Éire na Gaeilge – athléamh ar stair na teanga

LÉIRMHEAS: Bhí pobal na Gaeilge san ochtú haois déag i bhfad níos forleithne agus níos bisiúla ná mar a thaibhsítear dúinn, a mhaíonn údar an leabhair 'An Irish-speaking Island'.

Wolf-An-Irish-Speaking-g

N.M. Wolf, An Irish-Speaking Island: State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870 (Madison, WI: U. of Wisconsin P., 2014).

Ina leabhar cáiliúil, An Blascaod a Bhí (1977), rinne Seoirse MacTomáis cur síos ar chúlú leanúnach na Gaeilge ó ré an Ghorta Mhóir.

“An t-am go rugadh Tomás Ó Criomhthain (1856-1937) bhí na céadta bailte beaga ar fuaid na hÉireann agus iad chomh Gaelach leis an mBlascaod; ach ó aimsir an drochshaoil anuas, bhí an Ghaeilge ag dul ar gcúl.”

Glacadh go forleathan leis an áiteamh seo, agus de ghnáth b’iad Paul Cullen, Dónal Ó Conaill nó na scoileanna náisiúnta a luaití agus meath na teanga á mhíniú. Ní hé sin an cur chuige atá ag Nicholas Wolf, áfach, sa leabhar tábhachtach nua seo leis, a léiríonn éirim agus géire intinne an údair.

In áit béim a chur ar chúlú mall réidh na Gaeilge ós na 1840idí ar aghaidh, insíonn seisean scéal difriúil ar fad, scéal a bhaineann le beatha agus beocht na teangan i dtreo dheireadh an ochtú haois déag agus as sin go ceann céad bliain.

D’fhonn láithreacht na teanga ar bhonn áitiúil a léiriú dúinn, baineann Wolf úsáid as foinsí de chineálacha éagsúla. Tosnaíonn sé leis an scoláire Protastúnach, Whitley Stokes, a mhaígh go raibh 2.4 milliún Gaeilgeoir in Éirinn i 1799. Cé gur fhoghlaim an-chuid díobh siúd an Béarla, níor thréig siad an Ghaeilge. Tagann fíricí úrnua ina slaoda chugainn sa leabhar seo. Deirtear linn, mar shampla, go dtugadh ministéirí Protastúnacha mar an tOirmhinneach Robert King, Dún Dealgan, óráidí as Gaeilge ar son an Chonallaigh sna 1840idí, óráidí a dhíríodh sé orthusan “nach dtuigionn acht fírbheagan de’n tSacs-Bhearla in air labhaireadh libh ceana…”

Cíortar stádas na teanga i réimse an chreidimh, ní hamháin anseo ach thar lear freisin, agus cuirtear in iúl dúinn gur foilsíodh leabhair dhiagachta trí mheán na Gaelainne i bPáras san ochtú aois déag, cé nach raibh Bíobla Caitliceach údarásach i nGaeilge ar fáil faoi 1842.

Ó thaobh na réabhlóide deabhóidí de sna 1850idí, ní chóir dúinn beag is fiú a dhéanamh de smaointe diagachta neamhspleácha na nGaeilgeoirí féin.

Níor chuir Cullen et al iachall ar na daoine seo glacadh leis an gCaitleachas nua Tridentine ón Mór-Roinn, cuirim i gcás. “Irish-language advocates of Tridentine-based reformed Catholicism can be found just as easily as those operating in an anglophone context.”

Luann Wolf foinsí Gaelacha ón ochtú aois déag, fiú, a bhain úsáid as coincheapanna Tridentine.

Amach ós na hábhair sin, féachtar ar cheist an aicmeachais sa Ghaeltacht mar a bhíodh. Arís eile, ní mar a shíltear a bítear, arsa Wolf. Ní foláir a aithint, a deir sé, nach tionóntaithe amháin a bhí i lucht labhartha na Gaeilge faoin tuath:

“Not all Irish-speaking voters were modest tenants. The large numbers of county votes prior to 1829 obscures what must have been a varied electorate among Irish speakers, a finding that becomes much clearer for the post-1829 restricted electorate subject to a £10 qualification in 1829 and £12 in 1850. The continued use of interpreters [i.e. le linn toghchán] after 1829 suggests the existence of a comfortably situated Irish-speaking electorate, an especially notable fact when one considers that the need for interpreters implies a monoglot or near monoglot voter.”

Agus é ag caint fé dheireadh ar scoláirí cosúil le Louis Cullen agus Maureen Wall, maíonn Wolf:

“Evidence of Irish speakers participating in the shaping of eighteenth-and nineteenth-century cultural and political processes demonstrates…that this was a speech community  that, so long as it existed, was fully capable of negotiating the changes shaping the Ireland that emerged at century’s end.”

Ní léir domsa, áfach, gurb ionann fianaise shoiléir ar úsáid na Gaeilge go forleathan agus cruthúnas go raibh ar chumas na teanga í féin a chur in iúl go beacht agus ceisteanna na linne sin á gcíoradh ag daoine. Díreofar ar an ngné sin den scéal ina chéad leabhar eile, b’fhéidir.

Fág freagra ar 'Éire na Gaeilge – athléamh ar stair na teanga'