Éirigh as a bheith do mo leanúint thart ar líne!

Dá mbeadh arís ag ár gcolúnaí ní chaochfadh sí súil an chéad lá riamh ar an bpéire sandals deas sin a chonaic sí ar líne

Éirigh as a bheith do mo leanúint thart ar líne!

A chuaráin dhearga leis an tsáil espadrille, caithfidh muid labhairt. As ucht mac Dé agus na maighdine Muire oraibh, éirigh as a bheith do mo leanúint thart ar líne. Céard atá tú a iarraidh orm?

An bhfuil tú ag iarraidh go ndéarfainn amach os ard é? Ok! Déarfaidh mé é. Thaitin tú liom. An bhfuil tú sásta? Ach tá sé thart anois agus caithfidh tú scaoileadh liom.

Is dócha nár cheart dom mo shúil a chaochadh ort an chéad lá riamh, ach mheall tú mé leis an dath dearg beoga atá ort agus an ribín péacach sin atá ort ar an rúitín.

Tuirse a bhí orm, is dócha, nó lagmhisneach. B’fhéidir gurb é nach raibh mé in ann focal eile a sheasamh den anailís faoi áilleacht Justin Trudeau, Leo Varadkar agus Emmanuel Macron. Is measa é ná Keeping Up with the Kardashians.

Ar aon nós, cíbe cén fáth é, bhí mé ag iarraidh éalú ar feadh scaithimh isteach i ndomhan geal, éadrom agus na maidí a ligean le sruth. Ansin chonaic mé thusa.

Bhí tú spraíúil, meanmnach, ach fós bhí tú sách ciallmhar le d’éadach tréscaoilteach agus do sháil dinge trí horlaí. Cheap mé… is dócha go bhfuil sé sórt seafóideach anois, ach cheap mé go mb’fhéidir go n-oibreodh rud amach eadrainn.

Ní hé go bhfuil aon locht agam ort, tá tú go hálainn uilig. Ach, bhuel, is dócha go raibh a fhios agam i mo chroí istigh nach raibh eadrainn ach spadhar mearaí. Tá a fhios agam nár cheart dom thú a chur isteach i mo chiseán siopadóireachta is thú a fhágáil ann. A thréigean.

Ach an dtugann sé sin cead duit stalcaireacht a dhéanamh orm? Chuile uair a dtéim ar líne anois tá tú ansin romham. Sheiceáil mé mo chuid r-phost ar maidin is bhí tú neadaithe sa mbosca isteach, ag fanacht liom.

‘An ndearna tú dearmad orm?’ a bhí scríofa agat sa líne ábhair agus do phictiúr cumhdaithe istigh. ‘Dá ligfí dom,’ bhí fonn orm a rá. Nach bhfuil sé in am agatsa dearmad a dhéanamh ormsa anois?

Feicim arís níos deireanaí thú, agus tá cúpla duine de do chairde leat, an mhiúilbhróg mhaisithe is an sleamhnán leathair rós-órga. Tá sibh uilig ar lascaine 20% anois. Caithfidh mé a rá gur ghoill sé sin orm ruainne. Cheap mé go raibh tú níos fearr ná sin.

Is cuma cén margadh atá ann, caithfidh tusa agus mise scaradh óna chéile. Níl mé ag iarraidh thú a fheiceáil níos mó, tá brón orm. Ach ná caill do mhisneach. Tiocfaidh duine éicint eile agus táim cinnte go mbeidh sibh an-sásta lena chéile.

Céard faoi Helen i Surrey? Nach raibh am deas agaibh le chéile? Ó, tá iontas ort go bhfuil a fhios agam faoi Helen? Nach bhfaca mé an nóta grá a scríobh sí chugat sna tráchtanna.  

Chonaic mé sna tráchtanna gur tú na bróga ba dheise dá bhfaca sí riamh. Riamh. ‘Is AOIBHINN liom na cuaráin seo!!” a scríobh sí freisin. ‘Tá sé ar nós a bheith ag siúl ar an aer!’ a scríobh sí, agus, chuir sí an straoiseog grá in éineacht leis.

Grá, like.

Nach fiú rud éicint é sin?