Éire bailithe suas deich gcéim ar dhréimire FIFA

Tá foireann Martin O’Neill anois sa 23ú háit ar domhan, an rangú is airde a bhí acu le ceithre bliana anuas

Éire bailithe suas deich gcéim ar dhréimire FIFA

Seamus Coleman. INPHO/Ryan Byrne

Is iad Éire an 23ú foireann is fearr ar domhan faoi láthair, de réir rangú FIFA, a foilsíodh ar maidin.

Tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Ostair sa Vín cúpla seachtain ó shin, tá foireann Martin O’Neill 10 n-áit níos airde ná mar a bhí.

Tá foireann na hÉireann sa chéad áit i nGrúpa D sa chomórtas cáilithe do Chorn an Domhain 2018 agus gan aon cheann dá gcéad cheithre chluiche caillte acu.

Tá an fhoireann anois áit amháin chun cinn ar an Tuirc agus áit amháin taobh thiar den Ísiltír i rangú FIFA.

Fágann fógra an lae inniu go bhfuil Éire níos airde sa rangú ná mar a bhí siad aon uair le ceithre bliana anuas. Bhí siad sa 60ú háit nuair a ghlac Martin O’Neill ceannas ar an bhfoireann i mí na Samhna 2013.

Le linn ré Giovanni Trapattoni, d’éirigh le hÉirinn an 18ú háit a bhaint amach in 2012 nuair a cháiligh siad do Chraobh na hEorpa, ach d’imigh rudaí in olcas don Iodálach agus don fhoireann ina dhiaidh sin.

Ba é an séú háit, a bhain siad amach i 1993, an áit is airde riamh ag Éirinn i rangú FIFA.

De réir an rangaithe, a foilsíodh ar maidin, is í an Airgintín an fhoireann is fearr ar domhan fós, agus iad chun cinn ar an mBrasaíl sa dara háit agus an Ghearmáin sa tríú háit.

Tá an Bhreatain Bheag agus Sasana tite áit amháin sa rangú, agus iad sa 12ú agus 13ú háit faoi seach. Tá Tuaisceart Éireann ceithre áit níos airde ná mar a bhí agus iad anois sa 32ú háit, ach thit Albain deich n-áit go dtí uimhir 67.

Fág freagra ar 'Éire bailithe suas deich gcéim ar dhréimire FIFA'