tuataigh, lucht an chnoic, gramaisc na móna agus muintir na mara orainn dá seasfadh muid lena leithéid seo de pholasaí.

D’imeodh an imní sin dínn de réir mar a bheadh muid ag bailiú nirt. Ábhar bróid agus mórtais a bheadh in ainmneacha mar iad againn sa deireadh.

Tá seans mór caillte againn an iarraidh seo ach níl sé ró-mhall fós.

Éirígí feasta a Chlann na Tuaithe.