Éire v An Pholainn: Ceithre chinneadh mór le déanamh ag Martin O’Neill

Is cluiche ollmhór do na hÉireannaigh é an ceann san Aviva anocht. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar na cinntí móra a bheidh le déanamh ag Martin O’Neill roimh an gcluiche

Tá cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh ag Martin O’Neill roimh an gcluiche anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Tá cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh ag Martin O’Neill roimh an gcluiche anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Casfaidh Éire agus an Pholainn ar a chéile anocht i gcluiche thar a bheith tábhachtach agus bua ag teastáil ó na hÉireannaigh le go mbeadh seans acu cáiliú do Chraobh na hEorpa 2016. Tá Éire trí phointe taobh thiar den Pholainn sa tábla faoi láthair agus má chailleann siad anocht, rachaidh sé an-dian orthu an bhearna sin a chúngú.

I bhfianaise an méid sin, tá cúpla cinneadh mór le déanamh ag Martin O’Neill i dtaobh an chluiche san Aviva

An bhfeicfidh muid Forde (ar dheis) nó Given (ar chlé) idir na postaí anocht? Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
An bhfeicfidh muid Forde (ar dheis) nó Given (ar chlé) idir na postaí anocht? Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An cúl báire iontaofa nó seanlaoch na foirne?

Ag deireadh an tsamhraidh anuraidh, d’fhógair Shay Given go raibh sé sásta teacht ar ais agus imirt le foireann na hÉireann dá mbeadh sé ag teastáil. Tháinig sé isteach sa chluiche i gcoinne Óman ag deireadh mhí Lúnasa ach níor imir sé i gcluiche comórtais fós.

Ó d’éirigh fear Thír Chonall as, is é David Forde is mó a d’imir sa bháide don fhoireann náisiúnta. Ní bhíonn aon chaint mhór á déanamh faoi thaispeántais Forde, agus is comhartha maith é sin nach ndéanann sé mórán as bealach. Mar gheall ar an easpa cainte, áfach, ceaptar nach bhfuil Forde ach measartha agus go mbeadh fear eile, go háirithe Given, níos fearr ina áit.

Is í an fhadhb le Given ná gur annamh a bhíonn sé ag imirt dá chlub. Cé gur imir sé i gCorn an FA an mhí seo caite, níor imir sé fiú agus nóiméad amháin sa Phríomhroinn le dhá bhliain anuas. Cheapfá, dá bharr sin, go mbeadh an buntáiste fós ag fear na Gaillimhe. D’fhógair Giovanni Trapatoni roimh chluiche dúshláin in aghaidh na Polainne in 2013 gurb é Forde a bhí mar a phríomhrogha aige. Bheadh fear na Gaillimhe sásta ráiteas mar sin sin a chloisteáil anocht.

Tá ag éirí go hiontach le Harry Arter le Bournemouth i mbliana ach an bhfuil sé sách maith d’Éirinn? Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Tá ag éirí go hiontach le Harry Arter le Bournemouth i mbliana ach an bhfuil sé sách maith d’Éirinn? Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An bhfeicfidh muid Harry Arter sa gheansaí glas den chéad uair?

Cibé cén chaoi a mbreathnaíonn tú air, tá Harry Arter ina measc siúd is fearr atá ag imirt le cúpla mí anuas, bíodh is nach dtaitneodh sé le roinnt daoine gur Sasanach atá ag imirt le Bournemouth ceann de na himreoirí is fearr atá againn.

ocht gcúl scóráilte ag Arter an séasúr seo agus toisc go bhfuil Darron Gibson gortaithe, agus gortú eile ag cur as do Glenn Whelan, tá seans ann go mbeidh ganntanas imreoirí lár páirce ar O’Neill.

Nuair a tháinig Cyrus Christie agus David McGoldrick isteach sa bhfoireann dá gcéad chluichí i gcoinne na Stát Aontaithe roimh an Nollaig, d’éirigh go maith leo agus údar muiníne é sin do O’Neill má tá faoin anois seans a thabhairt d’imreoir nua ar nós Arter.

Tháinig Robbie Keane isteach mar ionadaí i gcoinne na hAlban ach beidh sé ag iarraidh tosú anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Tháinig Robbie Keane isteach mar ionadaí i gcoinne na hAlban ach beidh sé ag iarraidh tosú anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An cluiche é seo do Robbie?

an chuma ar an scéal nach bhfuil aon chríoch i ndán don díospóireacht faoi áit Robbie Keane ar fhoireann na hÉireann. Go dtí go n-éireoidh sé as an imirt, beidh an argóint sin i gcónaí ann.

Nuair a thug foireann O’Neill aghaidh ar na hAlbanaigh i nGlaschú anuraidh, mheas an bainisteoir go raibh beis fuinnimh ag teastáil ó na hÉireannaigh agus fágadh Robbie Keane ar an mbínse.

go bhfuil an cluiche seo san Aviva, tá seans arís ann go mbeidh O’Neill ag iarraidh ar imreoirí na hÉireann rith go leor a dhéanamh. Más é sin atá ar intinn aige, seans maith go dtabharfaidh O’Neill áit do Shane Long nó Jon Walters, imreoirí atá i bhfad níos sciobtha agus níos aclaí Keane.

úsáideann O’Neill an 4-4-2 áfach, beidh áit ann do Keane taobh le Long nó Walters, a bheidh in ann an obair nach bhfuil Robbie in ann aige a dhéanamh.

Beidh Martin O’Neill buíoch nach bhfuil captaen na Polainne, Jakub Blaszczykowski, ag imirt anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Beidh Martin O’Neill buíoch nach bhfuil captaen na Polainne, Jakub Blaszczykowski, ag imirt anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An féidir cliathán deas na bPolannach a ionsaí?

Údar spreagtha do na hÉireannaigh an scéala a fuair siad i rith na seachtaine go bhfuil imreoirí Borussia Dortmund, Lukasz Piszczek and Jakub Blaszczykowski, in easnamh ar na Polannaigh don chluiche seo.

Is iad an bheirt imreoirí is fearr atá ag an bPolainn agus tá go leor leor taithí acu freisin. Imríonn chaon duine acu ar chliathán deas na Polainne; Piszczek mar chosantóir agus Blaszczykowski mar chliathánaí. Beidh ar bhainisteoir na Polainne, Adam Mawalka, beirt an taithí chéanna acu a roghnú ann anois, áfach.

Cheapfá go mbeadh Martin O’Neill ag díriú ar an laige sin ach tá a chuid deacrachtaí féin ag bainisteoir na hÉireann. Ar chliathán clé na nÉireannach, an taobh a bheadh ag ionsaí ionadaithe Piszczek agus Blaszczykowski, tá Stephen Ward curtha as an áireamh cheana féin agus anois tá amhras faoi aclaíocht James McClean agus Aiden McGeady.

Beidh bainisteoirí an dá fhoireann ag ceapadh anois go mbeidh siad in ann dul chun cinn a dhéanamh ar an taobh sin den pháirc.

Fág freagra ar 'Éire v An Pholainn: Ceithre chinneadh mór le déanamh ag Martin O’Neill'

  • Fearn

    Zwycięstwo Irlandia!