Éire i gCorn Rugbaí an Domhain: 4 chluiche cáiliúla

Cuirfidh Éire tús lena bhfeachtas Chorn Rugbaí an Domhain inniu i gcoinne Cheanada. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chuid de na cluichí is mó cuimhne a bhí againn sa Chorn, idir mhaith agus olc

Éire 18 – 19 An Astráil – 1991

Ba iad na hAstrálaigh a thug an chéad bhlaiseadh dúinn den bhriseadh croí a bhí le teacht sna babhtaí ceathrú ceannais i gCorn an Domhain nuair a thug siad greadadh dúinn, 33-15, sna babhtaí céanna sa chéad comórtas i 1987. Bhí an chailliúint i 1991 níos measa, faraor, mar go raibh na hÉireannaigh i bhfoisceacht nóiméad de cheann de na buanna gan choinne is mó i stair an chomórtais.

Thosaigh an cluiche le troid ollmhór, Éire ag iarraidh a thaispeáint nach raibh siad chun tada éasca a thabhairt uathu. Bhí cur leis acu freisin, agus nuair a d’aimsigh Gordon Hamilton úd gan ach sé nóiméad fágtha, chuir sé an fhoireann baile trí phointe chun cinn. Faraor, bhí a ndóthain ama ag an Astráil ionsaí eile thosú. Bronnadh clibirt orthu cúig mhéadar amach agus as sin thug David Campese faoin líne agus cé go ndearnadh greamú air, bhí Michael Lynagh san áit cheart chun an liathróid a phiocadh suas, úd a scóráil agus an slua i mBóthar Lansdún a chur ina dtost.

Neil Best agus Denis Hickie i ndiaidh an chluiche i gcoinne na Seoirsia. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Neil Best agus Denis Hickie i ndiaidh an chluiche i gcoinne na Seoirsia. Pictiúr:
INPHO/Billy Stickland

Éire 14 – 10 An tSeoirsia – 2007

Seo an cluiche is fearr a thugann léargas dúinn ar an bpraiseach a rinne na hÉireannaigh dá bhfeachtas i 2007. 70-0 agus 63-14 na scóir a bhí idir na foirne sa dá chluiche a d’imir na foirne roimhe seo, Éire ag buachan an péire, ach ní raibh sé pioc chomh éasca dóibh an oíche sin i mBordeaux.

Chuaigh an tSeoirsia chun cinn go luath sa dara leath, 10-7, nuair a sciob Giorgi Shkinin pas ó Peter Stringer chun úd a scóráil. Cé gur scóráil Girvan Dempsey úd deich nóiméad ina dhiaidh, chaith na hÉireannaigh cuid mhaith den am a bhí fágtha ag cosaint a líne úid féin. Thrasnaigh na Seoirsigh an líne gan ach dhá nóiméad fágtha agus dhealraigh sé go raibh an cluiche buaite acu ach d’éirigh le Denis Leamy a chorp a chur idir an liathróid agus an talamh. Ba chuma bhí cúis náire cheana ag na hÉireannaigh.

Éire 15 – 6 An Astráil – 2011

Is iad na hAstrálaigh an freasúra is coitianta a bhí againn i gCorn an Domhain, muid ag casadh leo cúig huaire sa seacht gcomórtas a reáchtáladh. Roimh 2011, ba iad foirne na hAstráile a tháinig amach chun cinn i ngach ceann de na coimhlintí sin ach tháinig beagán feabhais ar imirt na hÉireann, go háirithe i 2003 nuair a chaill siad le haon phointe amháin, 17-16.

Ar deireadh, áfach, d’éirigh le Brian O’Driscoll agus a chomhghleacaithe an ceann is fearr a fháil ar na ‘Wallabies’ sa chomórtas ceithre bliana ó shin. Bhí ceannas iomlán ag tosaithe na hÉireann ar an bhfreasúra agus bhí Seán O’Brien agus Stephen Ferris ar fheabhas ar fad. Gan úd ar bith sa 80 nóiméad, bhí greamú Ferris ar Will Genia ar cheann de na híomhánna is mó a gcuimhnítear orthu ón mbua.

Mike Phillips ag ceiliúradh ag lán ama i gcoinne na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Mike Phillips ag ceiliúradh ag lán ama i gcoinne na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Éire 10 – 22 An Bhreatain Bheag – 2011

I ndiaidh an bhua sin agus tar éis dóibh críochnú ar bharr an ghrúpa den chéad uair riamh i gCorn an Domhain, cheap daoine go mbeadh foireann Declan Kidney in ann rud éigin speisialta a dhéanamh i gcomórtas na bliana sin. Faraor, chlis ar fgoireann na hÉireann sa mbabhta ceathrú ceannais arís.

Murab ionann agus an bua i gcoinne na hAstráile, ní raibh Éire in ann an lámh in uachtar a fháil ar chor ar bith ar thosaithe na Breataine Bige, rud a d’fhág nach riabh mórán spáis ag na cúlaithe ach an oiread. D’aimsigh Shane Williams an chéad úd den chluiche agus cé gur chothromaigh Keith Earls an scór le húd, thrasnaigh Mike Phillips agus Jonathon Davies an líne úid sa dara leath chun a chinntiú go ndíbreofaí Éire roimh an gcluiche leathcheannais uair amháin eile.

Fág freagra ar 'Éire i gCorn Rugbaí an Domhain: 4 chluiche cáiliúla'