ÉIRE v AN AFRAIC THEAS: ‘Bok’ mór ar na hÉireannaigh agus iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháíl

Má éiríonn leis na Gaeil an cur chuige a bhí acu sa gcéad leath an Satharn seo caite a thabhairt leo arís níl cúis ar bith nach mbeadh siad in ann brú a chur ar na Boks

Joe Schmidt. Pictiúr: ©INPHO/Billy Stickland
Joe Schmidt. Pictiúr: ©INPHO/Billy Stickland

Má bhí tú riamh i Johannesburg na hAfraice Theas, beidh a fhios agat go bhfuil sé deacair d’anáil a tharraingt de bhrí go bhfuil an chathair chomh hard sin os cionn leibhéal na farraige. Go deimhin is í staid rugbaí na cathrach, Ellis Park an pháirc idirnáisiúnta rugbaí is airde ar domhan ag 1,810 méadar. An iontas ar bith é dá bhrí sin go mbíonn deacrachtaí ag cuairteoirí an ceann is fearr a fháil ar na Springboks sa staid chéanna?

Sin díreach a tharla do na hÉireannaigh agus iad ag imirt an dara ceann de shraith trí chluiche i gcoinne na hAfraice Theas in Ellis Park an Satharn seo caite. Cinnte bhí chuile dhuine ag súil le tréan-iarracht ó na Boks tar éis dóibh an chéad chluiche a chailliúint i gCape Town seachtain roimhe sin, ach ba iad fir Joe Schmidt a chuir an tús ab fhearr leis an gcluiche, iad 19-3 chun cinn ag leath ama. Ach bhain na Boks chuile leas as an aer tanaí agus tar éis dóibh cúpla athrú ar na himreoirí, gan trácht ar athrú ar an meon aigne a dhéanamh ag leath am, tháinig siad ar ruathar damanta, fíochmhar sa dara ceathracha nóiméad, iad ag úsáid luas agus toirt na foirne chun ceithre úd a aimsiú in achar gearr fiche nóiméad. Níor éirigh leis na Gaeil ach an t-aon úd amháin a aimsiú sa tréimhse chéanna agus bhí ár rás rite sa gcluiche sin.

Ach den chéad uair riamh i stair rugbaí na hÉireann agus iad ag imirt San Afraic Theas, tá seans againn an lámh in uachtar a bhaint amach sa tsraith, sin má éiríonn linn an bua a fháil sa tríú cluiche i bPort Elisabeth an Satharn seo. Ní bheidh sé éasca an toradh sin a bhaint amach agus is cinnte go mbeidh an buntáiste leis na Boks, go háirithe tar éis an bhua iontach a bhí acu an Satharn seo caite.

Ach níl na Gaeil gan dóchas. Is ag leibhéal na farraige a bheas an cluiche seo, díreach mar a tharla sa gcéad chluiche sa tsraith, ócáid ag ar thug siad an lá leo. Beidh fáil arís ar CJ Stander don chluiche seo, a thréimhse fionraíochta curtha isteach aige. Má éiríonn leis na Gaeil an cur chuige a thug siad chun páirce sa gcéad leath an Satharn seo caite a thabhairt leo arís níl cúis ar bith nach mbeidh muid in ann brú a chur ar na Boks. Sin iad na pointí dearfacha! Ar an taobh eile den scála, is cúis imní an gortú a bhain de Robby Henshaw ag deireadh chluiche an tSathairn seo caite. Beidh gá le hathrú i lár páirce de bharr an ghortaithe sin. Cén cinneadh a dhéanfaidh Schmidt?

An mbeidh sé de mhisneach aige Payne, imreoir a bhí thar barr mar lánchúlaí sa gcéad dá chluiche, a aistriú ar ais go dtí lár na páirce agus a chéad chaipín a thabhairt do Tiernan O’Halloran Chonnacht, nó an mbeidh lár páirce Ultach againn le Olding agus Marshall ag cur chun páirce?

Feicfidh muid linn.

Pé ar bith rogha a dhéanfaidh Schmidt, beidh air cúigear déag a chur chun páirce agus is cinnte go mbeidh sárchluiche agus fíorchoimhlint againn arís an Satharn seo don tríú seachtain as a chéile.

Fág freagra ar 'ÉIRE v AN AFRAIC THEAS: ‘Bok’ mór ar na hÉireannaigh agus iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháíl'