Éire v na All Blacks: Níl ach ceist amháin ar ghob chuile dhuine…

Beidh na Gaeil gar do churaidh an domhain rud a fhágann go bhfuil seans iontach arís againn

Éire v na All Blacks: Níl ach ceist amháin ar ghob chuile dhuine…

Níl ach ceist amháin ar ghob chuile dhuine roimh theacht na nAll Blacks go dtí Staid an Aviva an Satharn seo: an mbeidh na Gaeil in ann preab eile a bhaint as curaidh an domhain?

Beidh staid an Aviva lán go béal agus beidh na milliúin ag breathnú ar an gcluiche ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Beidh an chuid is mó acu ag súil go n-éireoidh leis an bhfoireann, ó thír arbh é rugbaí an tríú nó an ceathrú spóirt ann ó thaobh cluichí foirne, in ann an ceann is fearr a fháil ar an bhfoireann rugbaí is  fearr ar domhan den dara huair i gcoicís.

Is cinnte gur port eile ar fad a bheas ag na hAll Blacks an deireadh seachtaine seo, agus ní dóigh liomsa go mbainfear geit astu arís. Is cinnte go mbeidh mionscrúdú déanta ag bainistíocht na nAll Blacks ar chur chuige agus imirt na hÉireann sa gcéad chluiche, imirt a bhí cruthaitheach agus dearfach ón gcéad nóiméad. Tá mise cinnte go bhfeicfidh muid cur chuige agus fiú dearcadh iomlán nua ó na cuairteoirí lena chinntiú nach dteipfidh orthu faoi dhó.

Ainneoin gur thug na hAll Black scíth do go leor dá gcéad rogha an Satharn seo caite agus iad ag imirt i gcoinne na hIodáile sa Róimh, d’éirigh leo bua éasca 68 – 10 a aimsiú. Ní hamháin sin ach beidh fáil arís acu ar chúpla imreoir a bhí gortaithe don chluiche i gcoinne na hÉireann i Chicago, an fathach dara líne, Sam Whitelock ina measc. Dúirt Whitelock in agallamh i rith na seachtaine go bhfuil neart ceachtanna le foghlaim ag a fhoireann ó chluiche Chicago agus go mbeadh siad dírithe ar na botúin a rinne siad a cheartú.

Thug Joe Schmidt scíth dá chúram agus iadsan i gcoinne Cheanada san Aviva an Satharn seo caite. Níor thosaigh imreoir amháin fiú i gcoinne Cheanada a thosaigh i gcoinne na nAll Blacks an tseachtain roimhe sin. Léargas é sin ar an tallann atá ar fáil anois do bhainistíocht rugbaí na hÉireann.

Chinntigh an bua cuimsitheach agus an tsárimirt ó go leor imreoirí sa gcluiche sin go bhfuil neart roghanna maidir le himreoirí ar ardchaighdeán idirnáisiúnta ag Schmidt agus é ag réiteach do chluiche an deireadh seachtaine seo.

Ní cúis iontais gur shocraigh Schmidt gan ach aon athrú amháin a dhéanamh ar an bhfoireann a chuir sé chun páirce i Chicago. Sin ráite, seans go raibh dianmhachnamh le déanamh aige maidir le cúpla áit ar an bpáirc. Cé a bheadh ina pháirtí ag Toner sa dara líne, mar shampla. Thosaigh Donnacha Ryan i gcoinne na nAll Blacks coicís ó shin ach bhí Ultan Dillane thar barr i gcoinne Cheanada mar a bhí Seán O’Brien agus Peter O’Mahony sa líne chúil thosaigh. Ach seans gurb é an lánchúlaí an rogha ba dheacra a bhí le déanamh aige. Bhí Rob Kearney iontach i Chicago díreach mar a bhí Tiernan O’Halloran i gcoinne Cheanada. Sa deireadh níl tagtha isteach ar an bhfoireann féin ach O’Brien.

Tá muinín ag lucht leanta rugbaí na hÉireann as Joe Schmidt. Murach é ní bheadh an lá linn i Chicago. Tá sé deacair agamsa a thuar an mbeidh ar ár gcumas an t-éacht céanna a dhéanamh arís ach is cinnte go gcreideann na Gaeil gur féidir. Creidim féin go mbeidh muid gar do churaidh an domhain rud a fhágann go bhfuil seans iontach againn.

Nach mór an t-athrú atá ar chúrsaí?

Fág freagra ar 'Éire v na All Blacks: Níl ach ceist amháin ar ghob chuile dhuine…'