Éire v An Astráil: Má tá Gaeil cinnte de bhua tá dul amú orthu

Bheadh muid ar fad breá sásta dá n-éireodh linn trí bhua as ceithre iarracht a fháil, ach tá foireann na hAstráile contúirteach

Éire v An Astráil: Má tá Gaeil cinnte de bhua tá dul amú orthu

Simon Zebo agus Conor Murray ag ceiliúradh in aghaidh na hAstráile i 2014. INPHO/Dan Sheridan

Is cinnte nach raibh muid pioc sásta nár éirigh linn an ceann is fearr a fháil ar churaidh an domhain i Staid Aviva an Satharn seo caite.

Bhí ár n-eireaball ard san aer tar éis dúinn iad a cheansú le bearna 11 pointe i Chicago coicís ó shin. Ag an am céanna,  bhí fios maith ag Joe Schmidt agus a chúram go mbeadh an fhoireann is fearr ar domhan ar thóir díoltais agus gur chuma leo go mbeadh buntáiste an bhaile ag na Gaeil.

Ní raibh seans ar bith nach mbainfeadh na hAll Blacks úsáid as chuile chleas dá bhfuil ann le bua a chinntiú, bíodh an cleas sin dleathach nó mídhleathach. Agus sin díreach a tharla.

Níl mise sa mbuíon chéanna leo siúd atá ag clamhsán faoi imirt na nAll Blacks. Ach an oiread linn féin, ní raibh acu siúd ach cúig imreoir déag, go deimhin, bhí fiche nóiméad den chluiche nuair nach raibh acu ach ceathrar déag, de bharr dhá chárta bhuí.

Bhí neart deiseanna againne ach shocraigh muid faoi thrí an liathróid a chur i dtreo na taobhlíne seachas na naoi bpointe a bhí ar fáil a shlánú. Is cinnte nár chuidigh an réiteoir lenár n-iarrachtaí ach níor cheart toradh aon chluiche a fhágáil i lámha aon réiteora.

Is cinnte freisin go raibh cluiche an tSathairn seo caite ar cheann de na tástálacha ba chrua a fuair curaidh an domhain ó dheireadh chomórtas an domhain anuraidh.

Bhí ar na hAll Blacks imirt níos fearr ná mar a rinne siad le fada an lá leis na Gaeil a cheansú. B’fhéidir nach raibh a rian sin ar chlár na scór ach sin toradh iontach ann féin.

Anois tá ar imreoirí Joe Schmidt, sin aon imreoir nach bhfuil gortaithe ó chath na nAll Blacks imirt i gcoinne na hAstráile i Staid Aviva inniu. Seo é an ceathrú cluiche ag na Gaeil i gcomórtas an fhómhair seo, agus bhí bua acu in dhá chluiche as trí cinn go dtí seo. Bheadh muid ar fad breá sásta dá n-éireodh linn trí bhua as ceithre iarracht a fháil.

Creid uaim é, ní bheidh sé sin ró-éasca, ainneoin nach go dona a chruthaíomar i gcoinne na Wallabies le tamall. Ach d’imir siad sin trí chluiche go dtí seo i gcomórtas na bliana seo agus bhí an bua acu i chuile cheann acu. Is fiú a rá freisin gur i gcoinne na Breataine Bige, na hAlban agus na Fraince a d’imir siad an fómhar seo.

Cuimhnigh freisin gurb iad na Wallabies a d’imir i gcoinne na nAll Blacks i gcraobh chluiche chorn an domhain anuraidh. Níl an fhoireann seo atá faoi stiúir Michael Chieka gan tallann. Cuimhnigh freisin gur chaith Chieka cúpla séasúr agus é mar chóitseálaí ag an Laighnigh, rud a fhágann go mbeidh neart cur amach aige ar imreoirí agus ar stíl na hÉireann.

Bí ag súil dá bhrí sin le sárchoimhlint arís inniu. Ní róshásta a bheas na Gaeil, idir imreoirí agus lucht leanta mura mbeidh an lá leo, ach ní bheidh tada éasca faoin gcomhrac seo.

Fág freagra ar 'Éire v An Astráil: Má tá Gaeil cinnte de bhua tá dul amú orthu'