Éire v Fidsí: Sárchluiche eile romhainn le neart úd agus bua eile do na Gaeil 

Bíonn freagra i gcónaí ag foireann Joe Schmidt ar na ceisteanna a chuirtear fúthu agus faoina mbainisteoir

Éire v Fidsí: Sárchluiche eile romhainn le neart úd agus bua eile do na Gaeil 

Joe Schmidt Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Seans go bhfuil sé thar am againn ar fad, mé féin san áireamh, éirí as a bheith ag ceistiú Joe Schmidt maidir le roghnú painéal agus imreoirí d’fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann.

Roimh thús an chéad chluiche idirnáisiúnta i mí na Samhna rinneadh neart plé maidir le roghnú Rob Kearney mar lánchúlaí agus ní róshásta a bhí mise nuair a d’fhógair Schmidt go raibh sé ag tabhairt a chéad chaipín idirnáisiúnta do Aki, imreoir nach bhfuil ach trí bliana caite aige sa tír.

Bhuel, thug Schmidt, Kearney, Aki, agus chuile imreoir a d’imir i gcoinne na hAfraice Theas freagra cuimsitheach orainn ar fad. 

Cinnte, ní raibh an Springbok thar mholadh beirte agus tá siad tite i bhfad siar ón stádas domhanda mar shárfhoireann a bhí acu tráth. Ach ní féidir le foireann Joe Schmidt ach an fhoireann atá os a gcomhair amach a imirt. Ón gcéad nóiméad den chluiche thug na Gaeil taispeántas a bhí ar ardchaighdeán. Is ar éigean gur thug siad spás ná liathróid don fhreasúra.  Bhí an chosaint docht agus daingean agus bhí chuile imreoir fíochmhar ar thóir bearnaí agus iad ag ionsaí leis an liathróid. Faoin am ar shéid an réiteoir an fheadóg dheiridh bhí 35 pointe idir na foirne agus d’aimsigh na Gaeil an bua ba mhó riamh a bhí ar an Afraic Theas againn (38 – 3). 

Ní ag baint d’iarrachtaí na hÉireann atá mé, ach is cinnte go mbeidh na himreoirí díomách gur cheadaigh siad don Springbok na trí phointe sin féin a aimsiú.

Beidh deis ag foireann Joe Schmidt an rud céanna a dhéanamh arís an Satharn seo agus iad ag cur chun páirce i gcoinne Fidsí. Seans gurb iad Fidsí is laige de na trí fhoireann atá ag teacht go dtí an Aviva mí na Samhna seo. Níor éirigh leo ach deich bpointe a fháil agus iad ag imirt i gcoinne na hIodáile Dé Sathairn seo caite, cluiche a chaill siad 19-10. Is fiú a mheabhrú gurb iad na hIodálaigh an fhoireann is laige atá ag imirt i gcomórtas an Sé Náisiún agus má tá siadsan in ann an ceann is fearr a fháil ar Fhidsí, níor cheart go mbeadh mórán stró ar na Gaeil.

Ní iontas ar bith dá bhrí sin go bhfuil Schmidt ag tabhairt deis imeartha do roinnt imreoirí atá ar bheagán taithí ag an leibhéal sin. Fós féin, caithfidh imreoirí na hÉireann a bheith cúramach gortuithe a sheachaint agus tá cáil imirt shalach, mhídhleathach ar Fhidsí.

Sárchluiche eile san Aviva ina mbeidh neart úd agus bua eile ag na Gaeil.

Fág freagra ar 'Éire v Fidsí: Sárchluiche eile romhainn le neart úd agus bua eile do na Gaeil '