Éileamh déanta ar an FSS seirbhís dochtúra Inis Meáin a chur ar fáil arís

Dúirt an Comhlacht Forbartha go bhfuil muintir an oileáin scanraithe go laghdófaí a leithéid de sheirbhís “gan aon idirbheartaíocht ná plé” leis an bpobal

Inis Meain

Tá Comhlacht Forbartha Inis Meáin ag éileamh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go ndéanfar an tseirbhís dochtúra a bhíodh ar fáil san oileán gach seachtain a chur ar fáil arís.

Bhíodh fáil ar dhochtúir in Inis Meáin gach maidin Luain ar feadh dhá uair an chloig. Crochadh nóta san ionad sláinte ar an oileán an tseachtain seo caite inar cuireadh in iúl do phobal an oileáin nach mbeadh aon fháil ar an tseirbhís sin feasta.

Dúirt an Comhlacht Forbartha go bhfuil muintir an oileáin “scanraithe” go laghdófaí a leithéid de sheirbhís “gan aon idirbheartaíocht ná plé” leis an bpobal.

Dar leis an gComhlacht Forbartha, bhí an tseirbhís dochtúra a bhí ar fáil ar an oileán sular fógraíodh nach mbeadh an dochtúir ann ar an Luan níos mó, “rótheoranta” mar a bhí. Bhí an tseirbhís ar fáil sé huaire an chloig in aghaidh na seachtaine thar thrí lá. Fágann fógra na seachtaine seo caite nach mbeidh an tseirbhís ar fáil anois ach ceithre huaire an chloig in aghaidh na seachtaine, ar an gCéadaoin agus ar an Aoine.

“Níl pobal Inis Meáin sásta glacadh leis an gcinneadh seo a bheag ná a mhór agus tá siad ag éileamh ar FSS a chinntiú go bhfuil cúram príomhúil sásúil ar fáil san oileán ag gach am,” a dúirt an Comhlacht Forbartha.

Tá an Seanadóir de chuid Shinn Féin do Ghaillimh Thiar, Trevor Ó Clochartaigh tar éis scríobh chuig an FSS leis an scéal a fhiosrú. Dúirt sé go bhfuil an tseirbhís “riachtanach” in oileán, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil pobal sách mór seandaoine ina chónaí ann.

“Mar is eol duit, tá bunseirbhísí dá leithéid riachtanach ar oileán, go háirithe nuair atá dhá scoil, monarcha amháin agus roinnt mhaith seandaoine ina gcónaí san oileán,” a dúirt sé.

D’iarr sé freisin ar an FSS an staid ina bhfuil cúrsaí in Inis Meáin faoi láthair a shoiléiriú agus eolas a sholáthar faoi cén uair a shásófaí éileamh phobal an oileáin maidir leis an tseirbhís dochtúra.

Fág freagra ar 'Éileamh déanta ar an FSS seirbhís dochtúra Inis Meáin a chur ar fáil arís'